2024-08-15

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Macghníomhartha san úllord.
Cnoc na nÚll/Applefort “the hill of the apples”
(féach logainm.ie #7820).

Dáta: 15/08/2024

Cé nach mbeidh fómhar na n-úll faoi lánseol go dtí mí Mheán Fómhair, is i mí Lúnasa a chuirtear tús leis an gcnuasach. Is maith is cuimhin le cuid againn nach mbíodh aon ghnó ar siúl sa choicís dheireanach roimh dhul ar ais ar scoil ach cuairt a thabhairt go rórialta ar úlloird an cheantair! Tá slite eile ag na haosóga chun a gcuid ama a chaitheamh na laethanta seo, ar ndóigh, agus b’fhéidir nach aon drochrud é sin — dá dhíograisí a bhí na gadaithe óga, is ea is measa a scriosfaí an goile orthu agus iad ag iarraidh fáil réidh leis an bhfianaise go léir ar an slí abhaile. Filleann an feall ar an bhfeallaire, gan amhras, nó mar a deirtear i mBéarla na hÉireann, Little apples will grow again!
Bhí an-tábhacht ag roinnt le húill in Éirinn anallód, mar is léir ó líon mór na dtagairtí don toradh agus don chrann araon in ainmneacha Gaeilge na mbailte fearainn. Cuir i gcás Ceapach na nÚll “the (tillage-)plot of the apples” (logainm.ie #19972) i gContae na Gaillimhe, ainm a béarlaíodh mar Cappaghnanool; féach go ndearnadh aistriúchán díreach ar Oileán na nÚll (logainm.ie #19142) sa chontae céanna, mar Apple Island. Ó dheas, tá Doire na nÚll/Derrynanool “the wood, (oak-)grove of the apples” (logainm.ie #12842) i gContae Chorcaí; tá Ros na nÚll/Rossnanowl “the wood, elevated ground of the apples” (logainm.ie #26678) i gContae Chill Chainnigh; agus Tuaim na nÚll/Tomanoole “the tumulus, hillock of the apples” (logainm.ie #52375) i gContae Loch Garman. Anuas orthusan tá Gort na nÚll/Gortnanool “the field of the apples” (logainm.ie #7546) agus Cnoc na nÚll “the hill of the apples” (logainm.ie #7820) i gContae an Chláir. Applefort a tugadh ar an ainm deiridh sin as Béarla — is ‘leathaistriúchán’ é sin ina nglacann Brl. fort ionad cnoc mar aicmitheoir, agus an t-imfhálú mór ar theorainn an bhaile fearainn faoi thagairt aige. Go deimhin, is mór an seans gur sa sean-imfhálú seo a bhí na crainn úill ag fás.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí