Goirtín na Samhna/Gurteennasowna “páirc bheag (fhéile) na Samhna”

Dáta: 30/10/2023

Nuair atá tús anois le Mí na Samhna, is tráthúil aird a thabhairt ar an logainm Gurteennasowna/Goirtín na Samhna "páirc bheag na Samhna" i gCorcaigh (féach logainm.ie: #9912). I nóta a bhreac Seán Ó Donnabháin, fear logainmneacha, sa bhliain 1841 nuair a bhí an Suirbhé Ordanáis ar siúl, luaitear: ‘Some sports carried on here on Saman’s day [Halloween]’. Cé nach raibh an Donnabhánach féin i gCorcaigh tráth a raibh an suirbhé sin ar siúl, déantar tagairt go soiléir sa nóta don nós imeachtaí spóirt agus eile a thionól aimsir na Samhna. Ar an gcuma chéanna, ag tagairt dó do Knocknasawna/Cnoc na Samhna i gContae Liatroma, áit a shiúil an Donnabhánach féin, bhreac sé "hill of all-hollowtide -- meeting or sports here at the season".