Lá Fhéile Phádraig, Giolla Phádraig, Maolphádraig agus an t-ainm pearsanta Pádraig féin Baile Phádraig/Ballypatrick “the (town)land of Pádraig/Patrick” (féach logainm.ie #26454)

Dáta: 11/03/2024

Agus sinn ag druidim le 17 Márta agus ceiliúradh Lá Fhéile Phádraig, ní miste cuimhneamh nach mbíodh Pádraig féin in úsáid mar ainm pearsanta in Éirinn, ach amháin i measc bunadh na nAngla-Normannach, go dtí le déanaí. Thugamar faoi deara sa nóta ar Naomh Bríd nár dhual do na Gaeil ainmneacha naomh a ghlacadh chucu féin mar ainmneacha baiste. Ba é nós a bhí acu na míreanna maol “devotee, servant (lit. tonsure)” nó giolla “servant” a chur leis an mbunainm chun deabhóid agus dílseacht don naomh a léiriú, m.sh. Maolbhríde, Giolla Bhríde agus Giolla Phádraig. Tá ainmneacha pearsanta den déantús seo le fáil i logainmneacha freisin, amhail an dá shampla seo a leanas ó Chontae Shligigh: Ráth Mhaolphádraig/Rathmulpatrick “the ring-fort of Maolphádraig” (#45291) agus Ceathrú Mhic Giolla Phádraig/Carrowgilpatrick “the quarter of the son of Giolla Phádraig” (#44954). (Mar le brí an logainm deiridh de, ar ndóigh tá Mac Giolla Phádraig le fáil mar shloinne freisin, ach ní bheifí ag súil leis sin i gcomhthéacs logainmneacha Shligigh.) Ar an láimh eile, i gcás logainmneacha ar léir go bhfuil bunús eaglasta leo, ar nós Cill Bhríde/Kilbride “the church of Bríd”, Cill Phádraig/Kilpatrick “the church of Pádraig” agus Tobar Pádraig/Toberpatrick “the well of Pádraig” atá coitianta go leor, is féidir talamh slán a dhéanamh de gur ag tagairt don naomh féin atá an t-ainm pearsanta a cháilíonn an logainm. Ach tá an scéal beagáinín níos casta i gcás ainm Gaeilge naomhphátrún na hÉireann .i. Pádraig. I bhfad tar éis teacht an naoimh sin féin go hÉirinn sa 5ú haois, thug na hAngla-Normannaigh an t-ainm Patrick leo isteach athuair, ach mar ainm pearsanta tuata. Cé go raibh sé an-choitianta mar ainm baiste i measc na Sean-Ghall (.i. na hAngla-Normannaigh ghaelaithe), níor ghlac na Gaeil chucu féin riamh é. Dá bhrí sin, nuair a thagaimid ar an ainm pearsanta Pádraig i logainm Gaeilge nach de bhunús eaglasta é, is réasúnta a mheas gur dhuine de shliocht na Sean-Ghall an t-eapainm .i. an té as ar ainmníodh an áit. Ná cuireadh sé aon iontas orainn, más ea, go bhfuil na logainmneacha seo a leanas le fáil i gceantair a ndearna na hAngla-Normannaigh dianchoilíneacht iontu, go ndearnadh athghaelú orthu ansin: Baile Phádraig/Ballypatrick “the town(land) of Pádraig” i gContaetha Chill Chainnigh (#26454) agus Thiobraid Árann (trí shampla); Buaile Phádraig “the boley, cattle-fold of Pádraig” atá béarlaithe mar Boolypatrick i gContae Chorcaí (#9263) agus Belpatrick i gContae Lú (#33531); Baile Mhic Phádraig/Careysville “the town(land) of the son of Pádraig” (#10073) agus Dún Mhic Phádraig/Downmacpatrick “the fort of the son of Pádraig” (#10908) i gContae Chorcaí. Dá bhrí sin is uile, in ainneoin nár thógtha ar dhuine glacadh leis go bhfuil bunús simplí Gaelach le Baile Phádraig/Ballypatrick “the town(land) of Pádraig”, cuir i gcás, is amhlaidh a chuireann a leithéid de logainm in iúl dúinn ní hamháin go raibh lonnaíocht Angla-Normannach i gceist an chéad lá, ach go ndearna athghaelú ar an gceantar ina dhiaidh sin freisin. (Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)