Coill na Sián/Kilnashane “an choill ina bhfuil liosanna”

Dáta: 20/11/2023

I gcodarsnacht leis na sióga in Clonnasheeoge/Cluain na Sióg "páirc na sióg" agus Páirc na Sióg i Loch Garman, maille le Ballynasheeoge/Baile na Sióg "baile (fearainn) na sióg" i nGaillimh, ar annamh a luaitear go sainiúil iad i logainmneacha na mbailte fearainn, tá gné eile atá gaolmhar leis an bhfocal sin, sián (< síodhán) "lios (beag) de chuid na sióg", coitianta go maith in ainmneacha na mbailte fearainn, mar shampla Kilnashane/Coill na Sián "an choill ina bhfuil liosanna na síog" i gContae Laoise (féach logainm.ie: #27773). An Sián "lios na sióg" is bun le Shean i bPort Láirge agus i gCorcaigh; Shean in Ard Mhacha agus i bhFear Manach; Sheean i gCill Dara, i Luimneach, san Iarmhí, i Ros Comáin agus i gCeatharlach; Sheeaun i gContae an Chláir agus i nGaillimh; Sheehaun i Ros Comáin. Tá an focal céanna in Sheeanmore/An Sián Mór "lios mór na sióg"i gContae Mhaigh Eo agus i Sligeach, ainm a léiríonn go raibh an díspeagadh atá i gceist le sián "lios (beag) de chuid na sióg" imithe ó thuiscint. Ag teacht ar an gcás ón taobh eile, An Sián Beag "lios beag na sióg" an bun leis an leagan gallda Shanbeg i gContae Laoise. Os a choinne sin, ní cosúil gur comparáid idir dhá shián cóngarach dá chéile atá i gceist le, Shean Beg/An Sián Beag "lios na sióg, beag"agus Shean More/An Sián Mór"lios na sióg, mór", ar dhá bhaile fearainn atá ag síneadh lena chéile i gContae Phort Láirge seachas dealú i dhá bhaile fearainn faoi leith idir dhá réimse a bhíodh in aon bhaile fearainn amháin roimhe sin ar a dtugtaí An Sián "lios na sióg". Is furasta a thiocfadh duine amú maidir leis an ainm gallda Golashane i gContae na Mí ó tá dhá ainm faoi leith, Gabhla agus An Sián "lios na sióg", curtha ina chéile ann. Tá Sián "lios na sióg" ar fáil freisin i gcuid mhór ainmneacha bailte fearainn de leithéid Carrickateane/Carraig an tSiáin "carraig lios na sióg" i gContae Liatroma ina dtarlaíonn an tuiseal ginideach de sián "lios na sióg". Is díol suntais go bhfuil tagairt don sián "lios na sióg" in ainmneacha oiread sin bailte fearainn agus, ina ainneoin sin, an seantuiscint i seanchas na hÉireann ar na sióga dulta i léig chomh mór agus, go deimhin, beag is fiú á dhéanamh de in Éirinn.