Téamaí faoi thrácht

Scagadh ar rogha téamaí coitianta i logainmneacha na hÉireann. Foilsítear na blúirí eolais seo go tráthrialta.

Leathanach 2 as 4 ar ais ar aghaidh

Dáibhí/Dáith os coinne Dáithí Lough Dahybaun/Loch Dháithí Bháin "the lake of white(-haired) Dáithí" (féach logainm.ie #114293)

Dáta: 26/02/2024

Tharla a chóngaraí is atá an Bhreatain Bheag dúinn in Éirinn, díol spéise nach luann féilirí naomh na nGael éarlamh na tíre sin, mar atá Dai, mar a thugtar air sa Bhreatnais — David sa Bhéarla — a bhíonn á chomóradh ar an gcéad lá de mhí seo na Márta. Go deimhin is é Seanán, éarlamh Inis Cathaigh (#7214) i gContae an Chláir, an naomh is mó le rá a cheiliúrtar faoin dáta sin sna féilirí dúchasacha. Tugadh an t-ainm David isteach go hÉirinn le linn ionradh na nAngla-Normannach — ar tháinig cuid mhaith díobh ón mBreatain Bheag i dtosach — gur gaelaíodh é mar Dáibhéad, bunús an tsloinne Mac Dháibhéid (a béarlaíodh ar ais mar (Mc)Davitt/(Mc)Devitt/(Mc)Kevitt). Gaelaíodh foirm dhíspeagtha an ainm phearsanta Brl. Davy (< David) mar Dáibhí, an fhoirm ba choitianta úsáid ar fud na Gaeltachta. Bhí móréileamh ar an ainm seo i measc na Sean-Ghall (.i. na hAngla-Normannaigh ghaelaithe) agus na nGael araon, rud a fhágann nach aon iontas é go bhfuil sé le fáil in ainmneacha bailte fearainn amhail Doire Dháibhí “the (oak )wood, grove of Dáibhí” (#28554) i gContae Laoise agus Baile Dáibhí “the town(land) of Dáibhí” (#18435) i gContae na Gaillimhe. Cailleadh an consan caol /v′/ (.i. -(i)bh- scríofa) i gcomhthéacsanna áirithe i roinnt canúintí Gaeilge, ar ndóigh; rinneadh siolla amháin den ainm déshiollach seo Dáibhí, gur thug an mhalairt foirme Dáith. As sin a fhaighimid na réaduithe béarlaithe seo a leanas ar an logainm Gaeilge Baile Dháith “the town(land) of Dáith”: Ballyda (#10198) i gContae Chorcaí, Ballydaw (#27719) i gContae Chill Chainnigh, agus idir Ballydaw or Davidstown (#52608) agus Ballyday (#53315) i gContae Loch Garman. Ach b’ann d’ainm pearsanta Gaelach eile nach raibh baint dá laghad aige leis an ainm úd David, mar atá Dá Thí (nó Dáithí mar a scríobhtar anois é). Bhí sé seo ina ainm cine ag Muintir Dhúda i gContae Shligigh ach ní raibh sé coitianta riamh i measc na nGael sa chuid eile den tír. Seans go dtagann sé i gceist sa mhionainm Tobar Sean-Dáithí “the well of old Dáithí” (#1415832) i gContae Luimnigh, ach is cinnte gurb é atá le fáil sa logainm Loch Dháithí Bháin “the lake of Dáithí bán [i.e., white(-haired) Dáithí]” (#114293) i dtuaisceart Chontae Mhaigh Eo, gairid do bharúntacht Thír Fhiachrach i gContae Shligigh, mar a raibh Muintir Dhúda thuasluaite ina bpríomhtheaghlach. Ar meath an chórais Ghaelaigh, thosaigh Muintir Dhúda ar an ainm cine seo Dáithí a bhéarlú leis an ainm David, cé nach raibh aon ghaol teangeolaíochta eatarthu — chonaiceamar an nós seo cheana, nuair a d’iompaigh Méabh ina Madge agus Mór ina Mary. Ach ar an drochuair, le linn na hAthbheochana ag casadh an 20ú haois, tháinig an t-ainm neamhchoitianta seo Dáithí chun cinn mar a bheadh aistriú Gaeilge caighdeánach ar Brl. David, gan chúis dá laghad, agus in ainneoin nach mbíodh sé in úsáid mar sin ach ag aon teaghlach Gaelach amháin. Tá an dá ainm chomh fite fuaite ina chéile ó shin i leith, áfach, go meastar go minic gur botúin atá i leithéid Baile Dháith/Davidstown (#27543) i gContae Chill Chainnigh agus Baile Dháibhí/Ballydavid (#12126) i gContae Chorcaí, srl., agus go mba chirte Baile Dháithí mar leagan Gaeilge — gan amhras, is é a mhalairt ghlan atá fíor! (Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Séasúr na hIascaireachta Mainistir na Corann/Midleton “the abbey of the weir”
(féach logainm.ie #
658)

