Téamaí faoi thrácht

Scagadh ar rogha téamaí coitianta i logainmneacha na hÉireann. Foilsítear na blúirí eolais seo go tráthrialta.

Leathanach 1 as 5 ar aghaidh

Tránna, aiteann agus aistriúcháin.
Baile na Trá/Ballytra “town(land) of/at the strand”
(féach logainm.ie #
53644)

Dáta: 15/07/2024

Táimid anois sa mhí dheireanach de shamhradh na hÉireann, agus fonn ar a lán againn bualadh cois farraige. Dá bhrí sin is mithid cúpla ainm baile fearainn a phlé a dhéanann tagairt don trá. Díol spéise gur minicí baile “town(land)” ná aon eilimint aicmithe eile in éineacht le trá: tá Baile na Trá “the town(land) of/at the strand, beach” béarlaithe mar Ballynatra in ainm dhá bhaile fearainn i gContae Chorcaí (logainm.ie #8610; #9396), mar Ballintra [East, West] sa chontae céanna (logainm.ie #12402; #12403); mar Ballynatray [Demesne] i gContae Phort Láirge (logainm.ie #50671) agus mar Ballytra i gContae Loch Garman (logainm.ie #54187). Tá na bailte fearainn seo go léir suite ar chósta an Atlantaigh, seachas an sampla i gContae Phort Láirge atá cois taobh bhéal na hAbhann Duibhe. Dá mbeadh fonn ar dhuine snámh in uisce bog Mhuir Bhreatain ní fearr d’áit ná Baile na Trá gar do Ghuaire i gContae Loch Garman (logainm.ie #52979; #52752), ar a dtugtar Ballinatray as Béarla. Tá an baile fearainn mór sin roinnte ina dhá aonad riaracháin, mar atá Baile na Trá Íochtarach agus ~ Uachtarach [Ballinatray Lower, ~ Upper]. Ait le rá, tá Baile na Trá Uachtarach scoite amach ar fad ón bhfarraige, taobh thiar de Shéipéal na hAbhann; is í an trá atá i gceist ná trá mhór Bhaile na Cúirte, atá suite i mBaile na Trá Íochtarach de réir an tseanchórais riaracháin oifigiúil. (De réir an chórais chéanna, is i mBaile na Trá Íochtarach atá an chuid is mó de shráidbhaile Bhaile na Cúirte suite freisin, agus tá baile fearainn Bhaile na Cúirte féin ar an taobh thuaidh de Abhainn an Bharra.)
Agus féach gurb é an leagan Gaeilge den logainm is mó a tharraingeodh daoine i dtreo Baile na Trá (logainm.ie #55358), lastuaidh de Chuan an Bhriotáis i gContae Chill Mhantáin, chun na blaincéid a leathadh lá gréine — chuirfeadh an t-ainm Béarla Furzeditch .i. ‘Clais an Aitinn’ na fámairí ó dhoras! Ó thaobh an Bhéarla de, tá an baile fearainn Strandtown, ar thaobh Chontae an Dúin de Bhéal Feirste (logainm.ie #1413299; féach freisin placenamesni.org s.n. Strandtown), scoite ón gcósta anois faoi mar a chonaiceamar le Baile na Trá Uachtarach i gContae Loch Garman. Tá bunús Béarla le Strandfield lasmuigh de bhaile Loch Garman freisin — tabhair faoi deara go bhfuil an t-aistriúchán a mholtar sa chás sin, mar atá Gort na Trá “the field of the strand” (logainm.ie #54519), le fáil mar logainm dúchasach dar foirm bhéarlaithe Gortnatraw [North] (logainm.ie #15822) i gContae Dhún na nGall.

Bhí neart áiteanna in Éirinn do lucht bolg le gréin, is léir, agus is dócha go raibh fothain is foscadh ón teas le fáil freisin, in áiteanna amhail Doirín na Trá “the little (oak-)grove, wood of/at the strand” (#13373) lastoir den Scoil i gContae Chorcaí.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Tromáin, aistriúcháin agus Meathas Troim.
Baile an Tromáin/Ballytramon “the town(land) of/at the dwarf-elder”
(féach logainm.ie #
53644)

