Téamaí faoi thrácht

Scagadh ar rogha téamaí coitianta i logainmneacha na hÉireann. Foilsítear na blúirí eolais seo go tráthrialta.

Leathanach 4 as 5 ar ais ar aghaidh

Machaire na Gé/Magheranagay "machaire, talamh réidh, páirc ina bhfuil / mbíodh gé".

Dáta: 04/12/2023

Is cinnte gurb é an turcaí a bhíonn ar phríomhbhéile na Nollag in Éirinn le tamall de bhlianta anuas ach is nós é sin a tugadh isteach as tíortha eile agus ba í an ghé ba thábhachtaí roimhe sin. Is díol suntais, ina leith sin, nach neamhchoitianta tagairtí d'éin in ainmneacha na mbailte fearainn, agus go mbíonn an ghé le háireamh ina measc. Dá réir sin, tá Machaire na Gé/Magheranagay "machaire, talamh réidh, páirc ina bhfuil/ mbíodh gé" i gContae Mhaigh Eo, áit arb é 'Goose Park' a luaitear mar aistriúchán air in Tithe Applotment Book na bliana 1830 (féach logainm.ie: #35800). Tá Leacain na Gé/Lackenagea "taobh cnoic na gé" i gCorcaigh agus Lios na Gé/Lisnagea "ráth na gé" i gContae Liatroma. Is díol suime gur minic ainmhithe stoic a lua i logainmneacha atá ceangailte le lios, ráthráithín, focail ar tagairt do ghnéithe seandálaíochta gach ceann acu, agus bheadh le tuiscint uaidh sin gur mhinic a bhaintí 'athúsáid' astu nuair a bhí an bhunúsáid imithe i léig, e.g. Lios na nGabhar/Lisnagore "ráth na ngabhar"; Lios na mBó/Lisnamoe "ráth na mbó"; Lios na Muc/Lisnamuck "ráth na muc"; Lios na gCaorach/Lisnageeragh "ráth na gcaorach"; Lios na gCoiníní/Lisnagoneeny "ráth na gcoiníní"; Lios na Graí/Lisnagree "ráth na gcapall"; Lios an Eich/Lissaneagh "ráth an chapaill"; Ráth na Bó/Rathnabo "lios na bó"; Ráth na gCaorach/Rathnageeragh "lios na gcaorach"; Ráth na gCoinín/Rathnaconeen "lios na gcoinín"; Ráth an Eallaigh/Rathanally "lios an stoic". (Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Paróiste San Nioclás/Saint Nicholas

Dáta: 27/11/2023

Is cinnte gurb é San Nioclás an naomh is coitianta a cheangal le mí na Nollag in Éirinn faoin tráth seo. Dá ainneoin sin, ní bhíodh aon tagairt do Nioclás i seanfhéilirí na naomh sa tír seo ach is leis an ré tar éis theacht na Normánach a bhaineann gach tagairt don naomh i logainmneacha. Tá paróiste San Niocláis ó thuaidh de Dhroichead an Chaisleáin i Loch Garman agus ar bheagán den stair a fhiosrú, tugtar chun aire gur aistríodh ainm an pharóiste ó 'St. Nicholas's Priory' in Exeter Shasana, teach eaglasta ar thug David Roche, Angla-Normánach, fearann dó sa cheantar seo. Is tagairt an t-ainm don séipéal atá anois ina fhothrach ar a dtugtaí Temple-St Nicholas. Is léir ó struchtúr na Gaeilge ar an ainm 'Temple-St Nicholas' \ Teampall San Nioclás, leagan den ainm a bhfuil tuairisc air ón mbliain 1618, go bhfuil athghaelú le cur san áireamh tar éis don choilíniú tarlú ar dtús. Is fiú a thabhairt faoi deara gur tiomnaithe do San Nioclás a bhíodh séipéal paróiste na Carraige in aice le baile Loch Garman chomh maith agus go mbíodh na Róistigh i réim tráth san áit a bhfuil an dá shéipéal (féach logainm.ie: #2622; #2644). (Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Coill na Sián/Kilnashane “an choill ina bhfuil liosanna”