Dáta: 19/02/2024

Cé bhfuil an t-iascach intíre ar bun arís ó mhí Eanáir in áiteanna áirithe, den chuid is mó ní thosnaítear air arís go dtí mí an Mhárta, nó níos déanaí fiú. Agus séasúr seo na hiascaireachta ag druidim linn, más ea, cuirtear bradán feasa “salmon of knowledge” na seanscéalta miotaseolaíochta i gcuimhne dúinn. Agus cuid lárnach de shaol na nGael ab ea an iascaireacht bradán, cé nár fhág sé a rian go róláidir ar ainmneacha na mbailte fearainn, nach bhfuil ach dornán tagairtí díreacha le fáil iontu do rí seo na n-iasc. Tá Loch na mBradán/Loughnambraddan “the lake of the salmon” (#14637) againn i nDún na nGall agus Maighean an Bhradáin/Maine “the eminent place of the salmon” (#33505) i Lú. Mar is minic a thiteann amach i dtaobh eilimintí logainmneacha, áfach, b’ann do Bradán mar ainm pearsanta freisin: sna logainmneacha Tulaigh Bhradáin/Tullybradan “the mound of Bradán” (#30342) i Liatroim agus Mín Uí Bhradáin/MeenybraddanÓ Bradáin’s tract of grassland” (#13955) i nDún na nGall faighimid an t-ainm pearsanta agus an sloinne a d’eascair as, faoi seach.

Is dócha gurb é Leixlip (#893), ainm baile agus paróiste dlí ar an teorainn idir Cill Dara agus Baile Átha Cliath, an logainm is mó le rá in Éirinn a bhfuil an bradán faoi thagairt ann — ach níl bunús Gaeilge leis in aon chor. “Salmon-leap” an bhrí atá le Leixlip ó cheart (cf. an fhoirm laidinithe Saltus Salmonum i gcáipéisí luatha), ach níltear cinnte cé acu ó Shean-Ioruais na Lochlannach nó ó Mheán-Bhéarla na nAngla-Normannach a thagann sé. Más Lax-hløypa na Sean-Ioruaise atá ann, is é an sampla is sia intíre ar fad de na 30 éigin logainm Lochlannaise a thagann anuas chugainn in Éirinn; d’fhéadfaí a mheas freisin gur dóchúla bunús Angla-Normannach, mar sin, ó lax + hlēap an Mheán-Bhéarla (eilimintí atá le fáil i logainmneacha i Sasana nach bhfuil bunús Lochlannaise leo, m.sh. Lexmere “salmon-pool”, Ruislip “rush-leap”, srl.). Is aistriúchán í foirm Ghaeilge an lae inniu Léim an Bhradáin, dar ndóigh, ach tá fianaise mhaith ann gurbh é ainm a bhí ag lucht na Gaeilge ar an mbaile sa 17ú agus sa 18ú haois *Leaspaic, nó a leithéid — mar ghaelú foghrúil ar logainm gallda, is malairt é seo ar an ngnáthphróiseas a bhfuil taithí againn air i logainmneacha na hÉireann.

Is mó go mór líon na mbailte fearainn a bhfuil tagairt indíreach don iascaireacht le fáil iontu leis an eilimint cora “weir”. Ar na samplaí seo, atá rólíonmhar le liostáil ina n-iomláine, tá Baile na Cora “the town(land) of the weir” i gCorcaigh, Luimneach, Maigh Eo, Port Láirge, Ard Mhacha, Gaillimh agus Sligeach (féach logainm.ie); Barr na Cora “top, hilltop of the weir” i gCorcaigh, i nGaillimh agus sa Longfort (féach logainm.ie); Béal Átha na Cora “approach to the ford of the weir” i nDún na nGall, Maigh Eo, Ard Mhacha agus Luimneach (féách logainm.ie). Is é Mainistir na Corann/Midleton “the monastery of (the river of) the weir” (#658), ainm baile agus paróiste dlí i gCorcaigh, an sampla is mó a bhfuil cur amach air. Malairt ghinideach uatha de cora is ea corann, agus tagraíonn sé d’ainm na habhann ar ar tógadh an mhainistir .i. Abhainn na Cora/Owennacurra “the river of the weir” (#116509), abhainn a dtáinig tuilte millteanacha tubaisteacha inti i mí Dheireadh Fómhair 2023. Thug an abhainn chéanna ainm don sráidbhaile Baile na Cora/Ballinacurra “the town of (the river of) the weir” (#12283) 2km slí ó dheas ó Mhainistir na Corann féin.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Séasúr na n-uan Cnocán na nUan/Knockaunnanoon “the hillock of the lambs”
(féach logainm.ie #
24215)

Dáta: 12/02/2024

Agus sinn ag druidim le lár mhí Feabhra, níl aon ábhar is mó i mbéal phobal na tuaithe ná breith na n-uan. Níl a lán tagairtí díreacha d’uain le fáil in ainmneacha bailte fearainn, ach níl aon easpa samplaí a thagraíonn do chaoirigh i gcoitinne — bíodh is nach rabhadarsan riamh chomh tábhachtach leis na ba, mar stoc, i gcultúr na nGael, ná baol air.

