Téamaí faoi thrácht

Scagadh ar rogha téamaí coitianta i logainmneacha na hÉireann. Foilsítear na blúirí eolais seo go tráthrialta.

Leathanach 5 as 5 ar ais

Garrán an Cheoil/Garranachole “an garrán ina mbíonn an ceol”

Dáta: 16/10/2023

Tráth a gcuirtear tús le Féile Ceoldrámaíochta Loch Garman, an tseachtain deiridh de mhí Deireadh Fómhair, is deas a thabhairt faoi deara go dtagann an ceol freisin i gceist le cúrsaí logainmníochta in Éirinn. I gCorcaigh, tugtar an leagan gallda Garranachole ar an mbunainm Garrán an Cheoil (féach logainm.ie: #35072) agus, i gContae Mhaigh Eo, tá Musicfield ina aistriúchán ar an mbunainm Gort an Cheoil. Tá ainm cnoic, Knockaceol, i Luimneach bunaithe ar an ainm Cnoc an Cheoil, agus tarlaíonn Mountmusic i gCorcaigh mar mheathaistriúchán ar Cnoc Amhráin. Ar an oileán Cruit/An Chruit amach ó chósta Dhún na nGall, faightear Tobernanoran ar an mbunainm Tobar na nAmhrán agus b'fhéidir, ar feadh coicíse i ndeireadh mhí Dheireadh Fómhair ar chaoi ar bith, gur féidir linn Tobar na nAmhrán a cheapadh le Loch Garman chomh maith.

Buaile na mBriogadán/Ballynabrigadane “buaile na gcoinleach”

Dáta: 09/10/2023

Agus sinn ag teannadh le deireadh ráithe an fhómhair i mí Deireadh Fómhair "(deireadh (thréimhse) an fhómhair", is fiú a thabhairt faoi deara go dtagraítear do choinleach in ainmneacha líon áirithe bailte fearainn. Áit amháin ina bhféadfadh sin a bheith i gceist is ea* Ballynabrigadane*/Buaile na mBriogadán i gContae Loch Garman (féach logainm.ie: #52568). D'fhéadfadh freisin, ar ndóigh, gur brí eile atá leis an dara cuid den ainm, briogadán, sa chás seo, "soipíní tuí nó maidí beaga a mbeifí ag spraoi leo mar lasóga", nó tagairt b'fhéidir do 'Liam na Sopóige', a tharlaíonn go nádúrtha i dtailte portaigh, réisc nó eanaigh. Is díol spéise go luaitear barrithir de chineál móintí agus ithir 'lochmhá' a bheith ar fáil sa bhaile fearainn seo, ní a bheadh ag teacht lena bheith ina riasc nó ina mhóinteach sula ndearnadh a dhraenáil.

Cnoc an Fhómhair/Knockanore Mountain “an cnoc atá ceangailte leis an bhfómhar”

Dáta: 02/10/2023

Deireadh ráithe an fhómhair” atá i gceist le hainm na míosa, Deireadh Fómhair, agus is tráthúil dá réir sin a thabhairt chun aire nach róchoitianta an focal fómhar (an tráth de bhliain nó toradh saothair na curaíochta etc.) i logainmneacha na hÉireann ach gurb é atá ar fáil sa bhun le Knockanore Mountain, eadhon, Cnoc an Fhómhair, atá ar chnoc i gCiarraí.

Ard an tSeagail/Ardataggle “talamh ard atá faoi sheagal”

Dáta: 25/09/2023

Is minice freisin seagal a lua i logainmneacha na mbailte fearainn ná cruithneacht cé nach dtarlaíonn sé chomh coitianta céanna le eorna é in ainmneacha den sórt sin. Ard an tSeagail an bun atá leis an leagan gallda Ardataggle i gContae Laoise agus i gContae an Chláir. Talamh ard atá i gceist freisin le Knockataggle/Cnoc an tSeagail ach, tríd is tríd, ní cosúil go dtarlaíonn seagal a lua baileach chomh minic le eorna i logainmneacha ag tagairt do chnoic nó do chnocáin. Go deimhin, tá Pollataggle i nGaillimh agus Poulataggle ar fáil freisin, más logán nó linn atá i gceist leis an bhfocal tosaigh san ainm Poll an tSeagail. Talamh íseal atá i gceist chomh maith leis an ainm Srahataggle/Sraith na tSeagail “léana, inse an tseagail” i gContae Mhaigh Eo. Tagairt do na páirceanna ina mbíodh an barr á fhás atá i gceist le roinnt bailte fearainn a luaitear seagal ina n-ainm, mar shampla Cappataggle/Ceapaigh an tSeagail “áit curaíochta an tseagail” i nGaillimh agus Gortataggle/Gort an tSeagail “páirc atá faoi sheagal” i gContae Liatroma. Aistriúchán Ryefield i gCorcaigh ar Ghort an tSeagail ach, i gcás Ryefield i gContae an Chabháin, Achadh an tSeagail “páirc atá faoi sheagal” an bun maidir leis an leagan Béarla céanna sin. Bíodh sin amhlaidh, is cinnte go bhfuil Ballyguileataggle i Luimneach ar cheann de na hainmneacha ar bhailte fearainn is neamhchoitianta a bhfuil seagal ann, Baile Gaill an tSeagail “baile Ghall an tSeagail (i.e. an t-eachtrannach a bhfuil baint aige leis an seagal)”.