Dáta: 08/07/2024

Phléamar an trom in ainmneacha bailte fearainn an tseachtain seo caite; anuas air sin tá corrthagairt againn don tromán “dwarf elder-tree”. Ar na samplaí is soiléire tá Baile an Tromáin/Ballytramon “the town(land) of/at the dwarf-elder” (logainm.ie #53644) in aice Dhroichead an Chaisleáin i gContae Loch Garman. Cé go raibh ainm an mhí-áidh ag roinnt leis an trom, mar a luamar cheana, ar a laghad tá a bhláth agus a thoradh inite — ní hionann is an tromán.
Ach tá brí eile a d’fhéadfadh a fháscadh as tromán i logainmneacha, mar atá forbairt áitreabhach ar trom féin, mar atá trom + -án sa bhrí ‘áit ina bhfásann an trom’. Cé nach bhfuil an taighde córasach curtha i gcrích fós ar na logainmneacha béarlaithe Tromman (logainm.ie #39161) i gContae na Mí agus Tromaun (logainm.ie #44252) i gContae Ros Comáin, tugann a bhfuil d’fhianaise againn le fios go dtagann siad araon ó An Tromán. D’fhéadfadh sé gur crann tromáin a bhí i gceist sa dá logainm, gan amhras, ach bheadh ciall freisin le míniú Sheáin Uí Dhonnabháin, scoláire Gaeilge de chuid an chéad Suirbhéireacht Ordanáis: ‘place abounding in elder trees’ agus ‘place where the elder or bore tree grows’ faoi seach. Tá éiginnteacht ag baint leis an logainm caighdeánach Béarla Alderborough i gContae Uíbh Fhailí chomh maith, sa mhéid is go dtugann an fhianaise luath le fios nárbh é Brl. alder ‘crann fearna’ a bhí i gceist ó cheart ach Brl. elder ‘crann troim’: foirmeacha luatha amhail ‘Elderborough’ (1797) a thug ar an gCoimisiún Logainmneacha an t-aistriúchán Baile an Troim a mholadh mar leagan oifigiúil Gaeilge (logainm.ie #42045).
Chonaiceamar cheana gur cuireadh nósanna éagsúla béarlaithe i bhfeidhm ar logainmneacha Gaeilge na hÉireann. Ar na samplaí flúirseacha de logainm úrnua Béarla a theacht in ionad logainm sheanbhunaithe Ghaeilge tá Edgeworthstown i gContae an Longfoirt. Sa taobh seo tíre ba le Muintir Fhearaíl an chuid is mó den talamh thar na cianta, nó gur díshealbhaíodh iad de réir a chéile le linn ré na Nua-Ghall. Gabhadh tailte ar an taobh thuaidh den áit a bhfuil Edgeworthstown inniu agus bronnadh iad ar Daniel Gookin i 1622 (Calendar of Patent Rolls, lch. 511). Ina dhiaidh sin tháinig Francis Edgeworth i seilbh orthu, agus nuair a fuair seisean bás i 1627 bronnadh iad ar a mhac John (Inq. Car. I 4; féach Ionchoisní Chúige Laighean). Tá an John seo (agus é anois ina ‘Capt. John’) ainmnithe mar shealbhóir na dtailte mórthimpeall i ‘Census’ na bliana 1659. Ach is cosúil gur Edward Nugent a bhí i seilbh na háite darb ainm Edgeworthstown inniu féin anuas go dtí na 1650í (logainm.ie #1412094; #32971): bhí ‘Mostrim’, ainm béarlaithe na háite ag an am, i measc tailte a gabhadh le linn na gCromalach agus a bronnadh ar ‘Sir James Shaen knt., Major Rob. Edgwoorth, and Wm. Hoey esq.’ (Acts of Settlement and Explanation, lch. 179). Ní léir cén gaol a bhí ag an ‘Major Rob. Edgwoorth’ seo leis an gCaptaen John Edgeworth thuasluaite, ach ar aon chuma, faighimid an chéad tagairt do ‘Edgeworth Town’ mar ainm an bhaile i 1682. Tá an leagan béarlaithe eile úd ‘Mostrim’ in úsáid in ainm an chlub CLG anseo. Go deimhin, b’shin é ainm oifigiúil an bhaile a bhí in úsáid ó bhlianta beaga an tSaorstáit go dtí gur tugadh ‘Edgeworthstown’ ar ais i 1974 (féach I.R. 166/1974). Is cosúil gurb éard atá sa bhunleagan Gaeilge Meathas Troim, logainm a thugann sinn ar ais go dtí an trom. (Tá ‘Meathas Truim’ fós in úsáid mar ainm oifigiúil ‘Béarla’ ar an toghroinn (#1373858)!) Tá an chéad eilimint meathas an-neamhchoitianta agus ní léir a bhrí: ‘legal term of doubtful meaning; a frontier, march, space of unappropriated ground between two territories’ (eDIL s.v. methas). Míniú amháin a d’fhéadfaí a mholadh is ea Meathas Troim “frontier of/at (the) elder-tree”.
tromán le fáil mar aicmitheoir freisin i roinnt logainmneacha i Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, mar théarma ar shrutháin áirithe a ritheann tríd an mbratphortach a chlúdaíonn na sléibhte eibhir úd — is cinnte nach iad Sambuca nigraSambuca ebulus atá faoi thagairt. Tá tuilleadh dianscrúdaithe idirdhisciplínigh ag teastáil chun bunús na heiliminte sa sainchomhthéacs seo a dheimhniú, mar a mhínítear sa chuntas is déanaí ar logainmneacha an cheantair sin (Mionlogainmneacha de bhunús Gaeilge i ngleannta Chontae Bhaile Átha Cliath (2024)).

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Baile an Troim, bláthanna an troim, píobaireacht agus líomanáid.
Baile Átha Troim/Trim “town of/at (the) ford of (the) elder-tree”
(féach logainm.ie #
1416699)

Dáta: 01/07/2024

Tá bláth bán na sceiche gile nach mór imithe faoin tráth seo den samhradh ach tá bláth an troim, ar dhath an uachtair, le feiceáil fós ar feadh na bhfálta. Titfidh an bláth sin féin de réir a chéile le himeacht mhí Iúil, ach maireann an trom in ainmneacha bailte fearainn na tíre, amhail Baile an Troim/Ballintrim “the town(land) of the elder-tree” (logainm.ie #12421) agus Cluain Troim/Cloontreem “pasture of/at the elder-tree” (logainm.ie #8790) i gContae Chorcaí. Níl an trom caomhnaithe san oiread céanna ainmneacha bailte fearainn is atá an sceach, cé go dtugann dáileadh na samplaí le fios go raibh sé gach aon phioc chomh coitianta léi ar fud na tuaithe.
Is dócha gurb é Baile Átha Troim/Trim (logainm.ie #1416699) i gContae na Mí an sampla is mó le rá de logainm a chaomhnaíonn an crann seo. Áth Troim “ford of/at (the) elder-tree” an bunleagan, ar ndóigh, nó gur cuireadh an eilimint baile “town” roimhe agus é ag tagairt don lonnaíocht a d’fhás timpeall ar chaisleán mór na nAngla-Normannach ann. Tá tuilleadh samplaí le fáil fud fad na hÉireann, ó Machaire an Troim/Macantrim “the plain of the elder-tree” (logainm.ie #56304) i gContae Ard Mhacha go Lios Troim/Listrim “ring-fort of (the) elder-tree” (logainm.ie #243633) i gContae Chiarraí agus ón dá bhaile fearainn darb ainm Cathair an Troim/Caheratrim “the circular stone fort of the elder-tree” i gContae na Gaillimhe (logainm.ie #19558, #19587) go dtí Buaile na dTrom/Boolnadrum “the boley of the elder-trees” (logainm.ie #52739) i gContae Loch Garman. Thairis an méid sin tá Cluain Troim “pasture of/at (the) elder-tree” (logainm.ie #39792) i gContae Mhuineacháin a ndearnadh Cooltrim de sa bhéarlú; Tigh an Troim/Tintrim “the house of/at the elder-tree” (logainm.ie #7682) i gContae an Chláir; Gort Mhóin an Troim/Gortvunatrime “the field of the bog of the elder-tree” (logainm.ie #48793) i gContae Thiobraid Árann; Eanach Troim/Anatrim “marsh of (the) elder-tree” (logainm.ie #28438) i gContae Laoise; agus Oileán an Troim/Illanatrim “the island of the elder-tree” (logainm.ie #35157) i Loch Ceara i gContae Mhaigh Eo.
Dhealródh sé nach raibh aon róthábhacht ag baint leis an gcrann troim ó thaobh na heacnamaíochta de in Éirinn anallód: bhí sé áirithe i measc na bhFodhla Feá (SG Fodla Fedo; féach eDIL s.v. fodail), sa tríú catagóir as na ceithre cinn a gcuirtear síos orthu sa téacs ársa dlí Bretha Comaithchesa (féach Fergus Kelly, Early Irish Farming (1997) lch. 380). Go deimhin bhí ainm an olcais ar an gcrann freisin: ceann de Thréanna na Sean-Ghaeilge ab ea ‘Trí comartha láthraig mallachtan: tromm, tradna, nenaid’ (‘Trí chomhartha láthair mhallachta: trom, traonach, neantóg’ leagan Nua-Ghaeilge ag Nicholas Williams, Díolaim Luibheanna (1993) lch. 171). (Tá an buntré i gcló ag Kuno Meyer, The triads of Ireland (1906) lch. 18 §129, mar phéire leis na trí chomhartha ar láthair bheannachta .i. ‘clocc, salm, senad’ [clog, salm, seanadh] ibid. §128.) Dhéantaí feagacha na bpíob uilleann as adhmad an chrainn troim tráth, faoi mar a dhéanann píobairí áirithe fós in ainneoin gurb é an cána iompórtáilte is coitianta inniu — agus ar ndóigh, is as a oiriúnaí is atá a snáithe réidh dlúth mar ábhar feadán a fuair an trom an t-ainm Béarla bore-tree ‘crann feadáin’. Tá cothú sa bhláth troim, freisin, bíodh sé ite domhainfhriochta i bhfuidreamh nó ólta mar líomanáid, coirdial nó seaimpéin (cf. Pamela Foley & Cecilia Fitzsimons, Biaphlandaí, lch. 83).

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Tuilleadh fuinseog, críonadh siar agus f- proistéiteach.
Achadh na hUinseann/Aghnahunshin “the field of the ash(-tree)”
(féach logainm.ie #
30379)

Dáta: 22/06/2024

Nílimid réidh le fuinseog mar eilimint i logainmneacha Gaeilge, téama na seachtaine seo caite, ná baol air. Tá a oiread sin foirmeacha malartacha le fáil in ainmneacha bailte fearainn go gcuirfidís éinne amú nach bhfuil beagán eolais acu faoi fhorbairtí teangeolaíochta áirithe sa Ghaeilge.
I dtosach báire, ní hí fuinseog “ash-tree” na Nua-Ghaeilge (NG) an fhoirm is luaithe d’ainm an chrainn. Is féidir an focal sin a rianú siar go dtí uinnius na Sean-Ghaeilge (SG) (eDIL s.v. uinnius). Is gnách le teangeolaithe an téarma ‘proistéiteach’ a úsáid mar chur síos ar fhoghar ar nós an f- tosaigh seo nár chuid den fhocal ó cheart é. Is é an próiseas céanna a thug foscail, foirm a úsáidtear i gcuid de Leath Choinn agus a d’eascair as oscail “open” (Meán-Ghaeilge (MG) osclaid), agus faill, a mbuailtear leis i Leath Mhogha mar fhorbairt ar aill “cliff” (MG all) agus a lán eile nach iad. Tháinig a leithéid de mhalartú chun solais, ar ndóigh, toisc go dtiteann an dá fhoirm le chéile go minic sa chaint de bharr na deilbhíochta, m.sh. d’oscail/d’fhoscail agus an aill/an fhaill. Maidir leis an iarmhír -óg (-eog ar lean consan caol) in ainmneacha crann, féach dair “oak” → daróg “oak-tree” agus mar sin de. Forbairtí rialta iad seo go léir, mar sin, a mhíníonn conas mar a tháinig NG fuinseog amach as SG uinnius, rud a d’fhéadfadh an Gaeilgeoir dúchasach féin a chur ar strae.
Ní nach ionadh, thug na hathruithe teangeolaíochta seo a lán leaganacha idirmheánacha, ó chanúint go canúint agus ó thréimhse go tréimhse, agus na leaganacha sin féin ag preabadh ó inscne go hinsnce, m.sh. uinse, uinseog, fuinse. Faighimid go leor de na foirmeacha seo agus iad reoite in ainmneacha bailte fearainn. D’fhéadfadh sé, go deimhin, gur mó leagan malartach atá le fáil in ainmneacha bailte fearainn ná samplaí den fhoirm chaighdeánach NG fuinseog! Cuir i gcás Achadh na hUinseann/Aghanunshin “the field of the ash” (logainm.ie #30379) i gContae Mhuineacháin, mar a gcaitear leis an bhfocal uinse “ash” mar ainmfhocal baininscneach, cé go bhfuil sé ina ainmfhocal firinscneach sa logainm Achadh an Uinsinn/Aghanunshin “the field of the ash” (logainm.ie #771) i gContae Dhún na nGall. Is firinscneach dó sa logainm Easca an Fhuinsinn/Askunshin “the gully of the ash” (logainm.ie #52606) i gContae Loch Garman freisin (tabhair faoi deara go dtagann fianaise shoiléir anuas ón 17ú haois ar son an f- phroistéitigh ansin). Tá an f- céanna le sonrú in dhá shampla de Doire na Fuinseann “the (oak-)grove, wood of the ash”, a béarlaíodh mar Derrynafinchin i gContae Chorcaí (logainm.ie #8323) agus Derrynafunshion i gContae Laoise (logainm.ie #28483). Infhilleadh baininscneach a d’imir ar an bhfocal fuinse, gin. fuinseann, sa dá logainm dheiridh seo.
Is baininscneach don eilimint arís sna logainmneacha Doire na Fuinse/Derrynafunsha “the (oak-)grove, wood of the ash” (logainm.ie #23119) i gContae Chiarraí agus Cúil na Fuinse/Coolafancy (logainm.ie #55869) i gContae Chill Mhantáin, ach féach foirm an ghin. u. na fuinse seachas na fuinseann sna cásanna sin. Mar is iondúil i logainmneacha, faighimid forbairtí aidiachtúla ar idir uinse agus fuinseog — cuir i gcás uinseogach agus fuinseogach “abounding in ash” i gContaetha Ard Mhacha, an Chabháin, Fhear Manach agus Mhuineacháin. Orthu seo tá An Chorr Uinseogach/Corrinshigo “the round hill abounding in ash” (logainm.ie #3752), (#39697) agus Unshogagh/Fuinseogach “(place) abounding in ash” (logainm.ie #5562). Leis an iarmhír -án, a mbíonn feidhm dhíspeagtha aici de ghnáth ach is minic a bhíonn feidhm chnuasaithe nó áitreabhach aici i logainmneacha, faighimid foirm aidiachtúil eile in Ard Uinseachán/Ardunsaghan “height of (the) places abounding in ash” (logainm.ie #28967).
Níorbh aon iontas é dá dtiocfadh tuilleadh malairtí fós chun solais in ainmneacha bailte fearainn amach anseo. Faoi láthair is cinnte go bhfuil os cionn 80 ainm baile fearainn a bhfuil fuinseog nó a leithéid eile d’fhoirm Nua-Ghaeilge le fáil ann. Chun leid gharbh a fháil ar a fhlúirsí is a bhí an crann seo in aimsir na nGael, níl agat ach súil a chaitheamh ar an léarscáil dáileacháin ar logainm.ie s.v. uinse. (NB Sonraí teoranta atá mar bhunús don léarscáil chéanna. Cuirfear samplaí breise san áireamh de réir mar a chuirfear taighde córasach an Bhrainse i gcrích.)
Cuireann na logainmneacha in iúl, más ea, go raibh an fhuinseog (SG uinnius) le fáil ó cheann ceann na tíre ar feadh i bhfad. Thairis sin, insíonn na seanfhoinsí dúinn gurb amhlaidh a bhain an crann seo leis an gcatagóir is uaisle dá raibh ag na Gaeil .i. SG Airig Fedo [NG Aireacha Feá] “nobles of the wood” (féach Fergus Kelly Early Irish Farming, lch. 380). Cé gur fada ó bhí aon chuimhne choitianta in Éirinn ar na haireacha feá céanna, ar ndóigh, tá stádas agus luach ag roinnt leis an bhfuinseog fós mar mhianach camán ar a laghad. Díol imní, mar sin, an galar críonadh siar a theacht go hÉirinn le blianta beaga anuas agus cuid mhaith d’fhuinseog na tíre fágtha feoite lofa aige. Dála an slad a rinne an galar Dúitseach ar na leamháin roimhe sin, is mór an baol nach mbeidh fágtha againn mar mheabhrú ar an bhfuinseog féin sara fada ach logainmneacha amhail Achadh na hUinseann/Aghnahunshin i gContae Mhuineacháin.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Fuinseoga, aistriúcháin, aibhneacha agus sloinnte
Cnoc na Fuinseoige/Ashhill “the hill of the ash(-tree)”
(féach logainm.ie #
47206)