De réir an taighde mar a sheasann sé faoi láthair, tá claonadh láidir i dtreo an iardheiscirt i ndáileadh na mbailte fearainn a bhfuil uain luaite ina n-ainmneacha: cuir i gcás Cnocán na nUan/Knockaunnanoon “the hillock of the lambs” (#24215) agus Glashananoon/Glaise na nUan “the stream of the lambs” (#24046) i gCiarraí, chomh maith le Gortnanoon/Gort na nUan “the field of the lambs” (#11187) agus Inchnanoon/Inse na nUan “the holm of the lambs” (#13235) i gCorcaigh. Ní heol dúinn fós an bhfuil aon réasún leis an bpatrún dáileacháin seo, más patrún é.

Tugtar mionlogainmneacha ar logainmneacha nach dtagraíonn d’aonaid riaracháin (amhail bailte fearainn, paróistí dlí, sráidbhailte, srl.) ná do mhórghnéithe aiceanta. Tá uan le fáil i mionainmneacha mar seo ar feadh an chósta thiar ó Chiarraí go Dún na nGall. (Tá samplaí éiginnte de luán, focal eile ar uan, le fáil san iarthar freisin. Ní féidir an t-ainmfhocal sin luán “lamb” a idirdhealú ón ainm pearsanta Luán i sampaí amhail Cluain Luáin/Cloonlooaun “pasture of (the) lamb?” nó “the pasture of Luán” (#18323) i nGaillimh agus Droim Luáin/Drumlowan “ridge of (the) lamb?” nó “the ridge of Luán” (#30057) i Liatroim, ach thabharfadh an t-alt le fios gurb é an t-ainmfhocal coitianta atá sa logainm Droim an Luáin/Drumalooaun “the ridge of the lamb” (#36831) i Maigh Eo.)

Fiú amháin má chuirtear an téarma ginearálta caora, gin. caorach san áireamh freisin feictear an dáileachán céanna seo san iarthar. Ach tá samplaí le fáil in áiteanna eile, gan dabht, ar nós Ráth na gCaorach/Rathnageeragh “the ringfort of the sheep” i Loch Garman (#53506) agus i gCeatharlach (#3303), dhá logainm a dhéanann tagairt don athúsáid a bhaintí as fothracha seanimfháluithe mar chróite beostoic. Sampla dóchúil as oirthear na tíre is ea ‘Clogh a Da ooin’, léirithe mar mharc teorann ar léarscáil de Ghleann an Smóil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath a rinneadh i 1752, tráth a raibh an áit sin ina fíor-Ghaeltacht — is cosúil go gcuireann an litriú béarlaithe sin Cloch an Dá Uan “the stone of the two lambs” in iúl.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

An t-ainm Bríd agus an sloinne Mac Giolla Bhríde - Fearann Mhic Giolla Bhríde/Farranmacbride “the land of Mac Giolla Bhríde/McBride” (féach logainm.ie #14820)

Dáta: 05/02/2024

Rud nach bhfuil ar eolas go forleathan, is dócha, is ea nach raibh sé de nós ag na Gaeil sna meánaoiseanna ainmneacha naomh a ghlacadh chucu féin mar ainmneacha pearsanta. Bheadh Bríd, cuir i gcás (mar atá le fáil i logainmneacha amhail Kilbride/Cill Bhríde “the church of Bríd/Saint Brigit” (#2554) a pléadh an tseachtain seo caite), thar a bheith neamhchoitianta mar ainm pearsanta i measc na nGael sa tréimhse sin, murab ionann is an lá inniu. Ní taise do Muire é, ainm na Maighdine sa traidisiún Caitliceach, ar iasacht dhíreach é ó Maria na Laidine. (Tháinig an leagan eile Máire isteach mar ainm pearsanta i bhfad ní ba dhéanaí, dar ndóigh, mar iasacht ó Marie na nAngla-Normannach.) Agus cé go nglacfaimisne lena mhalairt, b’fhéidir, agus dearcadh an lae inniu againn, is amhlaidh nach raibh baint dá laghad ag an gCaitliceachas le forleathadh an ainm Bhéarla Mary in Éirinn an chéad lá. Ní hea ach ceanglaíodh an t-ainm Mary le hainm dúchasach Gaelach a bhí coitianta thar na bearta ach nach raibh gaolta in aon chor léi, mar atá Mór. Mar chomhartha ar a chomónta is a bhí an t-ainm sin in Éirinn anallód, níl againn ach féachaint ar an seanfhocal "Is leor do Mhór a dícheall" (“One can only do one’s best”) ina seasann Mór don ghnáthdhuine daonna, is é sin, do Thadhg na sráide.

