Conas na huirlisí geoshuímh a úsáid

Cuireann na háiseanna geoshuímh atá ar logainm.ie ar chumas na n-úsáideoirí eolas a chur ar logainmneacha i gcomhthéacs na timpeallachta fisiciúla ina bhfuil siad. Chun na háiseanna seo a úsáid is gá sonraí geoshuímh a bheith ar fáil ar an ngléas atá á úsáid agat agus ní mór brabhsálaí nua-aimseartha a bheith in úsáid agat. Déantar cur síos thíos ar na háiseanna geoshuímh atá ar fáil agus tugtar comhairle maidir le seirbhísí geoshuímh a chumasú ar an ngléas atá in úsáid agat.

Cá bhfuil mé?

Is ar an leathanach cuardaigh a bhíonn an áis seo. Déanann an áis seo do shuíomh reatha a mheas agus nochtar liosta de na logainmneacha atá i mBunachar Logainmneacha na hÉireann agus atá i gcóngar duit ar leathanach nua. Liostáiltear na torthaí in ord cóngarachta ón suíomh is cóngaraí duit go dtí an ceann is faide ar shiúl. Is ionann an sprioc (an crosribe dearg a thaispeántar ar na léarscáileanna sa liosta) agus do shuíomh reatha, bunaithe ar na sonraí a fuarthas ó do ghléas. Cuireann an áis seo ar chumas na n-úsáideoirí dul i ngleic le saibhreas na logainmneacha atá thart timpeall orthu áit ar bith in Éirinn.

Taispeáin mo shuíomh reatha

Bíonn an áis seo mar chuid de na léarscáileanna idirghníomhacha ar an suíomh. Bíonn cnaipe ar a bhfuil deilbhín crosribe mar chuid de bharra uirlisí na léarscáile má tá an áis seo ar fáil. Díreofar lárphointe na léarscáile ar do shuíomh reatha ach cliceáil ar an gcnaipe seo. Tugann an ciorcal dearg ar an léarscáil do shuíomh reatha le fios. Dá laghad an ciorcal is ea is cruinne na torthaí geoshuímh. Fágann sé seo gur féidir na torthaí ar an léarscáil a mheas i bhfianaise shuíomh reatha an úsáideora.

Gléasanna agus earráidí coitianta

Chun leas a bhaint as na háiseanna thuasluaite ní mór sonraí geoshuímh a bheith ar fáil ar an ngléas atá in úsáid agat. Sa lá atá inniu ann is iondúil go mbíonn teacht ar shonraí chóras suite domhanda (GPS) nó ar shonraí geoshuímh a bhaineann le do líonra móibíleach ar ghléasanna móibíleacha ar nós fóin chliste. I gcás ríomhairí deisce agus ríomhairí glúine bíonn fáil ar shonraí geoshuímh trí líonraí WiFi agus eile, uaireanta, ach ní amhlaidh atá i gcónaí. Sa chás nach bhfuil fáil ar na sonraí seo taispeántar teachtaireacht earráide: 'Ní rabhthas in ann do shuíomh a mheas'. Cúis eile a d'fhéadfadh a bheith leis an teachtaireacht seo ná go bhfuil seirbhísí geoshuímh múchta ar an ngléas atá in úsáid agat. Moltar duit do chuid socruithe ar an ngléas a sheiceáil agus seirbhísí geoshuímh a chumasú más gá.

Teastaíonn brabhsálaí nua-aimseartha freisin chun leas a bhaint as na háiseanna geoshuímh. Sa chás nach bhfuil sé d'acmhainn ag do bhrabhsálaí leas a bhaint as áiseanna geoshuímh cuirtear na cnaipí agus na rialtáin a bhaineann leo ar logainm.ie i bhfolach. Is minic go n-iarrfaidh an brabhsálaí ort cead a thabhairt do logainm.ie leas a bhaint as do chuid sonraí geoshuímh. Caitear an cead seo a thabhairt nó taispeánfar teachtaireacht earráide: 'Ceadaigh úsáid seirbhísí geoshuímh, le do thoil.' Déantar an chumarsáid idir do ghléas agus suíomh logainm.ie a inchriptiú agus ní dhéantar taifead de ná ní dhéantar do chuid sonraí geoshuímh a stóráil.

Nóta: Más é Android an córas oibriúcháin atá in úsáid agat agus níl ag éirí leat na háiseanna geoshuímh seo a chur ag obair, is minic gur féidir an fhadhb seo a réiteach ach an mód geoshuímh ar an ngléas a athrú ó 'Device only' (GPS amháin) go 'High accuracy' (GPS, Wi-Fi, Bluetooth, GSM etc.).

Nóta: Más é Safari ar Mac OS an brabhsálaí atá in úsáid agat agus níl ag éirí leat na háiseanna geoshuímh seo a chur ag obair, moltar duit dul isteach sna socruithe ar do ríomhaire agus a chinntiú go bhfuil Safari cumasaithe faoin gcluaisín 'Location Services'.

Cruinneas

Bíonn cruinneas na gcomhordnáidí a fhaightear ó ghléasanna úsáideoirí ag brath ar go leor cúinsí: cineál an ghléis, oiread na líonraí gan sreang atá timpeall ar an úsáideoir, cé acu sonraí GPS nó sonraí eile atá á gcur ar fáil etc. Is fiú i gcónaí triail a bhaint as na háiseanna geoshuímh níos mó ná uair amháin agus i suíomhanna difriúla mar ní gá gurb ionann go baileach na torthaí a fhaightear gach uair.