Dáta: 15/06/2024

Iomáint a bhí á plé againn sa dá alt deiridh agus, ar an dea-uair, táimid ag cloí leis an sárchluiche céanna sin an tseachtain seo. San alt leis ‘Teorainneacha, Áthanna agus Iomáin’ sa Tipperary Historical Journal (2008) lgh. 164–174, a luamar cheana, tugann Art Ó Maolfabhail faoi deara go bhfuil Cnoc na Fuinseoige/Ashhill “the hill of the ash(-tree)” (logainm.ie #47206) suite taobh le Áth na gCamán/Aughnagomaun “the ford of the hurls” (logainm.ie #47499) i gContae Thiobraid Árann. Mar is eol d’éinne a imríonn an iomáint, cé nach bhfuil aon teora leis an dul chun cinn atá déanta leis an snáithín gloine agus ábhair chomhchodacha eile le blianta anuas, níor thángthas fós ar aon mhianach camáin is fearr ná an fhuinseog. An amhlaidh gur comhtharlúint, más ea, a d’fhág Cnoc na Fuinseoige in aice Áth na gCamán? Is deacair a rá, i bhfianaise a choitianta is atá an eilimint fuinseog “ash(-tree)”, et var., in ainmneacha bailte fearainn in Éirinn, gan trácht ar an mbaint atá ag an bhfocal camán féin le haibhneacha agus srutháin mar a pléadh i nóta eile le déanaí. Faighimid samplaí den logainm Gaeilge Baile na Fuinseoige “the town(land) of the ash(-tree)” i gContae Phort Láirge, mar ar béarlaíodh é mar Ballynafineshoge (logainm.ie #50166) (iarracht ar an défhoghar i nGaeilge na háite is ea -fine- gan dabht), agus i nGleann Molúra i gContae Chill Mhantáin, áit a ndearnadh Ballinafunshoge (logainm.ie #55583) de. Tá tagairt do Baile na Fuinseoige eile i gContae Cheatharlach (logainm.ie #3034) le fáil i bhfilíocht Ghaeilge de chuid an 16ú haois — ghlac Constablehill ionad an ainm sin sa Bhéarla le linn an 17ú haois.
An eilimint chéanna atá sna logainmneacha Tuaim na Fuinseoige/Tomnafunshoge “tumulus of the ash(-tree)” (logainm.ie #52479) i gContae Loch Garman agus Gleann na Fuinseoige “the valley of the ash(-tree)” (logainm.ie #27387) i gContae Chill Chainnigh, a bhfuil idir thiontú agus bhéarlú neasfhoghraíochta in úsáid ina ainm Béarla oifigiúil Ashglen or Glennafunshoge. Tá foirm iolra le fáil sna logainmneacha Baile na bhFuinseog “the town(land) of the ash-trees” (logainm.ie #53264) i gContae Loch Garman — ‘Ballinefunshoge’ sna tagairtí is luaithe béarlaithe ach is féidir ainm an lae inniu Funshoge a rianú siar go dtí an 17ú haois — agus Cúil na bhFuinseog/Coolafunshoge “the recess, corner of the ash-trees” (logainm.ie #55930) i gContae Chill Mhantáin. Tá Fuinseog le fáil mar logainm simpléacsúil, freisin, m.sh. Fuinseog/Funshoge “(the) ash-tree” (logainm.ie #53547) i gContae Loch Garman (cf. Baile na bhFuinseog/Funshoge thuasluaite sa chontae céanna) agus An Fhuinseog/Funshog “the ash-tree” (logainm.ie #33533) i gContae Lú.
Rinneadh aistriúchán ar roinnt mhaith logainmneacha Gaeilge chomh maith, amhail Cnoc na Fuinseoige “the hill of the ash(-tree)” thuasluaite a ndearnadh Ashhill sa Bhéarla de. Is mar Ashtown a tiontaíodh an logainm Baile na Fuinseoige “the town(land) of the ash(-tree)” i gContaetha Chill Chainnigh (logainm.ie #26435) agus Phort Láirge (logainm.ie #49728); tá idir leagan aistrithe agus leagan neasfhoghraíochta san ainm oifigiúil Béarla Ashtown or Ballinafunshoge a socraíodh ar Baile na Fuinseoige in aice leis an Tóchar i gContae Chill Mhantáin (logainm.ie #55719). Is trí leathaistriúchán nó shaobhaistriúchán a baineadh Ashfield as Gleann na bhFuinseog “the valley of the ash-trees” (logainm.ie #42268) i gContae Uíbh Fhailí.
Ach ar ndóigh is ann freisin d’fhíor-logainmneacha de bhunús Béarla a thagraíonn don fhuinseog, m.sh. Ashford (logainm.ie #55475) i gContae Chill Mhantáin (Áth na Fuinseoige an leagan Gaeilge oifigiúil) agus Ashgrove, a thug ainm do dhá bhaile fearainn i gContae Chorcaí (logainm.ie #9389; #11919) (dar leagan Gaeilge oifigiúil Garrán na Fuinseoige), agus ceann amháin i gContae Chill Dara (logainm.ie #24922). Logainm ársa Béarla é Ashfield (logainm.ie #17352) i gContae Bhaile Átha Cliath (leagan oifigiúil Gaeilge Gort na Fuinseoige), dá dtaispeánann an fhianaise luath nach -field a bhí ina dheireadh ó cheart ach -town/-ton (féach ‘Asseton’’, ‘Ashton’’, ‘Ashetowne’, srl.).
Is dócha gurb é an bruachbhaile mór Ashtown (logainm.ie #17263) i gContae Bhaile Átha Cliath an sampla is mó le rá den logainm Béarla sin. Ní bhfuair an áit sin a ainm go díreach as an bhfuinseog, áfach, ach as sloinne dhuine de na coilínigh Angla-Normannacha [AN] — sin é an fáth gurb é Baile an Ásaigh “the town(land) of An tÁsach (.i. duine dar sloinne AN Ashe)” an leagan oifigiúil Gaeilge de. Baisteadh an logainm Gaeilge céanna, Baile an Ásaigh, go dúchasach ar bhaile fearainn i nGaeltacht Chorca Dhuibhne (logainm.ie #22600) — Ballinasig an fhoirm Bhéarla a bhí in úsáid go hoifigiúil go dtí 2004 (féach Alt 33(2) de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003; An tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004). Tagann an sloinne céanna i gceist sna logainmneacha Gaeilge Fearann an Ásaigh/Farranasa “the land of An tÁsach” (logainm.ie #48791) i gContae Thiobraid Árann agus Garrán an Ásaigh/Garrananassig “the grove of An tÁsach” (logainm.ie #12358) i gContae Chorcaí.
Tugann na trí logainm deiridh seo fianaise an-tairbheach dúinn ar lonnaíocht Angla-Normannach sna háiteanna seo a ndearnadh (ath-)ghaelú orthu ina dhiaidh sin. Agus chun filleadh ar an gcluiche Gaelach a bhí mar théama againn i dtosach báire, díol spéise go raibh lonnaíocht shuntasach Angla-Normannach anallód i ngach contae is bríomhaire iomáint inniu, geall leis, cé is moite de Chontae an Chláir.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Báirí, camóga agus a thuilleadh camaibhneacha.
Boc Bháire/Buckwaria “ridge(?) of (the) hurling contest”
(féach logainm.ie #
37593)