Ach in ionad úsáid dhíreach a bhaint as na hainmneacha seo, bhí cleas eile ag na Gaeil chun cléirigh agus naoimh chlúiteacha a chaomhnú ina gcuid ainmneacha pearsanta. Go hiondúil, chuiridís an mhír maol “devotee, servant (lit. tonsure)” (féach eDIL s.v. 3 Mael) nó giolla “servant” (eDIL s.v. gilla (e)) roimh ainm an naoimh, m.sh. Maolphádraig, Giolla Phádraig; Maolbhríde, Giolla Bhríde; Maolmhuire, Giolla Mhuire; Maoileachlainn (< Maol Sheachlainn < Maol Sheachnaill). Bhaintí úsáid as na hainmneacha seo mar ainmneacha pearsanta fireanna, fiú iad siúd a chaomhnaigh naoimh bhaineanna. Mar ba dhual do na Gaeil, d’fhorbair sloinnte as na hainmneacha pearsanta seo trí na míreanna Ó “descendant of” nó Mac “son of” a chur leo, rud a d’fhág Mac Giolla Mhuire/Gilmore, Mac Giolla Bhríde/McBride, srl. (I gcás an tsloinne Ó Maoileachlainn, féach gur meascadh é go ginearálta le Mac Lochlainn/McLoughlin.)

Is fiú a lua, áfach, i leith sloinnte dar tús Mac…, gur mhór an luí a bhí ag na Gaeil riamh le hainmneacha athartha, is é sin, go ndéanaidís duine nó sliocht ar leith de chuid fine nó treibhe áirithe a shonrú le hainm an athar nó an tseanathar — agus bíonn sé seo le sonrú fiú amháin i gcáipéisí gallda. Féach mar shampla ‘Surrender by Cormac Carty fitz Derby alias Cormac m‘Diermod m‘Teig M‘Carty, of the Blarny, co. Cork…’ [= Cormac mac Diarmada mhic Thaidhg Mac Cárthaigh] i bhFiant dar dáta 1589.

Dá bhrí sin is uile, nuair a bhímid ag scrúdú logainm amhail Fearann Mhic Giolla Bhríde/Farranmacbride (#14820) is deacair a mheas cé acu “the land of the son of Giolla Bhríde (.i. ainm athartha chun ginealach a chur in iúl)” nó “the land of Mac Giolla Bhríde/McBride (.i. ainm teaghlaigh .i. sloinne)” a bhí i gceist ó cheart. Fadhb choitianta é seo a bhaineann le logainmníocht na hÉireann agus de ghnáth ní bhíonn aon réiteach air ach dul i muinín le taighde comhlántach. I gcás Fearann Mhic Giolla Bhríde, díol mór spéise go raibh cúlra eaglasta ag an sloinne Mac Giolla Bhríde (Brl. McBride) i ndeoise Ráth Bhoth agus san iarthuaisceart i gcoitinne — agus tá sé le tuiscint as torthaí taighde atá tagtha chun solais le déanaí gur mó go mór an seans go mbeadh sloinne teaghlaigh áirithe le fáil in ainm baile fearainn má bhí stádas ard nó gairmiúil ag an teaghlach sin sa cheantar. Sa chás seo, más ea, is féidir linn an cáilitheoir sa logainm Fearann Mhic Giolla Bhríde/Farranmcbride a thuiscint mar shloinne a bhí ar theaghlach áitiúil a raibh cúlra eaglasta aige .i. Mac Giolla Bhríde; díol spéise freisin gur dócha gur thagair an t-aicmitheoir féin fearann “land” do thailte a bhí i seilbh na hEaglaise tráth.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Féile Iomboilg agus Lá Fhéile Bríde Kilbride/Cill Bhríde “the church of Bríd/Brigit”
(féach logainm.ie #
2554)

Dáta: 29/01/2024

Le blianta beaga anuas tá an-chaint sna meáin ar an tseanfhéile Ghaelach úd Iombolg (féach eDIL s.v. imbolc, óimelc). Ach i ndáiríre, sular tháinig an borradh seo le déanaí air, bhí an focal Iombolg tite as úsáid sa Ghaeilge leis na cianta: is ar éigean a luaitear é i dtéacsanna déanacha agus níl mórán tagairtí le fáil dó sna foinsí luatha féin. Is é cúis leis sin, is dócha, gur ionadaíodh féile pháganach Iombolg go han-luath le féile nua na Críostaíochta a dtugaimid Lá Fhéile Bríde inniu air, tiomnaithe gan dabht do Naomh Bríd (< Brighid na Nua-Ghaeilge Moiche < Brigit na Sean-Ghaeilge).

Tá cor eile sa scéal, áfach. Bríd (SG Brigit) ab ainm do bhandia i gcultúr réamh-Chríostaí na nGael freisin. Dá bhrí sin is inmheasta go raibh cuid mhaith de na láithreacha beannaithe seo atá ainmnithe as Bríd na Críostaíochta, mar dhea, tiomnaithe dá réamhtheachtaí págánach ó cheart. Gan amhras ba dheacair a ríomh anois cé chomh coitianta is a tharla a leithéid d’ionadú díreach, ach díol spéise go bhfuil Cill Bhríde “the church of Bríd/Brigit”, mar ainm baile fearainn nó paróiste a chaomhnaíonn Bríd (féach logainm.ie), a dhá oiread níos comónta ná Cill Phádraig “the church of Pádraig/Patrick”, mar logainm a chaomhnaíonn éarlamh na hÉireann féin (féach logainm.ie). Dá mb’fhíor go raibh seict nua na Críostaíochta ag gabháil chucu féin na seanláithreacha naofa a fuaireadar rompu a bhí tiomnaithe don bhandia phágánach úd, bheadh míniú áirithe againn ar thromlach mór na mBríd-ainmneacha sa lá atá inniu ann.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

An tEarrach Buaile an Earraigh/Bolinarra “the boley, cattle-fold of spring”
(féach logainm.ie #
50846)

Dáta: 22/01/2024

De réir féilire na nGael, nuair a chuirimid mí Eanáir dínn bíonn an t-earrach buailte linn. Más ea, is mithid dúinn féachaint ar roinnt ainmneacha bailte fearainn ina bhfuil an focal earrach le fáil. Orthu seo tá Buaile an Earraigh/Bolinarra “the boley, cattle-fold of spring” (#50846) san Iarmhí agus Cnoc an Earraigh “the hill of spring”, atá béarlaithe mar Knockanarrig i gCorcaigh (#13621) agus Knockanarra i Maigh Eo (#36039).

Faoi mar a chonacthas an tseachtain seo caite (maidir le logainmneacha a bhfuil …an tSneachta “of the snow” iontu), is minic a chaitheann foirmeacha béarlaithe solas ar ghnéithe inspéise de chanúint Ghaeilge na háite. Mar shampla, faighimid Gleann an Earraigh/Glananarig “the valley of spring” (#11325) i gCorcaigh chomh maith le Cnoc an Earraigh/Knockanarrig thuasluaite. Léiríonn an dá fhoirm bhéarlaithe seo réadú -(a)igh/-(a)idh deiridh caol mar /gʹ/, fuaimniú atá coitianta i gcanúintí Gaeilge na Mumhan. Is minic a thagann an gné seo chun solais i bhfoirmeacha áitiúla logainmneacha, cé nach dtarlaíonn sé i gcónaí.

Os a choinne sin, níl rian ar bith de chonsan deiridh -(a)igh le sonrú sa logainm Sraith an Earraigh/Srahanarry “the river-meadow, holm of spring” (#35336) i Maigh Eo, ach oiread le Knockanarra thuasluaite sa chontae céanna agus Bolinarra san Iarmhí. (Le haghaidh plé cuimsitheach ar na logainmneacha seo ó Mhaigh Eo féach Logainmneacha Mhaigh Eo, saothar údarásach deich n-imleabhar leis an Dr. Fiachra Mac Gabhann, nach maireann.)

D’fhéadfadh sé go bhfuair Cnoc an Earraigh “the hill of spring” ainm as fás nua an earraigh a bheith chun tosaigh san áit seo ar áiteanna eile mórdtimpeall uirthi. Ach b’fhéidir freisin go dtionóltaí oireachtas áirithe ar an gcnoc seo le linn an earraigh — nós de chuid na nGael é sin a ndéanfar tuilleadh plé air sa nóta atá le teacht faoin gCáisc. Ach níl aon dabht faoi bhunús Buaile an Earraigh “the boley, cattle-fold of spring”: áit í seo ina n-éiríodh an talamh oiriúnach san earrach do na ba a bheith ag iníor ann. Ba í an bhó príomhbheithíoch na nGael gan aon agó, agus tá a rian sin ar ainmneacha na mbailte fearainn in Éirinn, mar a dtagann cúrsaí eallaigh agus buachailleachta i gceist go minic.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Sneachta an Gheimhridh agus comharthaí canúna Ailt an tSneachta/Altatraght “the ravine of the snow” (féach logainm.ie #16148)

Dáta: 15/01/2024

Táimid ag druidim go tiubh le deireadh mhí Eanáir agus deireadh an gheimhridh, de réir fhéilire na nGael; ach gan amhras, déarfadh a lán againn go bhfuil séasúr meitéareolaíoch an gheimhridh faoi lánseol fós agus seans ann i gcónaí go dtitfidh an sneachta ina bhrat bán. Cé nach bhfuil sneachta róchoitianta mar eilimint i logainmneacha, tá samplaí le fáil in ainmneacha bailte fearainn sna ceithre chúige. Cuir i gcás Ailt an tSneachta/Altatraght “the ravine of the snow” (#16148) i nDún na nGall, Tulaigh an tSneachta/Tullintrat “the mound of the snow” (#39886) i Muineachán, Cúil an tSneachta/Coolasnaghta “the recess of the snow” (#3298) i gCeatharlach agus Cluain Sneachta/Cloonsnaghta “pasture of (the) snow”, i Maigh Eo (#34456) agus sa Chlár (#6959) araon.

Log an tSneachta “the hollow of the snow” le fáil sa Chabhán (#5489) agus i Liatroim (#29846), agus é béarlaithe Legatraghta agus Lugasnaghta faoi seach; go deimhin, is ann do loig thopagrafacha sa dá áit acu ina mairfeadh an sneachta slán tar éis na coscartha máguaird. Agus tá aghaidh ó thuaidh, den chuid is mó, ag formhór na mbailte fearainn eile thuasluaite freisin, rud a chuirfeadh moill ar an leá iontu os coinne áiteanna lena n-aghaidh ó dheas. Ní mar sin do Ailt an tSneachta/Altatraght “the ravine of the snow” i nDún na nGall, áfach, agus is inmheasta gur sneachta a fhanacht san ‘ailt’ (.i. sa chlais) féin a thug ainm don áit áirithe sin.

Is minic a thuigtear foirmeacha béarlaithe logainmneacha Gaeilge mar a bheadh truailliú — ní gan chúis — ach is fíor freisin gur féidir le foirm bhéarlaithe eolas a sholáthar faoi ghnéithe den chanúint áitiúil nach mbeadh le sonrú as litriú caighdeánach Gaeilge. Mar shampla, léiríonn na foirmeacha béarlaithe Altatraght i nDún na nGall, Tullintrat i Muineachán agus Legatraghta sa Chabhán go raibh fuaimniú /-tr-/ ar an gcarn consan -t(s)n- in …an tSneachta, forbairt ar saintréith í de chuid chanúintí an tuaiscirt (cf. mná /mr-/, cnoc /kr-/, srl.). Ach bíonn sé an-chontúirteach tátal canúineolaíochta a bhaint as foirmeacha béarlaithe logainmneacha, fiú amháin i dtaobh bunghnéithe simplí mar atá díreach luaite. Níl sna hainmneacha oifigiúla Béarla seo ach spléachadh amháin ar an bhfianaise; thairis sin, dar ndóigh, rinneadh caighdeánú córasach orthu le linn an chéad Suirbhéireacht Ordanáis i lár an 19ú haois atá seanbhunaithe ó shin. Cuir i gcás Lugasnaghta i Liatroim: ar an gcéadfhéachaint thabharfadh an litriú caighdeánach sin le fios go raibh fuaimniú canúnach le clos anseo a bhí éagsúil ó na samplaí eile thuasluaite nach bhfuil rófhada ó bhaile; ach is amhlaidh a shoiléiríonn tagairtí luatha don logainm céanna amhail ‘Lugatraghta’ agus ‘Leggatrachta’ an fhorbairt /-tr-/ sa chás seo freisin (féach #29846). Faoi mar a fheicfear i nótaí eile amach anseo, is gá dúinn taighde cuimsitheach a dhéanamh ar gach logainm i dtosach báire i gcónaí, an fhianaise sin a dhearbhú agus ansin anailís stuama a dhéanamh air ina iomláine — gan a leithéid a dheimhniú is nach mór cinnte go gcuirfí amú sinn.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Ó Mhéabh agus a carn go dtí ‘Madge’ agus a cnapán ime. Meascán Mhéabha/Meskan Meva “the lump (of rock) of Méabh”
(féach logainm.ie #
1396738)

Dáta: 08/01/2024

Luaitear mná in ainmneacha bailte fearainn na hÉireann minic go leor, ach is fíorannamh a thagann mórphearsana baineanna as miotaseolaíocht na nGael i gceist. Chonaiceamar cheana, áfach, gur caomhnaíodh Cailleach Bhéarra (Brl. The Hag of Beara) sa leagan stairiúil d’ainm an bhaile fearainn An Dún/Downs “the fort” (#55524) i gCill Mhantáin, mar atá Dún Chaillí Béarra “fort of the Hag of Beara”.

Ach is í Méabh — ise a chuir in aghaidh Chú Chulainn agus Chonchúir mhic Neasa i seanscéalta na Rúraíochta — an bhean miotaseolaíochta is coitianta a luaitear i logainmneacha. Thug sí ainm don pharóiste dlí Boith Mhéabha/Bovevagh “the (religious) hut of Méabh” (#1413310) i nDoire, ach den chuid is mó caomhnaítear í in ainmneacha gnéithe aiceanta nó saorga, amhail cnocáin, dúnta agus cairn. Tá réimse leathan sna gnéithe seo ó thaobh méid de, freisin — ó Cnocán MhéabhaMéabh’s hillock”, dumha beag a sheas ar theorainn na gcontaetha idir Gleann an Smóil i mBaile Átha Cliath agus Gleann Crí i gCill Mhantáin, go dtí Meascán Mhéabha/Miosgan MevaMéabh’s lump (of rock)” (#112076), carn ollmhór cloch ar bharr Chnoc na Riabh i Sligeach, ar a dtugtar Queen Maeve’s Cairn go coitianta sa Bhéarla.