Dáta: 20/11/2023

I gcodarsnacht leis na sióga in Clonnasheeoge/Cluain na Sióg "páirc na sióg" agus Páirc na Sióg i Loch Garman, maille le Ballynasheeoge/Baile na Sióg "baile (fearainn) na sióg" i nGaillimh, ar annamh a luaitear go sainiúil iad i logainmneacha na mbailte fearainn, tá gné eile atá gaolmhar leis an bhfocal sin, sián (< síodhán) "lios (beag) de chuid na sióg", coitianta go maith in ainmneacha na mbailte fearainn, mar shampla Kilnashane/Coill na Sián "an choill ina bhfuil liosanna na síog" i gContae Laoise (féach logainm.ie: #27773). An Sián "lios na sióg" is bun le Shean i bPort Láirge agus i gCorcaigh; Shean in Ard Mhacha agus i bhFear Manach; Sheean i gCill Dara, i Luimneach, san Iarmhí, i Ros Comáin agus i gCeatharlach; Sheeaun i gContae an Chláir agus i nGaillimh; Sheehaun i Ros Comáin. Tá an focal céanna in Sheeanmore/An Sián Mór "lios mór na sióg"i gContae Mhaigh Eo agus i Sligeach, ainm a léiríonn go raibh an díspeagadh atá i gceist le sián "lios (beag) de chuid na sióg" imithe ó thuiscint. Ag teacht ar an gcás ón taobh eile, An Sián Beag "lios beag na sióg" an bun leis an leagan gallda Shanbeg i gContae Laoise. Os a choinne sin, ní cosúil gur comparáid idir dhá shián cóngarach dá chéile atá i gceist le, Shean Beg/An Sián Beag "lios na sióg, beag"agus Shean More/An Sián Mór"lios na sióg, mór", ar dhá bhaile fearainn atá ag síneadh lena chéile i gContae Phort Láirge seachas dealú i dhá bhaile fearainn faoi leith idir dhá réimse a bhíodh in aon bhaile fearainn amháin roimhe sin ar a dtugtaí An Sián "lios na sióg". Is furasta a thiocfadh duine amú maidir leis an ainm gallda Golashane i gContae na Mí ó tá dhá ainm faoi leith, Gabhla agus An Sián "lios na sióg", curtha ina chéile ann. Tá Sián "lios na sióg" ar fáil freisin i gcuid mhór ainmneacha bailte fearainn de leithéid Carrickateane/Carraig an tSiáin "carraig lios na sióg" i gContae Liatroma ina dtarlaíonn an tuiseal ginideach de sián "lios na sióg". Is díol suntais go bhfuil tagairt don sián "lios na sióg" in ainmneacha oiread sin bailte fearainn agus, ina ainneoin sin, an seantuiscint i seanchas na hÉireann ar na sióga dulta i léig chomh mór agus, go deimhin, beag is fiú á dhéanamh de in Éirinn.

Cluain na Sióg/Clonnasheeoge "páirc na sióg"

Dáta: 13/11/2023

Is dócha go bhfuil lorg Mheiriceá go tréan ar Samhain/Halloween le tamall de bhlianta anuas agus ní mórán a chloistear feasta faoi dhream amháin a bhíodh i gceist go minic le seanfhéile na Samhna in Éirinn san am a caitheadh---na sióga. De réir sheanchas na hÉireann, is mór an obair a bhíodh ar siúl ag na sióga aimsir na Samhna, ach is beag baile fearainn ina dhiaidh sin féin a luaitear go sonrach ina logainm iad. Tugtar san áireamh leis an líon sin Clonnasheeoge/Cluain na Sióg "páirc na sióg" (féach logainm.ie: #52570) chomh maith le Parknashoge/Páirc na Sióg i gContae Loch Garman (féach logainm.ie: #52864). Is fiú ainm baile fearainn atá imithe as úsáid anois in aice le Ráithín Cuilinn i gContae Loch Garman a lua freisin, eadhon, Raheneshioge/Ráithín na Sióg "lios beag na sióg". Is cosúil go mbíodh cuid mhaith seanchais faoi na sióga i réimsí áirithe de Chontae Loch Garman tráth. In áiteanna eile sa tír, tá Ballynasheeoge/Baile na Sióg "baile (fearainn) na sióg" i nGaillimh agus na hainmneacha Béarla Fairyhill i gContae an Chláir, Fairyhall i Luimneach agus Fairy Island i Sligeach, ach níl an fhianaise ar fáil sna cásanna sin a thabharfadh le fios an ceapadóireacht as an nua i mBéarla atá i gceist leo nó aistriúchán ar bhunainmneacha Gaeilge.

Gleann na bhFuath/Glennawoo "gleann na n-arrachtach"

Dáta: 06/11/2023

Is dócha go bhfuil athrú mór tagtha ar an tuiscint atá ag an Éireannach ar Shamhain/Halloween le himeacht na mblianta agus is dócha gur mó go mór atá neacha agus gnéithe uafásacha á gceangal leis anois seachas mar a bhíodh i gceist le seantuiscint na nGael. Mar sin féin, bhíodh neacha uafásacha i gceist sa seanreacht freisin, agus is beag ainm ar bhaile fearainn is fearr mar shampla de sin ná Glennawoo/Gleann na bhFuath "gleann na n-arrachtach" in aice le Loch Tailt agus Sliabh Gamh i Sligeach (féach logainm.ie: #45661). Tugtar tuairisc ar sheantuiscint amháin faoin ainm sin in History of Sligo: Town and County iii le W. G. Wood-Martin:

The tradition is, that the valley in which the well is situated was the haunt of a monster in the shape of a great serpent that devoured or destroyed every human being or animal within reach, and hence the name of the Glenn. But a delivery arrived in the person of St. Athy or Araght [Athracht] ... bringing a blessed staff given to her by St. Patrick, with which she pursued and killed the monster on the spot where the well sprang up (l. 357; féach anseo).

Goirtín na Samhna/Gurteennasowna “páirc bheag (fhéile) na Samhna”

Dáta: 30/10/2023

Nuair atá tús anois le Mí na Samhna, is tráthúil aird a thabhairt ar an logainm Gurteennasowna/Goirtín na Samhna "páirc bheag na Samhna" i gCorcaigh (féach logainm.ie: #9912). I nóta a bhreac Seán Ó Donnabháin, fear logainmneacha, sa bhliain 1841 nuair a bhí an Suirbhé Ordanáis ar siúl, luaitear: ‘Some sports carried on here on Saman’s day [Halloween]’. Cé nach raibh an Donnabhánach féin i gCorcaigh tráth a raibh an suirbhé sin ar siúl, déantar tagairt go soiléir sa nóta don nós imeachtaí spóirt agus eile a thionól aimsir na Samhna. Ar an gcuma chéanna, ag tagairt dó do Knocknasawna/Cnoc na Samhna i gContae Liatroma, áit a shiúil an Donnabhánach féin, bhreac sé "hill of all-hollowtide -- meeting or sports here at the season".

Carraig Shamhna/Carrickhawna “carraig (atá ceangailte le féile) na Samhna”

Dáta: 23/10/2023

Ag teannadh dúinn le deireadh ráithe an fhómhair, is gearr uainn Samhain "haloween", an fhéile Ghaelach óna n-ainmnítear, Mí na Samhna. Níl Samhain chomh coitianta sin ar chor ar bith in ainmneacha na mbailte fearainn, ach is díol spéise sampla amháin, Carrickhawna/Carraig Shamhna i Sligeach (féach logainm.ie: #44706). Breacadh nóta sa bhliain 1838 in Ainmleabhar Paróiste na Suirbhéireachta Ordanáis ina luaitear maidir leis an ionad seo (cnoc): "A little before November the old men (time out of mind) used to assemble here to settle their little affairs for the ensuing half year". Tá cosúlacht idir sin agus seanghnás na nGael anallód aonach a thionól ar thaobh cnoic, faoi mar a thuairiscítear in Discourse on the mere Irish of Ireland (féach: https://research.ucc.ie/celt/document/E600001-004), ó dheireadh an séú céad déag nó tús an seachtú céad déag, ar léir air nach rógheal a bhí an t-údar do sheanmhodh saoil mhuintir na hÉireann:

First for their consultacions those are onely done in their meetinges vpon some hill or other. And this hath beene soe much in vse amongst them, as euen at this daie all or most of the sheriffs of that kingdome in Imitacion thereof doe keepe their twoe (turne) courtes, and their County courts upon hilles and such open places, in the open feildes Theis meetinges and assemblies vpon hills doe often occasion manie euills and enormities for howsoeuer theis meetinges be pretended for some publique goodes, It is experienced that the opposite contrary doth commonly followe, for that the oportunitie of theis remote places doth possesse them with a conceite of Secrecy, to smother their designes the Better, soe as they may deliuer their mindes there with more libertie and freedome, and effect their purpose with less suspicion [than if] their metinges and assemblies had beene in townes, and thus all their conspiracies, coniuracions and treasons are vsually plotted, prepared and concluded for which cause, and for that theis assemblies are commonly vnlawful when they be not guided by supreme Authority. It is very necessary they should be straightly forbidden and seuerallie punished and the rather that they be but obseruacions of the meare Irishe (l.20)

Garrán an Cheoil/Garranachole “an garrán ina mbíonn an ceol”

Dáta: 16/10/2023

Tráth a gcuirtear tús le Féile Ceoldrámaíochta Loch Garman, an tseachtain deiridh de mhí Deireadh Fómhair, is deas a thabhairt faoi deara go dtagann an ceol freisin i gceist le cúrsaí logainmníochta in Éirinn. I gCorcaigh, tugtar an leagan gallda Garranachole ar an mbunainm Garrán an Cheoil (féach logainm.ie: #35072) agus, i gContae Mhaigh Eo, tá Musicfield ina aistriúchán ar an mbunainm Gort an Cheoil. Tá ainm cnoic, Knockaceol, i Luimneach bunaithe ar an ainm Cnoc an Cheoil, agus tarlaíonn Mountmusic i gCorcaigh mar mheathaistriúchán ar Cnoc Amhráin. Ar an oileán Cruit/An Chruit amach ó chósta Dhún na nGall, faightear Tobernanoran ar an mbunainm Tobar na nAmhrán agus b'fhéidir, ar feadh coicíse i ndeireadh mhí Dheireadh Fómhair ar chaoi ar bith, gur féidir linn Tobar na nAmhrán a cheapadh le Loch Garman chomh maith.

Buaile na mBriogadán/Ballynabrigadane “buaile na gcoinleach”

Dáta: 09/10/2023

Agus sinn ag teannadh le deireadh ráithe an fhómhair i mí Deireadh Fómhair "(deireadh (thréimhse) an fhómhair", is fiú a thabhairt faoi deara go dtagraítear do choinleach in ainmneacha líon áirithe bailte fearainn. Áit amháin ina bhféadfadh sin a bheith i gceist is ea* Ballynabrigadane*/Buaile na mBriogadán i gContae Loch Garman (féach logainm.ie: #52568). D'fhéadfadh freisin, ar ndóigh, gur brí eile atá leis an dara cuid den ainm, briogadán, sa chás seo, "soipíní tuí nó maidí beaga a mbeifí ag spraoi leo mar lasóga", nó tagairt b'fhéidir do 'Liam na Sopóige', a tharlaíonn go nádúrtha i dtailte portaigh, réisc nó eanaigh. Is díol spéise go luaitear barrithir de chineál móintí agus ithir 'lochmhá' a bheith ar fáil sa bhaile fearainn seo, ní a bheadh ag teacht lena bheith ina riasc nó ina mhóinteach sula ndearnadh a dhraenáil.

Cnoc an Fhómhair/Knockanore Mountain “an cnoc atá ceangailte leis an bhfómhar”

Dáta: 02/10/2023

Deireadh ráithe an fhómhair” atá i gceist le hainm na míosa, Deireadh Fómhair, agus is tráthúil dá réir sin a thabhairt chun aire nach róchoitianta an focal fómhar (an tráth de bhliain nó toradh saothair na curaíochta etc.) i logainmneacha na hÉireann ach gurb é atá ar fáil sa bhun le Knockanore Mountain, eadhon, Cnoc an Fhómhair, atá ar chnoc i gCiarraí.

Leathanach 4 as 5 ar ais ar aghaidh