Tromáin, aistriúcháin agus Meathas Troim.
Baile an Tromáin/Ballytramon “the town(land) of/at the dwarf-elder”
(féach logainm.ie #53644)

Dáta: 08/07/2024

Phléamar an trom in ainmneacha bailte fearainn an tseachtain seo caite; anuas air sin tá corrthagairt againn don tromán “dwarf elder-tree”. Ar na samplaí is soiléire tá Baile an Tromáin/Ballytramon “the town(land) of/at the dwarf-elder” (logainm.ie #53644) in aice Dhroichead an Chaisleáin i gContae Loch Garman. Cé go raibh ainm an mhí-áidh ag roinnt leis an trom, mar a luamar cheana, ar a laghad tá a bhláth agus a thoradh inite — ní hionann is an tromán.
Ach tá brí eile a d’fhéadfadh a fháscadh as tromán i logainmneacha, mar atá forbairt áitreabhach ar trom féin, mar atá trom + -án sa bhrí ‘áit ina bhfásann an trom’. Cé nach bhfuil an taighde córasach curtha i gcrích fós ar na logainmneacha béarlaithe Tromman (logainm.ie #39161) i gContae na Mí agus Tromaun (logainm.ie #44252) i gContae Ros Comáin, tugann a bhfuil d’fhianaise againn le fios go dtagann siad araon ó An Tromán. D’fhéadfadh sé gur crann tromáin a bhí i gceist sa dá logainm, gan amhras, ach bheadh ciall freisin le míniú Sheáin Uí Dhonnabháin, scoláire Gaeilge de chuid an chéad Suirbhéireacht Ordanáis: ‘place abounding in elder trees’ agus ‘place where the elder or bore tree grows’ faoi seach. Tá éiginnteacht ag baint leis an logainm caighdeánach Béarla Alderborough i gContae Uíbh Fhailí chomh maith, sa mhéid is go dtugann an fhianaise luath le fios nárbh é Brl. alder ‘crann fearna’ a bhí i gceist ó cheart ach Brl. elder ‘crann troim’: foirmeacha luatha amhail ‘Elderborough’ (1797) a thug ar an gCoimisiún Logainmneacha an t-aistriúchán Baile an Troim a mholadh mar leagan oifigiúil Gaeilge (logainm.ie #42045).
Chonaiceamar cheana gur cuireadh nósanna éagsúla béarlaithe i bhfeidhm ar logainmneacha Gaeilge na hÉireann. Ar na samplaí flúirseacha de logainm úrnua Béarla a theacht in ionad logainm sheanbhunaithe Ghaeilge tá Edgeworthstown i gContae an Longfoirt. Sa taobh seo tíre ba le Muintir Fhearaíl an chuid is mó den talamh thar na cianta, nó gur díshealbhaíodh iad de réir a chéile le linn ré na Nua-Ghall. Gabhadh tailte ar an taobh thuaidh den áit a bhfuil Edgeworthstown inniu agus bronnadh iad ar Daniel Gookin i 1622 (Calendar of Patent Rolls, lch. 511). Ina dhiaidh sin tháinig Francis Edgeworth i seilbh orthu, agus nuair a fuair seisean bás i 1627 bronnadh iad ar a mhac John (Inq. Car. I 4; féach Ionchoisní Chúige Laighean). Tá an John seo (agus é anois ina ‘Capt. John’) ainmnithe mar shealbhóir na dtailte mórthimpeall i ‘Census’ na bliana 1659. Ach is cosúil gur Edward Nugent a bhí i seilbh na háite darb ainm Edgeworthstown inniu féin anuas go dtí na 1650í (logainm.ie #1412094; #32971): bhí ‘Mostrim’, ainm béarlaithe na háite ag an am, i measc tailte a gabhadh le linn na gCromalach agus a bronnadh ar ‘Sir James Shaen knt., Major Rob. Edgwoorth, and Wm. Hoey esq.’ (Acts of Settlement and Explanation, lch. 179). Ní léir cén gaol a bhí ag an ‘Major Rob. Edgwoorth’ seo leis an gCaptaen John Edgeworth thuasluaite, ach ar aon chuma, faighimid an chéad tagairt do ‘Edgeworth Town’ mar ainm an bhaile i 1682. Tá an leagan béarlaithe eile úd ‘Mostrim’ in úsáid in ainm an chlub CLG anseo. Go deimhin, b’shin é ainm oifigiúil an bhaile a bhí in úsáid ó bhlianta beaga an tSaorstáit go dtí gur tugadh ‘Edgeworthstown’ ar ais i 1974 (féach I.R. 166/1974). Is cosúil gurb éard atá sa bhunleagan Gaeilge Meathas Troim, logainm a thugann sinn ar ais go dtí an trom. (Tá ‘Meathas Truim’ fós in úsáid mar ainm oifigiúil ‘Béarla’ ar an toghroinn (#1373858)!) Tá an chéad eilimint meathas an-neamhchoitianta agus ní léir a bhrí: ‘legal term of doubtful meaning; a frontier, march, space of unappropriated ground between two territories’ (eDIL s.v. methas). Míniú amháin a d’fhéadfaí a mholadh is ea Meathas Troim “frontier of/at (the) elder-tree”.
tromán le fáil mar aicmitheoir freisin i roinnt logainmneacha i Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin, mar théarma ar shrutháin áirithe a ritheann tríd an mbratphortach a chlúdaíonn na sléibhte eibhir úd — is cinnte nach iad Sambuca nigraSambuca ebulus atá faoi thagairt. Tá tuilleadh dianscrúdaithe idirdhisciplínigh ag teastáil chun bunús na heiliminte sa sainchomhthéacs seo a dheimhniú, mar a mhínítear sa chuntas is déanaí ar logainmneacha an cheantair sin (Mionlogainmneacha de bhunús Gaeilge i ngleannta Chontae Bhaile Átha Cliath (2024)).

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)