Tá samplaí eile den logainm ceannann céanna Meascán Mhéabha agus é le fáil mar ainm cairn, béarlaithe mar Meskanmave i nDún na nGall (#1396738) agus Misgaun Meve i Ros Comáin (#1410345). (Tá dhá shampla eile le fáil i nDún na nGall fosta: féach logainm.ie). Is mór an díol suntais gur tugadh an t-ainm céanna seo ar chairn ar bharr sléibhte i dtrí chontae éagsúla in iarthuaisceart na tíre. Ní heol dúinn anois bunús beacht an dáileacháin seo, ach is cinnte ar a laghad is lú go léiríonn sé tábhacht Mhéabha i gcultúr na nGael. I 1835, le linn an chéad Suirbhéireacht Ordanáis, breacadh an scéilín aisteach áitiúil seo a leanas in Ainmleabhar Paróiste a thug faoi bhunús an logainm Meascán Mhéabha (#1396738) (ar an Mucais i nDún na nGall) a mhíniú:

Maskon Mave is a large mound of stones. The English of it is Madge’s butter. A woman of the name of Madge was ordered as a punishment to carry these stones to the top of Muckish and there to build them in a heap together and after this exploit was performed she was to go to Connaught and there she was to get a lump of butter (or a Maskon) as large as her mound of stones. So the mound of stones is called Mascon Mave or Madge’s butter.

Descr.Rem.:AL

Cé go mbeadh fonn ar dhuine glacadh leis nach bhfuil sa scéilín seo ach sampla d’aoibhneas ársa na miotaseolaíochta arna mheath thar na céadta bliain go baois leamh an bhéaloideasa, tá sé fíorthábhachtach a thabhairt faoi deara go gcaomhnaíonn sé an bunchomhthéacs Connachtach ina gcuirtear Méabh i láthair sa tseanlitríocht. Is sampla maith freisin é d’ainm breá Gaelach — ceann de na hainmneacha is mó le rá acu ar fad — arna chaitheamh i leataobh le linn tubaiste an athraithe teanga sa 19ú haois agus arna ionadú le hainm pearsanta Béarla nach raibh baint dá laghad aige leis. (Foirm dhíspeagtha de Brl. Margaret atá i Madge.) Maidir leis an gceangal a samhlaíodh idir an carn ollmhór cloch seo agus cnapán ime, cuimhnímis a chomónta is a bhí an focal meascán sa dara ciall sin in Éirinn, ón tseanaimsir i leith (see eDIL s.v. mescán).

Níor chóir gan rud beag eile a lua mar fhocal scoir, tharla gur in Ainmleabhar na Suirbhéireachta Ordanáis a breacadh an scéilín seo. Dá slogfaimis an t-íomhá claonta de chur chuige na Suirbhéireachta Ordanáis a chuirtear i láthair sa dráma Translations, bheimis ag súil leis gurbh é an t-aistriúchán áitiúil amaideach seo Brl. Madge’s Butter a bheadh roghnaithe go neamhchúiseach le greanadh ar na léarscáileanna oifigiúla. Ach dar ndóigh, is amhlaidh a bhí na scoláirí Gaeilge a d’oibrigh sa Rannóg Topagrafaíochta den tSuirbhéireacht Ordanáis báite i gcultúr agus i litríocht na nGael, agus thairis sin go bhfuaireadar tacaíocht thuisceanach thar na bearta ón oifigeach Sasanach a bhí i gceannas ar an ngnó ar fad. Faoi mar is iondúil a tharla, rinneadar deimhin de go ngreanfaí ainm traidisiúnta na gné seo ar an léarscáil, go mbeadh sé ar fáil do na glúnta — bíodh is gur i gcrot an Bhéarla é — mar Meskanmave.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Nollaig na mBan: mná, mná rialta, cailleacha, Sliocht Bhrain agus oirnithe rí An Dún/Downs “the fort”
Dún Chaillí Béarra “the fort of the Hag of Beara”
(féach logainm.ie #
55524)

Dáta: 01/01/2024

Sa Ghaeilge tugtar idir an dá Nollaig ar an tréimhse idir 25 Nollaig agus 6 Eanáir. (An) Nollaig Bheag a thugtar ar an dáta deiridh seo — féile na hEipeafáine sa chreideamh Caitliceach — nó Nollaig na mBan, mar is fearr aithne air. Cé nach eol dúinn aon ainmneacha bailte fearainn a luann Nollaig na mBan féin, tá go leor díobh ann a thagraíonn do na mná. Orthu seo, is minic a chastar le samplaí a thagraíonn do thailte a bhí i seilbh na n-ord rialta, m.sh. Baile na gCailleach/Ballynagalliagh “the town(land) of the nuns” (#45165) i Sligeach agus Cill na gCailleach/Kilnagalliagh “the church of the nuns” (#7286) sa Chlár. Tabhair faoi deara go gciallaíonn cailleach (gin. u. caillí) “nun” sna logainmneacha seo de ghnáth. B’in í an bhrí ba choitianta leis an bhfocal sin tráth — cé go bhfuil samplaí den bhrí “hag, witch” le fáil sa tseanlitríocht, is annamh a bhíonn an chiall sin le tuiscint i logainmneacha (cf. eDIL s.v. caillech). É sin ráite, tagann samplaí chun solais anois is arís ina dtaispeánann an fhianaise stairiúil gurb amhlaidh gur cailleach “hag” a bhí i gceist.

