Garrán an Cheoil/Garranachole “an garrán ina mbíonn an ceol”

Dáta: 16/10/2023

Tráth a gcuirtear tús le Féile Ceoldrámaíochta Loch Garman, an tseachtain deiridh de mhí Deireadh Fómhair, is deas a thabhairt faoi deara go dtagann an ceol freisin i gceist le cúrsaí logainmníochta in Éirinn. I gCorcaigh, tugtar an leagan gallda Garranachole ar an mbunainm Garrán an Cheoil (féach logainm.ie: #35072) agus, i gContae Mhaigh Eo, tá Musicfield ina aistriúchán ar an mbunainm Gort an Cheoil. Tá ainm cnoic, Knockaceol, i Luimneach bunaithe ar an ainm Cnoc an Cheoil, agus tarlaíonn Mountmusic i gCorcaigh mar mheathaistriúchán ar Cnoc Amhráin. Ar an oileán Cruit/An Chruit amach ó chósta Dhún na nGall, faightear Tobernanoran ar an mbunainm Tobar na nAmhrán agus b'fhéidir, ar feadh coicíse i ndeireadh mhí Dheireadh Fómhair ar chaoi ar bith, gur féidir linn Tobar na nAmhrán a cheapadh le Loch Garman chomh maith.