(Mí)aistriúcháin Log an Chatha/Lugacaha “the hollow of the battle” (féach logainm.ie #45107)

Dáta: 08/04/2024

Is mór an tionchar a bhí ag stair na hÉireann mar thír choilínithe, chomh maith leis an athrú teanga ó Ghaeilge go Béarla, ar logainmneacha na tíre. Leis na cianta tá logainmneacha Gaeilge — iad siúd nach ndearnadh aistriúchán nó ionadú orthu an chéad lá — á mbrú isteach go tuatach i gcóras foghraíochta coimhthíoch an Bhéarla, an teanga a raibh forlámhas aici ó thaobh riaracháin de. Fágann seo a lán bailte fearainn a bhféadfadh a n-ainmneacha béarlaithe a bheith ina réaduithe truaillithe ar níos mó ná an t-aon bhunlogainm Gaeilge amháin. Cuir i gcás an litriú oifigiúil Ballinahorna, ainm béarlaithe a d’fhéadfadh a bheith díorthaithe ó Baile na hEorna “the town(land) of the barley”, Buaile na hEorna “the boley, cattle-fold of the barley” nó fiú amháin Bealach na hEorna “the pass of the barley”. Dá bhrí sin is uile, bíonn ar an mBrainse Logainmneacha ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán taighde cuimsitheach a dhéanamh ar gach ainm baile fearainn sula ndéanann an Coiste Logainmneacha anailís orthu. Is é an Coiste Logainmneacha a thugann comhairle don Aire maidir le leagan dlíthiúil Gaeilge de gach logainm a dhearbhú faoi Chuid 5 de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. De na slite éagsúla inar féidir logainmneacha a ghalldú, is é is coitianta ar fad an logainm a bhéarlú trí neasfhoghraíocht, is é sin, aithris a dhéanamh ar an mbunfhoghraíocht Ghaeilge le foghraíocht an Bhéarla. Mar shampla, i gContae Loch Garman tugadh Buaile na hEorna “the boley, cattle-fold of the barley” (#52773) isteach sa Bhéarla mar Ballinahorna. Ina leithéid seo de bhéarlú, fanann eilimintí áirithe den bhunlogainm Gaeilge soiléir go leor uaireanta (m.sh. -nahorna < na heorna), ach is minic a chuirtear as riocht iad de bharr gnéithe éagsúla den truailliú teangeolaíochta. Tarlaíonn cuid na forbairtí seo go nádúrtha de bharr an t-ainm a bheith in úsáid ag Béarlóirí thar na céadta bliain, mar shampla, eilimintí neamhchoitianta á meascadh le heilimintí coitianta (sa chás seo, Balli- ag seasamh do buaile na Gaeilge, nuair is gnách dó seasamh don eilimint chomónta baile “town(land)”), agus é seo go léir anuas ar an easpa cruinnis ó thaobh cáilíocht consan de, srl., nach féidir a sheachaint nuair a dhéantar iarracht logainm Gaeilge a fhuaimniú de réir foghraíocht an Bhéarla an chéad lá. I gcás cuid bheag de na logainmneacha Gaeilge a ndearnadh béarlú mar seo orthu i dtosach báire, thit na foirmeacha béarlaithe as úsáid gur cuireadh ainm úrnua Béarla ina n-áit. Cuir i gcás Ramstown, lasmuigh de Ghuaire i gContae Loch Garman, a tháinig chun solais go luath san 18ú haois mar ainm nua ar Tomready, an leagan béarlaithe a bhí déanta cheana den bhunlogainm Gaeilge Tom Roide “hillock of (the) bog-mire” (#53045). Catagóir mhór eile is ea logainmneacha a aistríodh go Béarla, amhail Baile an tSrutháin “the town(land) of the stream” (#44671) i gContae Shligigh, a ndearnadh Streamstown de. Tarraingeofar aird ar thuilleadh fochatagóirí inspéise i nótaí eile amach anseo. Fochatagóir amháin a d’fhéadfaí a lua anseo is ea an grúpa logainmneacha úd ina ndearnadh eilimintí áirithe a leasú beagán san aistriúchán, de bharr na deismíneachta de réir gach dealraimh. Mar shampla, Magairlí an Deamhain “the devil’s testicles” is ainm do shliabh i gContae na Gaillimhe (#1166434) ach tugadh Devilsmother air sin sa Bhéarla; Magairlí Muice “testicles of (the) pig” is ainm do charraigeacha áirithe i gContae Chiarraí (#1394803) ach tugadh Pigs Rocks mar ainm Béarla orthu. (Níor mhiste a lua gur tharla a leithéid in Albain, freisin: féach go ndearnadh Devil’s Point de Bod an Deamhain “the devil’s penis”, ainm sléibhe sa Mhonadh Ruadh/Cairngorms.) I gcás** Cnoc an Chaca** “the hill of excrement”, ainm Gaeilge ar bhaile fearainn i gContae Luimnigh (#31782), is é an focal cac atá ann, gan amhras, ach é in úsáid mar a bheadh cáilitheoir dímholta .i. ‘an cnoc gan mhaith’. Mura mbeadh cur amach agat ar Bhéarla na hÉireann, áfach, b’ait leat go ndearnadh tiontú sofhriotalach air sin mar Sugarhill! É sin ráite, ní sa Bhéarla amháin a bhí an claonadh seo chun ceartaiseachta le brath, cé go mbíonn sé fíordheacair samplaí cinnte a aithint sa Ghaeilge. Tá logainm le fáil i gContae Shligigh, áfach, inar féidir an fhorbairt ó Log an Chaca “the hollow of excrement” (#45107) go Log an Chatha “the hollow of the battle” a rianú sa Ghaeilge féin. Is cosúil gur cheap comharsain chúisiúla an cheantair gur chaoine an cath ná an cac! (Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)