Corrán na Cruithneachta/Whitewell “an cnoc maol a bhíonn faoi chruithneacht”.

Dáta: 04/09/2023

Ag tús mhí Meán Fómhair, an mhí láir i ráithe an fhómhair, is fiú a thabhairt faoi deara a laghad bailte fearainn in Éirinn a luaitear cruithneacht “wheat” iontu i gcomparáid le coirce “oats”, eorna “barley” nó seagal “rye”. Tá le tuiscint go soiléir uaidh sin go mba thábhachtaí barra eile ná an chruithneacht in aiste bia na nGael san am a caitheadh.

Ar cheann de na logainmneacha ina bhfuil tagairt don chruithneacht, tá Córrán na Cruithneachta “cnocán maol nó imeall starrach ar a saothraítear an chruithneacht" in aice le Cam Eolaing, Contae Loch Garman, cé go bhfuil sin ceilte ag ainm Béarla nach bhfuil ceangailte leis, Whitewell, tagairt do thobar beannaithe sa bhaile fearainn (féach logainm.ie #52805). Baile fearainn eile a bhfuil tagairt ina ainm don chruithneacht is ea Tullanacrunat/Tulaigh na Cruithneachta “cnocán na cruithneachta” i Muineachán, agus tá Tullycreenaght/Tulaigh Chruithneachta “dromainn na cruithneachta” agus Wheathill/Gort na Cruithneachta “páirc atá faoi chruithneacht” (féach logainm.ie: #63034; #59256) ar fáil i gCúige Uladh chomh maith. Páirtaistriúchán ar an ainm Gaeilge Gort na Cruithneachta “an pháirc atá faoi chruithneacht” atá san ainm Béarla Wheathill i bhFear Manach (féach seo. Is suntasach an rud maidir le bailte fearainn a luaitear cruithneacht ina n-ainm go mbaineann siad le réimsí arda talún; d'fhéadfadh gur mar gheall gur fearr a fhásann an chruithneacht in áit atá oscailte dea-dhraenáilte a tharlaíonn sin.