Ceapach na hEorna “ionad curaíochta na heorna”

Dáta: 18/09/2023

Cappaghnahoran/Ceapach na hEorna “ionad curaíochta na heorna” i gContae Laoise ar cheann de na bailte fearainn in Éirinn a bhfuil tagairt don eorna ina n-ainm. Is léir gur malairt ainm, ón ochtú aois déag, atá i gceist leis an logainm Béarla Windsor.

Mar a tharlaíonn maidir le coirce, is coitianta go mór an focal eorna i logainmneacha na hÉireann ná an focal cruithneacht “wheat”, léiriú ar an tábhacht a bhíodh leis an eorna in aiste bia na nÉireannach (féach logainm.ie #27806). Ó thaobh réimsí tíre, tagtar trasna ar an bhfocal i logainmneacha ó thuaidh, ó dheas, thiar agus thoir agus is deacair dá réir sin a dhéanamh amach an mbíodh saothrú níos tréine ar an mbarr i réigiúin seachas a chéile. Tá Craiginorne/Creag na hEorna “talamh cloiche na heorna” i gContae Aontroma, Carricknahorna/Carraig na hEorna i Sligeach agus Creggaunnahorna/Creagán na hEorna “talamh cloiche na heorna” i gContae Mhaigh Eo. Díol suntais, mar a tharlaíonn maidir le coirce, gur talamh ard atá i gceist le cuid mhór de na logainmneacha ina luaitear eorna, mar shampla Barleyhill i gCorcaigh, aistriúchán simplí ar Chnoc na hEorna. Cnoc na hEorna is bun freisin le Knocknahorn i dTír Eoghain, Knocknahorna i dTír Chonaill agus i Maigh Eo agus Cnocán na hEorna an bun atá le Knocknahorna in Uíbh Fháilí. Tagairt do thalamh ard atá freisin i Maulnahorna i gCorcaigh agus i gCiarraí, Meall na hEorna “maolán na heorna” an bun sa chás sin agus an fhoirm dhíspeagtha Millín na hEorna “maolán beag na heorna” atá i gceist le Milleennahorna, ainm atá ar dhá bhaile fearainn eile i gCorcaigh. Is tagairt d'áit ard Cronyhorn/Corrán na hEorna “cnocán maol nó imeall starrach ar a saothraítear eorna” i gCill Mhantáin, ach tagtar trasna ar eorna freisin, cé nach chomh minic céanna é, i gcom, mar shampla Coomnahorna/Com na hEorna “logán na heorna”.

Gort an Choirce “an pháirc atá faoi choirce”

Dáta: 11/09/2023

Ag cloí le téama an fhómhair i rith mhí Meán Fómhair, “lár ráithe an fhómhair”, is cinnte go bhfuil Gort an Choirce “an pháirc atá faoi choirce”, ar chaith cuid mhór daoine tréimhse i nGaeltacht Thír Chonaill i rith laethanta a n-óige, ar cheann de na logainmneacha is coitianta atá ar eolas ag daoine ina bhfuil tagairt don choirce (féach logainm.ie: #14446). Is mar a chéile díreach an t-ainm a chuirtear faoi chló Gortahork i mBéarla agus a chuirtear faoi chló Gortacorka i gContae Liatroma agus Oatfield i gContae an Chláir. “an pháirc atá faoi choirce” a chiallaíonn Aghincurk/Achadh an Choirce i gContae Aontroma freisin. Is meathaistriúchán Oatfield i gContae na Gaillimhe ar Chorr an Choirce “cnocán maol an choirce”, an bunainm céanna, mar a tharlaíonnn, atá le Corrycorka i gContae an Longfoirt. Cnoc an Choirce an bunús atá le Knockhurka i Sligeach agus le Knockaquirk i gCill Mhantáin agus is tagairt Taobh an Choirce/Tiveachorky “taobh cnoic atá faoi choirce” i nDún na Gall freisin don ghnás coirce a chur ar thalamh ard, mar is ea freisin is dócha Tomacork/Tom an Choirce “tor, cnocán an choirce” i gCill Mhantáin. Ní ar thailte arda ina dhiaidh sin a shaothraítí an coirce i ngach cás, mar tá Inchincurka/Inse an Choirce “léana an choirce” i gCorcaigh. Tá Coolacork/Cúil an Choirce “cluanóg, lúb an choirce” i gCill Mhantáin agus Tirchorka/Tír an Choirce “talamh an choirce” i gContae na Mí.