Sampla amháin díobh seo, tagraíonn sé d’áit a mbeidh ar eolas ag na mílte den lucht coimatéireachta a bhíonn ag taisteal go Baile Átha Cliath go laethúil, idir an dá Nollaig arís b’fhéidir, mar a ngabhann siad thar bráid an bhaile fearainn An Dún/Downs “the fort” (#55524). Tá cur amach ar an ngleann darb ainm Gleann Dá Ghrua “glen of the two hill-brows” (#113096) i gCill Mhantáin, dar ndóigh, ach faigheann sin a ainm Béarla .i. Glen of the Downs ó dhá bhaile fearainn, mar atá An Dún/Downs “the fort” (#55524) agus Cnoc an Dúin/Downshill “the hill of the fort” (#55515), díreach laistiar den ghleann féin. Tá an dún atá i gceist suite ar bharr cnoic i gCnoc an Dúin, agus bíonn tagairtí le fáil dó i bhfoinsí gallda mar ‘the Downe’ nó ‘Downs’ de ghnáth. Ach faighimid an fhoirm fhada ‘Down calybere’ i bpardún a tugadh do ‘Caloaghe M‘Edo … O’Byrne’ [.i. Calbhach mac Aodha Ó Broin] sa bhliain 1547, foirm a thugann an bunainm Gaeilge Dún Chaillí Béarra “the fort of the Cailleach Bhéarra” le fios. Bandia de chuid mhiotaseolaíocht na nGael ab ea Cailleach Bhéarra (Brl. The Hag of Beara) dar ndóigh. Mar a tharlaíonn sé, tá deimhniú ar an mbunleagan Gaeilge a thug an litriú seo ‘Down calybere’ sa chuntas ar sheanláithreacha oirnithe na hÉireann atá le fáil in Foras Feasa ar Éirinn (FFÉ) (*c.*1630) le Seathrún Céitinn (Geoffrey Keating):

Ar Dhún Caillighe Béirre [Dún Caillí Béarra] do gairthí Ó Brain, agus Mac Eochadha do ghaireadh é.

FFÉ iii, p. 14

Díol spéise go ndeir Céitinn freisin gurbh é an teaghlach léannta ceannann céanna (Mac Eochaidh i litriú caighdeánach an lae inniu), a ghaireadh ceannaire na gCinnsealach i dtuaisceart Loch Garman, in áit darb ainm Leac Mhic Eochaidh “the flagstone of Mac Eochaidh [Brl. Kehoe]”:

Ar Leic mic Eochadha do gairthí tighearna Cinnsiolach; agus Mac Eochadha do ghaireadh é.

ibid.

Is ar an mbaile fearainn darb ainm An Logán/Loggan (#53297), 15km slí siar ó thuaidh ó Ghuaire ar an teorainn le Cill Mhantáin, a bhí an láthair oirnithe Leac Mhic Eochaidh suite. Tionóladh an t-oireachtas deireanach ar an láthair sin i 1592 agus, faraor, níl aon chur amach anois ar an logainm úd ná ar Dún Chaillí Béarra.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Ros Comáin/Roscommon "coill Chomáin"

Dáta: 18/12/2023

Nuair atá Lá Nollag thart, táthar anois idir an dá Nollaig, an tréimhse idir An Nollaig ar an 25 Nollaig agus Nollaig na mBan ar an 6 Eanáir. Lá Fhéile Stiofáin an chéad lá den tréimhse seo, tagairt don mhairtíreach, Naomh Stiofán. Ó tharla nach luaitear eisean i seanfhéilire na naomh in Éirinn, ní thagtar ar thagairt dó ach oiread in aon seanainm ar bhaile fearainn. Déantar comóradh air in ainm paróiste i bPort Láirge, Paróiste Stiabhna Laistigh agus Paróiste Stiabhna Lasmuigh. Ar na logainmneacha atá ceangailte le naomh acu sin lena luaitear an 26 Nollaig sna seanfhéilirí, is cinnte go mbeadh Roscommon/Ros Comáin "an choill, nó an t-ard atá faoi choill, a bhaineann le Comán" ar an gceann is aitheanta. 'Commán, ó Ross Comain' a thugtar ar an naomh seo in Félire na Naomh nÉrennach (féach logainm.ie: #100027). Ar na naoimh eile a ndeintí a gceiliúradh an 26 Nollaig, tá Coda, a luaitear sa logainm Kilcotty/Cill Coda "teampall Choda" i Loch Garman. (Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Leathanach 2 as 4 ar ais ar aghaidh