Dáta: 08/06/2024

Ar lean ó alt na seachtaine seo caite agus an iomáint faoi chaibidil — nó idir chamáin — againn. Ní hiad iomáint agus camán an t-aon dá fhocal amháin a bhaineann leis an gcluiche náisiúnta a thagann i gceist in ainmneacha bailte fearainn agus i logainmneacha eile. Tá bríonna éagsúla le báire, cuir i gcás, m.sh. “match”, “contest”, “goal [.i. cúl sa pheil, san iomáint, srl.]” nó fiú “shoal (of fish)”, ach gan amhras cuireann sé ‘cluiche iomána’ in iúl go sonrach freisin (féach FGB s.v. báire agus cf. an cuntas gleoite in An tOileánach ar chomórtas ‘báire’ .i. cluiche iomána, Lá Nollag ar an Tráigh Bháin). Dá bhrí sin, is maith an seans gur thagair an logainm Boc Bháire/Buckwaria (logainm.ie #37593) i gContae Mhaigh Eo do chluiche iomána. Ar obair pháirce dó ar an láthair sin i 1838, mhol Seán Ó Donnabháin an bhrí ‘a hurling green; a place for playing at Commáns’, míniú a d’fhéadfadh a bheith bailithe aige go háitiúil. (Tá an chéad eilimint boc ábhairín doiléir. Is dealraitheach gur malairt foirme é de buac .i. buaic “highest point; ridge” (féach FGB s.v. buac), rud a d’fhágfadh “ridge of (the) hurling contest”. Rinne an Dr. Fiachra Mac Gabhann, nach maireann, plé cuimsitheach ar an logainm seo in Logainmneacha Mhaigh Eo 2 (Barúntacht Mhuraisce) lgh. 78–81.)
Is í an pheil seachas an iomáint a thuilleann clú do Chontae Mhaigh Eo sa lá atá inniu ann, ar ndóigh, agus is é an dála céanna é ag Contae an Chabháin — ach féach go bhfuil an eilimint báire le fáil i logainm amháin, ar a laghad, sa dara contae sin freisin, mar atá Mullach an Bháire/Mullanwary (logainm.ie #4340). Breacadh síos an leagan Gaeilge áitiúil ‘Mullaigh an bháire’ le linn na Suirbhéireachta Ordanáis i 1836, ainm a mhínigh Ó Donnabháin mar ‘summit of the goal’. D’fhéadfadh sin a bheith cruinn, ach níor cheart a chur as an áireamh gur chluiche cáiliúil ar leith i gcuimhne na háite a thug ainm don mhullach, rud a thabharfadh “the summit of the (significant) hurling match” mar bhrí. Murab ionann is an dá chontae díreach luaite, tá ainm in airde ar Chontae Aontroma mar áit iomána gus an lá inniu. Tar éis dóibh an fhianaise a scrúdú don logainm a béarlaíodh mar Lagavara i dtuaisceart an chontae sin, mhol taighdeoirí an Bhrainse Logainmneacha Lag an Bháire “the hollow of the (hurling) match” go sealadach i 1986 (logainm.ie #61792); tháinig Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann ar a mhalairt de mholadh .i. Lag an Bheara “the hollow of the point” sna 1990í (féach an nóta anailíse ar PlacenamesNI.org s.n. Lagavara).
Agus bhí focail eile sa Ghaeilge ar an mbata iománaíochta de bhreis ar camán féin. (Mar a phléamar an tseachtain seo caite, tugtar idir hurl agus hurley ar an ngléas seo as Béarla, agus sa 19ú haois, thugtaí hurlet air freisin.) Tugann Ó Dónaill “camogie stick” mar cheann den dá phríomhbhríonna le camóg in FGB, agus gan dabht níl faic de dhifríocht idir sin agus camán na hiománaíochta. Ach arís, toisc nach bhfuil san fhocal camóg ach díspeagadh ar an bhfocal cam, tá go leor bríonna eile leis, m.sh. “crook”, “hooked stick”, “gaff-hook”, an tsiombal phoncaíochta ( , ), agus fiú “wisp” san fhocal camóg dheataigh (FGB s.v. camóg); freisin, “anything curved … a turn, a winding” mar a chuir an Duinníneach é (Dinn. s.v. camóg). Ó thaobh na logainmneacha de, is dócha gur minicí go mór gné nádúrtha chamtha nó lúbtha a bheith i gceist leis an eilimint camóg seachas don uirlis iomána.
Cuir i gcás An Chamóg/Cammock River (logainm.ie #116701) i gContae Bhaile Átha Cliath, sampla an-cháiliúil den ainm. Tá sé sin le fáil mar ainm abhann in áiteanna eile freisin, m.sh. An Chamóg/Camoge River (#1165620) i gContae Luimnigh. Tá tagairtí stairiúla againn do shampla eile i gContae Thiobraid Árann (‘Camoge’, ‘the River called Cumog’ (1654)), abhainn a thug ainm don bhaile fearainn ar an talamh ard lena cois lastuaidh, Drom Camóige/Dromcomoge “the ridge of, at An Chamóg” (logainm.ie #48788). Le linn an athraithe teanga, áfach, bhronn an baile fearainn a ainm féin ar an abhainn ar ais, go dtugtar Dromcomoge River sa Bhéarla anois ar An Chamóg (logainm.ie #67197). Ach ní aibhneacha amháin a bhíonn i gceist le camóga. Cé gur bhreac Ó Donnabháin an nóta ‘[t]his name is applied generally to winding rivers’ faoin ainm baile fearainn An Chamóg/Commoge (logainm.ie #11059) in aice Chionn tSáile i gContae Chorcaí, is cosúil nach mbaineann sin le hábhar sa chás áirithe sin. (Tabhair faoi deara nach ndearna an Donnabhánach aon obair pháirce i gContae Chorcaí.) Ná níl sé fíor i gcás an dá shampla de An Chamóg atá béarlaithe Cammoge (logainm.ie #7290) i gContae an Chláir agus Commoge (logainm.ie #26154) i gContae Chill Chainnigh. Pé gné aiceanta a bhí i gceist sna hainmneacha sin an chéad lá, níor chamabhainn, camóg ná camán é!

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Craobh na hIomána, camáin agus camaibhneacha.
Ré na hIomána/Reanahumana “the level ground of the hurling (the level hurling-ground)”
(féach logainm.ie #
7884)

Dáta: 01/06/2024

Seo linn isteach i mí an Mheithimh, an dara mí den samhradh de réir mar a thuigtear in Éirinn é, agus borradh ceart anois faoi chraobh iomána an CLG. Níl aon chomórtas páirce eile ar domhan is mó a chuireann lúcháir agus scleondar ar dhaoine i lár an tsamhraidh — ach dúinne na hainniseoirí is annamh a leagann cos i bPáirc an Chrócaigh lá na cinniúna, is minic nach mbíonn le fáil ón gcoimhlint ach buairt is crá croí. Mar atá a fhios ag an saol, téann an iomáint i bhfad siar i stair na tíre seo. Ná cuireadh sé aon iontas orainn, más ea, go bhfuil tagairtí don chluiche céanna le fáil i roinnt ainmneacha bailte fearainn, cé go bhfuil cuid de na samplaí níos cinnte ná a chéile agus nach féidir bunbhríonna eile a chur as an áireamh.
Pé scéal é, is dócha gurb í tagairt is dírí dá bhfuil againn in ainmneacha bailte fearainn Ré na hIomána/Reanahumana “the level ground of the hurling (i.e., the level hurling-ground)” (logainm.ie #104144 i gContae an Chláir. Ach is ann freisin do logainmneacha Béarla a thagraíonn don iomáint. Cuir i gcás Hurlers Cross (logainm.ie #104144), i gContae an Chláir arís, áit a fuair ainm ón tábhairne Hurlers Inn a bhí suite ag an gcrosbhóthar de réir dealraimh. Go hiondúil, áfach, ní bhíonn a leithéid seo d’ainmneacha Béarla chomh seanbhunaithe le logainmneacha Gaeilge ná baol air.
Sa bhliain 2008 scríobh Art Ó Maolfabhail, iar-Phríomhoifigeach Logainmneacha, aiste spreagúil dar teideal ‘Teorainneacha, Áthanna agus Iomáin’ san iris Tipperary Historical Journal (lgh. 164–174) inar phléigh sé logainmneacha éagsúla i gContaetha Luimnigh, Thiobraid Árann agus Chill Chainnigh a d’fhéadfadh a bhaint leis an iomáint. Tá cuid de na samplaí an-éiginnte, ar ndóigh, ach is féidir glacadh le Áth na gCamán/Aughnagomaun (logainm.ie #47499) i gContae Thiobraid Árann mar thagairt don iomáint, faoi mar a thuigtí go háitiúil é. D’fhiosraigh an scoláire clúiteach úd Seán Ó Donnabháin an logainm i 1840 le linn na Suirbhéireachta Ordanáis. Ba as Cill Chainnigh don Donnabhánach, ar ndóigh, agus is dócha gur maith an rud é gur mhínigh sé an logainm mar “ford of the hurlets [sic]” san Ainmleabhar Paróiste — seachnaíonn an focal seanfhaiseanta Brl. hurlet ‘camán’ an tseandíospóireacht a bhíonn le clos gan stad sa Ghalltacht inniu .i. cé acu is cirte sa Bhéarla, hurlhurley. (Mar eolas, Garmanach agus Bleá Cliathach a chuir an nóta seo i dtoll a chéile, agus dar leosan níl d’ainm Béarla ar an uirlis chéanna ach hurl!)
Ach sin scéal thairis. Agus brí camán á meas i logainmneacha Gaeilge, is tábhachtaí go mór sanas agus bunús an fhocail féin. Ar ndóigh, ó tharla gur díspeagadh díreach é camán ar an bhfocal cam, d’fhéadfaí earra nó gné ar bith atá ‘cam’ a thuiscint as (FGB s.vv. camán, cam) .i. ‘rud camtha nó lúbtha’ (AFB s.v. camán). Cuir i gcás Achadh Camán/Aghacommon (logainm.ie #56421) i gContae Ard Mhacha — cé gur mhínigh muintir Ghaeilge na háite an logainm sin mar “field of the hurls” faoi na 1830í, tugann an Dr. Pat McKay faoi deara in A Dictionary of Ulster Place-Names gur dócha gur ghné nádúrtha a bhí faoi thagairt an chéad lá, mar atá ‘windings in the Closet river, which forms its northern boundary’ (féach placenamesni.org s.n. Aghacommon). Thuig Seán Ó Donnabháin na miondifríochtaí seo go maith, mar ba dhual dó, agus ainm Béarla na habhann Hurley River i gContae na Mí faoi thrácht aige i 1836 — scríobh sé in Ainmleabhar Paróiste na Suirbhéireachta Ordanáis gur aistriúchán a bhí sa Bhéarla sin ar ‘Camán’ na Gaeilge .i. An Camán (logainm.ie #1166957), ach gur mheas sé gurbh éard a chuir an bunainm in iúl i ndáiríre ná ‘abhainn cham’. Agus go deimhin, is cosúil go dtagraíonn ainm na habhann do na lúbanna agus na castaíocha úd lastoir ó thuaidh de dhroichead Ráth Faiche.
Tá áit eile darb ainm An Camán/Hurley Point (logainm.ie #104145) i nDuínis, oileán beag i mbéal na Sionainne i gContae an Chláir. Ach ní do chamais abhann ná don chluiche páirce a thagraíonn an t-ainm úd sa chás seo, de réir dealraimh, ach do chruth Dhuínse féin. Tá athruithe tagtha ar an tírdhreach idir an dá linn, cinnte, ach don té a d’fhéachfadh ar léarscáil 6ʺ (1ú eag.) de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis tá an-chosúlacht le camán iománaíochta le sonrú ar an oileáinín seo (cé gur fíor gur mó a chuirfeadh seanchruth an oileáin bas camáin an lae inniu i gcuimhne). Níl aon dabht, áfach, ná gurb é an gléas spóirt féin atá faoi thagairt sa mhionainm iontach Lios Fear Beag na gCamán/Lisfarbegnagommaun (logainm.ie #1410538) in aice Chora Finne i gContae céanna an Chláir, bíodh gur i gcomhthéacs osnádúrtha an tseanchais é. Is é brí atá leis sin, ar ndóigh, “the ring-fort of the little hurley-wielding men” — tugann Bailiúchán na Scol cuntas breá ar bhunús an logainm dúinn, a breacadh síos ó dhuine de sheanfhondúirí na háite i 1939.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