Corrán na Cruithneachta/Whitewell “an cnoc maol a bhíonn faoi chruithneacht”.

Dáta: 04/09/2023

Ag tús mhí Meán Fómhair, an mhí láir i ráithe an fhómhair, is fiú a thabhairt faoi deara a laghad bailte fearainn in Éirinn a luaitear cruithneacht “wheat” iontu i gcomparáid le coirce “oats”, eorna “barley” nó seagal “rye”. Tá le tuiscint go soiléir uaidh sin go mba thábhachtaí barra eile ná an chruithneacht in aiste bia na nGael san am a caitheadh.

Ar cheann de na logainmneacha ina bhfuil tagairt don chruithneacht, tá Córrán na Cruithneachta “cnocán maol nó imeall starrach ar a saothraítear an chruithneacht" in aice le Cam Eolaing, Contae Loch Garman, cé go bhfuil sin ceilte ag ainm Béarla nach bhfuil ceangailte leis, Whitewell, tagairt do thobar beannaithe sa bhaile fearainn (féach logainm.ie #52805). Baile fearainn eile a bhfuil tagairt ina ainm don chruithneacht is ea Tullanacrunat/Tulaigh na Cruithneachta “cnocán na cruithneachta” i Muineachán, agus tá Tullycreenaght/Tulaigh Chruithneachta “dromainn na cruithneachta” agus Wheathill/Gort na Cruithneachta “páirc atá faoi chruithneacht” (féach logainm.ie: #63034; #59256) ar fáil i gCúige Uladh chomh maith. Páirtaistriúchán ar an ainm Gaeilge Gort na Cruithneachta “an pháirc atá faoi chruithneacht” atá san ainm Béarla Wheathill i bhFear Manach (féach seo. Is suntasach an rud maidir le bailte fearainn a luaitear cruithneacht ina n-ainm go mbaineann siad le réimsí arda talún; d'fhéadfadh gur mar gheall gur fearr a fhásann an chruithneacht in áit atá oscailte dea-dhraenáilte a tharlaíonn sin.

Áit Tí na Scoile/Attinaskollia “an áit ina bhfuil an teach scoile”

Dáta: 28/08/2023

Anois agus deireadh ag teacht le laethanta saoire an tsamhraidh, is tráthúil aird a thabhairt ar ainmneacha na mbailte fearainn Attinaskollia/Áit Tí na Scoile i gContae Mhaigh Eo agus Tinnascolly/Tigh na Scoile i gCill Chainnigh. Díol spéise nach bhfuil aon tuairisc eile againn ar theach scoile i gceachtar den dá áit seo agus gurb iad na logainmneacha féin an t-aon fhianaise go raibh a leithéid le fáil iontu. Is minic logainm a thagairt do ghnéithe, idir shaorga agus aiceanta, nach bhfuil a rian le sonrú sa taobh tíre a thuilleadh. I gcás Áit Tí na Scoile agus Tigh na Scoile téann an fhianaise stairiúil siar go dtí na blianta 1617 agus 1567 faoi seach; dá bhrí sin is léir gur scoileanna iad seo a bunaíodh i bhfad roimh chóras na Scoileanna Náisiúnta a thug Rialtas na Breataine isteach i rith na 1830í. Tuilleadh eolais anseo agus anseo.

/Louth

Dáta: 21/08/2023

"In Dictionary of the Irish Language (dil.ie), déantar an focal Sean-Ghaeilge Lugnasad a mhíniú mar Festival of Lug, Lammas, first of August, agus is as Lugnasad a thagann mí Lúnasa; mí fhéile Lugh, sa Nua-Ghaeilge. Mar dhuine de phríomhphearsana mhiotaseolaíocht dhúchasach na hÉireann bheifí ag súil go mbeadh a ainm, Lugh, le feiceáil go minic i mbailte fearainn na hÉireann agus i logainmneacha eile in Éirinn, ach is léir nach bhfuil sé sin amhlaidh. Mar sin féin, tá aithne fhorleathan ar an logainm a bhfuil a ainm inti. Is í an bhunfhoirm Ghaeilge luath de Lughmhadh (gin. Lughmhaidh), comhfhocal de Lugh + madh, ach níl brí na gné deiridh de soiléir. Is léir, áfach, gur fuaimníodh é mar ón ochtú haois déag i leith ar a laghad, agus tháinig an fhoirm chaighdeánach Ghaeilge den logainm inniu as sin. Ceaptar go minic gur as comhfhocal de Lugh + maigh (má) é, ach cuireann an fhianaise iomlán don logainm seo in aghaidh a leithéid de bhrí.

Leathanach 5 as 5 ar ais