An tEarrach Buaile an Earraigh/Bolinarra “the boley, cattle-fold of spring”
(féach logainm.ie #50846)

Dáta: 22/01/2024

De réir féilire na nGael, nuair a chuirimid mí Eanáir dínn bíonn an t-earrach buailte linn. Más ea, is mithid dúinn féachaint ar roinnt ainmneacha bailte fearainn ina bhfuil an focal earrach le fáil. Orthu seo tá Buaile an Earraigh/Bolinarra “the boley, cattle-fold of spring” (#50846) san Iarmhí agus Cnoc an Earraigh “the hill of spring”, atá béarlaithe mar Knockanarrig i gCorcaigh (#13621) agus Knockanarra i Maigh Eo (#36039).

Faoi mar a chonacthas an tseachtain seo caite (maidir le logainmneacha a bhfuil …an tSneachta “of the snow” iontu), is minic a chaitheann foirmeacha béarlaithe solas ar ghnéithe inspéise de chanúint Ghaeilge na háite. Mar shampla, faighimid Gleann an Earraigh/Glananarig “the valley of spring” (#11325) i gCorcaigh chomh maith le Cnoc an Earraigh/Knockanarrig thuasluaite. Léiríonn an dá fhoirm bhéarlaithe seo réadú -(a)igh/-(a)idh deiridh caol mar /gʹ/, fuaimniú atá coitianta i gcanúintí Gaeilge na Mumhan. Is minic a thagann an gné seo chun solais i bhfoirmeacha áitiúla logainmneacha, cé nach dtarlaíonn sé i gcónaí.

Os a choinne sin, níl rian ar bith de chonsan deiridh -(a)igh le sonrú sa logainm Sraith an Earraigh/Srahanarry “the river-meadow, holm of spring” (#35336) i Maigh Eo, ach oiread le Knockanarra thuasluaite sa chontae céanna agus Bolinarra san Iarmhí. (Le haghaidh plé cuimsitheach ar na logainmneacha seo ó Mhaigh Eo féach Logainmneacha Mhaigh Eo, saothar údarásach deich n-imleabhar leis an Dr. Fiachra Mac Gabhann, nach maireann.)

D’fhéadfadh sé go bhfuair Cnoc an Earraigh “the hill of spring” ainm as fás nua an earraigh a bheith chun tosaigh san áit seo ar áiteanna eile mórdtimpeall uirthi. Ach b’fhéidir freisin go dtionóltaí oireachtas áirithe ar an gcnoc seo le linn an earraigh — nós de chuid na nGael é sin a ndéanfar tuilleadh plé air sa nóta atá le teacht faoin gCáisc. Ach níl aon dabht faoi bhunús Buaile an Earraigh “the boley, cattle-fold of spring”: áit í seo ina n-éiríodh an talamh oiriúnach san earrach do na ba a bheith ag iníor ann. Ba í an bhó príomhbheithíoch na nGael gan aon agó, agus tá a rian sin ar ainmneacha na mbailte fearainn in Éirinn, mar a dtagann cúrsaí eallaigh agus buachailleachta i gceist go minic.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)