Machaire na Gé/Magheranagay "machaire, talamh réidh, páirc ina bhfuil / mbíodh gé".

Dáta: 04/12/2023

Is cinnte gurb é an turcaí a bhíonn ar phríomhbhéile na Nollag in Éirinn le tamall de bhlianta anuas ach is nós é sin a tugadh isteach as tíortha eile agus ba í an ghé ba thábhachtaí roimhe sin. Is díol suntais, ina leith sin, nach neamhchoitianta tagairtí d'éin in ainmneacha na mbailte fearainn, agus go mbíonn an ghé le háireamh ina measc. Dá réir sin, tá Machaire na Gé/Magheranagay "machaire, talamh réidh, páirc ina bhfuil/ mbíodh gé" i gContae Mhaigh Eo, áit arb é 'Goose Park' a luaitear mar aistriúchán air in Tithe Applotment Book na bliana 1830 (féach logainm.ie: #35800). Tá Leacain na Gé/Lackenagea "taobh cnoic na gé" i gCorcaigh agus Lios na Gé/Lisnagea "ráth na gé" i gContae Liatroma. Is díol suime gur minic ainmhithe stoic a lua i logainmneacha atá ceangailte le lios, ráthráithín, focail ar tagairt do ghnéithe seandálaíochta gach ceann acu, agus bheadh le tuiscint uaidh sin gur mhinic a bhaintí 'athúsáid' astu nuair a bhí an bhunúsáid imithe i léig, e.g. Lios na nGabhar/Lisnagore "ráth na ngabhar"; Lios na mBó/Lisnamoe "ráth na mbó"; Lios na Muc/Lisnamuck "ráth na muc"; Lios na gCaorach/Lisnageeragh "ráth na gcaorach"; Lios na gCoiníní/Lisnagoneeny "ráth na gcoiníní"; Lios na Graí/Lisnagree "ráth na gcapall"; Lios an Eich/Lissaneagh "ráth an chapaill"; Ráth na Bó/Rathnabo "lios na bó"; Ráth na gCaorach/Rathnageeragh "lios na gcaorach"; Ráth na gCoinín/Rathnaconeen "lios na gcoinín"; Ráth an Eallaigh/Rathanally "lios an stoic". (Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)