Ordlathas
contae
barúntacht
fo-aonaid
Nóta mínithe
- Gaeilge
ainm pobail
Seo cuid den chur síos a rinne Gearóid Mac Niocaill in Ireland before the Vikings ar roinnt de na treabhchais a bhí i gcríocha Uí Néill an deiscirt chomh fada siar le deireadh an 6ú haois: ‘Scattered among the Uí Néill kingdoms were various subordinate peoples: on the coast, straddling the Boyne, lay the Ciannachta, and between these and the Airgialla to the north-east were the Gailenga and Luigne, peoples of which other branches were to be found in Connachta …’.
Tá ainmneacha an dá phobal Luigne agus Gailenga caomhnaithe in ainmneacha na mbarúntachtaí Luíne agus Machaire Gaileang i gCo. na Mí (cé nach ionann réimse na seanchríoch agus réimse na mbarúntachtaí a chuir na Normannaigh ar bun); ‘Makerigalin’ a thugtar ar an logainm deireanach sin sa dán Fraincise faoi ghabháltais na nAngla-Normannach, Song of Dermot and the Earl, a cumadh i dtosach an 13ú haois. Caomhnaíodh iarsma den ainm Ciannachta in ainm na barúntachta Ferrard / Fir Arda i ndeisceart Co. Lú ar a dtugtaí Fir Ardda Ciannachta tráth. Bhí fearann ag an treabhchas sin laisteas den Bhóinn chomh maith. ‘The Uí Néill kings of Knowth were also styled kings of Ciannachta from the eighth century, as they had conquered the lands of that tribe south of the lower Boyne’, a scríobh Byrne in Irish Kings and High Kings
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1425 |
Luyne
Patent Roll 3 Henry VI <br>
The following persons have similar letters [of APPOINTMENT as justices and keepers of the peace, as in §110], viz.:
Simon Loundres kt and Richard Talbot of Moyrath in the barony of Luyne (Cal. ICR (chancery.tcd.ie))
|
|
1425 |
Luyne
Patent Roll 3 Henry VI <br>
The following persons have similar letters [of APPOINTMENT as justices and keepers of the peace, as in §110], viz.:
Simon Loundres kt and Richard Talbot of Moyrath in the barony of Luyne (Cal. ICR (chancery.tcd.ie))
|
|
1548 |
Lyne
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/196.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML