Nollaig na mBan: mná, mná rialta, cailleacha, Sliocht Bhrain agus oirnithe rí An Dún/Downs “the fort”
Dún Chaillí Béarra “the fort of the Hag of Beara”
(féach logainm.ie #55524)

Dáta: 01/01/2024

Sa Ghaeilge tugtar idir an dá Nollaig ar an tréimhse idir 25 Nollaig agus 6 Eanáir. (An) Nollaig Bheag a thugtar ar an dáta deiridh seo — féile na hEipeafáine sa chreideamh Caitliceach — nó Nollaig na mBan, mar is fearr aithne air. Cé nach eol dúinn aon ainmneacha bailte fearainn a luann Nollaig na mBan féin, tá go leor díobh ann a thagraíonn do na mná. Orthu seo, is minic a chastar le samplaí a thagraíonn do thailte a bhí i seilbh na n-ord rialta, m.sh. Baile na gCailleach/Ballynagalliagh “the town(land) of the nuns” (#45165) i Sligeach agus Cill na gCailleach/Kilnagalliagh “the church of the nuns” (#7286) sa Chlár. Tabhair faoi deara go gciallaíonn cailleach (gin. u. caillí) “nun” sna logainmneacha seo de ghnáth. B’in í an bhrí ba choitianta leis an bhfocal sin tráth — cé go bhfuil samplaí den bhrí “hag, witch” le fáil sa tseanlitríocht, is annamh a bhíonn an chiall sin le tuiscint i logainmneacha (cf. eDIL s.v. caillech). É sin ráite, tagann samplaí chun solais anois is arís ina dtaispeánann an fhianaise stairiúil gurb amhlaidh gur cailleach “hag” a bhí i gceist.

Sampla amháin díobh seo, tagraíonn sé d’áit a mbeidh ar eolas ag na mílte den lucht coimatéireachta a bhíonn ag taisteal go Baile Átha Cliath go laethúil, idir an dá Nollaig arís b’fhéidir, mar a ngabhann siad thar bráid an bhaile fearainn An Dún/Downs “the fort” (#55524). Tá cur amach ar an ngleann darb ainm Gleann Dá Ghrua “glen of the two hill-brows” (#113096) i gCill Mhantáin, dar ndóigh, ach faigheann sin a ainm Béarla .i. Glen of the Downs ó dhá bhaile fearainn, mar atá An Dún/Downs “the fort” (#55524) agus Cnoc an Dúin/Downshill “the hill of the fort” (#55515), díreach laistiar den ghleann féin. Tá an dún atá i gceist suite ar bharr cnoic i gCnoc an Dúin, agus bíonn tagairtí le fáil dó i bhfoinsí gallda mar ‘the Downe’ nó ‘Downs’ de ghnáth. Ach faighimid an fhoirm fhada ‘Down calybere’ i bpardún a tugadh do ‘Caloaghe M‘Edo … O’Byrne’ [.i. Calbhach mac Aodha Ó Broin] sa bhliain 1547, foirm a thugann an bunainm Gaeilge Dún Chaillí Béarra “the fort of the Cailleach Bhéarra” le fios. Bandia de chuid mhiotaseolaíocht na nGael ab ea Cailleach Bhéarra (Brl. The Hag of Beara) dar ndóigh. Mar a tharlaíonn sé, tá deimhniú ar an mbunleagan Gaeilge a thug an litriú seo ‘Down calybere’ sa chuntas ar sheanláithreacha oirnithe na hÉireann atá le fáil in Foras Feasa ar Éirinn (FFÉ) (*c.*1630) le Seathrún Céitinn (Geoffrey Keating):

Ar Dhún Caillighe Béirre [Dún Caillí Béarra] do gairthí Ó Brain, agus Mac Eochadha do ghaireadh é.

FFÉ iii, p. 14

Díol spéise go ndeir Céitinn freisin gurbh é an teaghlach léannta ceannann céanna (Mac Eochaidh i litriú caighdeánach an lae inniu), a ghaireadh ceannaire na gCinnsealach i dtuaisceart Loch Garman, in áit darb ainm Leac Mhic Eochaidh “the flagstone of Mac Eochaidh [Brl. Kehoe]”:

Ar Leic mic Eochadha do gairthí tighearna Cinnsiolach; agus Mac Eochadha do ghaireadh é.

ibid.

Is ar an mbaile fearainn darb ainm An Logán/Loggan (#53297), 15km slí siar ó thuaidh ó Ghuaire ar an teorainn le Cill Mhantáin, a bhí an láthair oirnithe Leac Mhic Eochaidh suite. Tionóladh an t-oireachtas deireanach ar an láthair sin i 1592 agus, faraor, níl aon chur amach anois ar an logainm úd ná ar Dún Chaillí Béarra.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)