An sceach faoi bhláth
Cnoc Sceiche Moling/Knockskemolin “the hill of the hawthorn of St.Moling
(féach logainm.ie
#53289)

Dáta: 22/05/2024

Níl aon radharc is mó a ardaíonn croíthe daoine le linn an tsamhraidh ná an sceach gheal agus í faoi bhláth go lonrach gléigeal ó cheann ceann na tíre — is maith mar atá a leasainm bláth bán na Bealtaine tuillte aici! (Tá áilleacht dá chuid féin ag baint leis an luibh eile úd lus buí Bealtaine .i. Brl. marsh-marigold .i. Caltha palustris, ach sin scéal eile.) Agus faoi mar a bhíonn an sceach féin le feiscint go rábach ar fud na tíre an taca seo den bhliain, is raidhsiúil mar eilimint í in ainmneacha bailte fearainn chomh maith — thart ar 200 sampla ar an iomlán. Tá an bhrí chéanna le Achadh na Sceach/Aghnaskea (#33241) i gContae an Longfoirt is atá le Gort na Sceach/Gortnaskeagh i gContaetha Chiarraí (#22982) agus Liatroma (#29856), ar ndóigh .i. “the field of the hawthorns”. Agus díol spéise na haistriúcháin scaoilte a rinneadh ar Cnoc na Sceach “the hill of the hawthorns” (#8762) i gContae Chorcaí, mar Thornhill, agus ar Machaire na Sceach “the plain, field of the hawthorns” (#28712) i gContae Laoise, mar Bushfield — brí thánaisteach le sceach is ea “thorn-bush”. Leathaistriúchán den saghas céanna faoi ndear Bushypark a dhéanamh de Páirc na Sceach “the park of the hawthorns” (#18670) i gContae na Gaillimhe — ach is cosúil gur ainm de bhunús Béarla é Bushypark eile i gContae Chill Dara (#25159). Is cosúil gur baineadh úsáid as an ainm Béarla céanna sin Bushypark mar leathaistriúchán ar Scairt an Arbha “the thicket of the grain” (#10400) i gContae Chorcaí, siúd is nach raibh baint dá laghad ag an logainm Gaeilge leis an sceach.
Ní miste aird speisialta a tharraingt anseo ar dhá logainm i gContae Loch Garman ina bhfuil an eilimint sceach (gin. u. sceiche) le fáil, mar atá Sceach Moling/Scaughmolin “the hawthorn of Saint Moling” (#54320) agus Cnoc Sceiche Moling/Knockskemolin “the hill of the hawthorn of Saint Moling” (#53289). Baineann siad seo le tacar beag d’ainmneacha bailte fearainn sa Chontae Riabhach ina bhfuil an naomh dúchasach Moling luaite le crainn. Sa ghrúpa seo freisin tá Muine Moling/Monamolin “the thicket of Moling”, a bhfuil dhá shampla den ainm céanna le fáil agus iad suite 60km slí óna chéile: is iad sin, ainm baile fearainn gar do Ráth an Iúir, lastuaidh de Ros Mhic Thriúin (#53556), agus ainm baile fearainn (agus paróiste dlí) gar do Bhaile Uí Chonnmhaí, laisteas de Ghuaire (#1411737). Féach an sliocht seo a leanas as Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman (2016) lgh. 1209–1210 (arna fhoilsiú ag an mBrainse Logainmneacha/Placenames Branch ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán [mar atá anois]):
Moling, bishop of Ferns diocese in the seventh century, is the eponym of the parish names ST. MULLIN'S (par.) and MONAMOLIN (par.), as well as the townlands of MONAMOLIN (par. Templeludigan) and SCAUGHMOLIN (par. Rathaspick). The generic elements sceach “hawthorn” (see de Vál, 1987 p.56) and muine “thicket, brushwood” in these names may originate in the saint’s association with Suibhne Geilt “Suibhne the madman” in Irish literary tradition. Suibhne, driven mad by the terror of battle, resorted to roaming and living wild in trees and hedges. After an encounter with Saint Moling he began to visit his monastery for food each evening after his travels (see ITS xii). This legend seems to have generated the notion of a particular sceach “hawthorn” or muine “thicket”, where Suibhne could sleep, in the environs of Moling’s foundations. Note that Kilnamanagh, the parish in which this townland [Knockskemolin] is located, was also dedicated to Moling (see Culleton, 1999 p.211; cf. RATHASPICK, par.).

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

An ghrian
Bealach Gréine / Ballygreany “pass of (the) sun”
(féach logainm.ie #
40528)

Dáta: 13/05/2024

Seo linn ag treabhadh trí mhí na Bealtaine le téama an tsamhraidh. Tá an focal grian coitianta go leor mar eilimint in ainmneacha bailte fearainn, ach mar is gnách, is minic a bhíonn níos mó ná míniú amháin le léamh ar chuid de na samplaí sin féin. Ach cuir i gcás an logainm Buaile na Gréine/Ballynagrenia “the boley, cattle-fold of the sun” (#50797) i gContae na hIarmhí: cruthúnas atá san alt ginideach baininscneach na ansin gurb é an t-ainmfhocal coitianta atá sa treis (agus é ag tagairt don ‘c[h]orpán spéire a thugann teas agus solas sa lá dúinn’, mar a chuirtear go snasta é san Fhoclóir Beag). Sin é atá i gceist freisin in Achadh na Gréine/Auburn “the field of the sun” (#50761), ainm baile fearainn eile i gContae na hIarmhí, agus in Baile na Gréine “the town(land) of the sun”, logainm Gaeilge a béarlaíodh mar Ballynagrany i gContae Cheatharlach (#3175) agus mar Ballynagrena i gContae Lú (#33997). I gContae Chorcaí, faighimid Lios na Gréine/Sunfort “the ring-fort of the sun” (#10707), Ros na Gréine/Rossnagrena “the wooded height of the sun” (#8543 agus Ard na Gréine/Ardnagrena “the height of the sun” (#12993). Ar na samplaí flúirseacha eile ar fud na tíre ba cheart aird ar leith a tharraingt ar Móin na Gréine/Monagreany “the bog(land) of the sun” (#53213) i gContae Loch Garman, ós rud é go bhfuil sé suite i gceartlár an Oirdheiscirt, áit a bhfuil buntáiste na gréine aige de réir fhógraíocht na turasóireachta.
In éagmais an ailt na, áfach, titeann logainmneacha den sórt seo i ndoiléire. B’fhurasta an logainm Áth Gréine/Athgreany (#54756) i gContae Chill Mhantáin a thuiscint mar a bheadh “the ford of Grian”, cuir i gcás, ó tharla gur bhandia de chuid na sean-mhiotaseolaíochta ab ea Grian (gin. G(h)réine). Ach is amhlaidh atá ciorcal cloch ar an mbaile fearainn sin, agus é riartha faoi choinne ghrianstad an gheimhridh: féach ‘[the] outlier and the entrance stones are in a direct line with the setting sun at the Midwinter Solstice’ (Richard Marsh, Tales of the Wicklow Hills (2007) p. 67). I bhfianaise an eolais breise seo is é is dealraithí ná gurbh í grian na spéire a bhí i gceist sa logainm sin i ndeireadh na dála. Scéal eile fós atá taobh thiar de Cnoc Gréine/Knockgrean (#32401) i gContae Luimnigh. Ní dia ná réalt atá faoi thagairt ansiúd, ach ainm seandúiche .i. Grian, a mhaireann féin mar theideal ar pharóiste dlí atá béarlaithe anois mar Grean (#1547) (féach Logainmneacha na hÉireann I: Contae Luimnigh). Dá bhrí sin is léir gur gá, mar is gá riamh, anailís chuimsitheach a dhéanamh ar gach logainm den sórt seo ceann ar cheann chun solas a chaitheamh ar a bhunús ceart. Féach mar shampla na logainmneacha débhríocha Tuaim Ghréine/Tomgraney “mound of (the) sun” nó “the mound of Grian” (#7778) i gContae an Chláir; Bealach Gréine/Ballygreany “pass of the sun” nó “the pass of Grian” (#40528) i gContae Mhuineacháin; an dá bhaile fearainn éagsúla darb ainm Cill Ghréine/Kilgraney “church of (the) sun” nó “the church of Grian” (#3513), (#3120) i gContae Cheatharlach; agus Cúil Ghréine/Coolgreany “recess of (the) sun” or “the recess of Grian” (#52954) i gContae Loch Garman. Téann sé dian an sanas cruinn a dhéanamh amach ina lán logainmneacha dá leithéid. Bhí na sean-Ghaeil chomh tógtha sin leis an dinnseanchas samhlaitheach gurb amhlaidh nach mbeifear cinnte go deo cé acu is cirte a thuiscint as leithéid Bealach Gréine/Ballygreany (#40528) i gContae Mhuineacháin, cuir i gcás — “pass of (the) sun” nó “the pass of Grian”.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

An sloinne Angla-Normannach Somers/Summers agus Ó Samhraidh, Ó Somacháin na Gaeilge
Baile Uí Shomacháin/Ballysumaghan “the town(land) of Ó Somacháin” (féach logainm.ie #
45061)

Dáta: 06/05/2024

Leanaimis ar aghaidh ón tseachtain seo caite ag féachaint ar ainmneacha bailte fearainn a thagraíonn don samhradh agus do chúrsaí gaolmhara, chomh maith le cúpla logainm eile a d’fhéadfadh dallamullóg a chur ar dhuine. Mar shampla, níorbh é séasúr an tsamhraidh a thug ainm do na bailte fearainn Summerstown (#54220) agus Summertown (#54238) i gContae Loch Garman, de réir dealraimh, ach ceann de dhá shloinne de chuid na Sean-Ghall, SomerySomer. Is é an chéad sloinne acu seo .i. Somery, is coitianta a bhí le fáil i measc na gcoilínithe sa Chontae Riabhach (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Townland names in Co. Wexford/Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman lch. 1613). Bunús Angla-Normannach atá le Summerstown eile i gContae na Mí (#39126) freisin, ceantar ina bhfuil fianaise mhaith ar an sloinne eile úd Somer. Mar bharr ar an meascán, is ann do dhá shloinne Ghaelacha, ar a laghad, a cumascadh leis an sloinne Béarla Somer(s) le linn an athraithe teanga, mar atá Ó Samhraidh (mar gheall ar an ainm pearsanta Samhradh a mhíthuiscint mar Brl. summer) agus Ó Somacháin (mar gheall ar an gcosúlacht i bhfoghraíocht an chéad siolla den dá ainm). (Thairis sin, rinneadh Somers ar uairibh de Mac Shamhráin, sloinne Gaelach atá bunaithe ar an ainm pearsanta Samhrán (< Samhradháin), atá féin ina fhoirm dhíspeagtha den ainm Samhradh. Ar ndóigh, is iondúil a bhéarlaíodh an sloinne sin mar McGovern, et var.) Tá go leor fianaise ar an gcéad sloinne Gaeilge úd Ó Samhraidh i dtuaisceart Chontae Loch Garman agus sna contaetha mórthimpeall, m.sh. ‘Fergenamyme O’Sawrae [Fearganainm Ó Samhraidh], Duffrie [.i. An Dufair, Contae Loch Garman]’ Fiants §6517 ón mbliain 1601, agus ‘Laghlin o Sorry [Lochlainn Ó Samhraidh]’ Teistíochtaí Chontae Chill Mhantáin (LS 811 fol.173r), ón mbliain 1643. Ach ní thagann an sloinne Ó Samhraidh anuas chugainn in ainm baile fearainn ar bith. Faoi a mar a luadh cheana i nóta eile, taispeánann an taighde is déanaí go bhfuil comhchoibhneas mór le sonrú idir na sloinnte Gaelacha a chaomhnaítear in ainmneacha bailte fearainn agus sloinnte na seanteaghlach gairmiúil. Go deimhin, níl aon fhianaise againn a thabharfadh le fios go raibh a leithéid de stádas riamh ag Muintir Shamhraidh. Os a choinne sin, is cinnte gur theaghlach gairmiúil ab ea Muintir Shomacháin i gContae Shligigh. Ní nach ionadh, mar sin, go bhfuil a sloinne siúd caomhnaithe sa logainm Baile Uí Shomacháin/Ballysumaghan “the town(land) of Ó Somacháin”, ainm baile fearainn agus paróiste dlí sa chontae céanna. Faoi mar a tharla i gcás a lán sloinnte Gaelacha nach é le linn an athraithe teanga, béarlaíodh Ó Somacháin trí neasfhoghraíocht i dtosach báire, mar Sumaghan, ach d’imir forbairt eile ina dhiaidh sin air, trí shaobhaistriúchán, a chuir a bhunús Gaelach as aithint ar fad — rinneadh Somers de. Féach go dtugann Luacháil Griffith tuairisc ar shloinnte na dtionóntaí i bparóiste Chill Oiridh, béal dorais le Baile Uí Shomacháin, i 1858, mar a bhfaighimid an dá leagan bhéarlaithe Sumahan agus Somers taobh lena chéile. Ach faoi aimsir Daonáireamh 1901, ní raibh le fáil san áit chéanna (.i. thart ar thoghroinn cheantair Bhaile an Tóchair Thoir) ach Somers.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Leathanach 1 as 5 ar aghaidh