2024-09-14

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Driseoga, putóga is cancráin!

Lios na Drise/Lisnadrish (logainm.ie #19957)

Dáta: 09/09/2024

Mar a dúramar an tseachtain seo caite agus sinn ag plé le sméar, díol spéise a mhinicí is a bhuailtear le logainmneacha a luann an dris féin .i. an tor ar a bhfásann an caor dubh milis úd. Is amhlaidh nach mbeimid in ann ach blaiseadh beag den fhlúirseacht logainmneacha sin a thabhairt anseo.

Is annamh a bhuailtear leis an bpréamhfhocal féin dris “briar, bramble” in ainmneacha bailte fearainn. Dhealródh sé ar an mbeagán taighde atá déanta ar logainmneacha Chontae Ros Comáin go dtí seo gur dócha gur béarlú é Carrowndrisha (#44253) ar ‘Ceathramhadh na drise’ [Ceathrú na Drise] “the quarter(land) of the brambles”. Sin é a mheas Seán Ó Donnabháin, logainmneoir de chuid na chéad Suirbhéireachta Ordanáis, agus é ar obair pháirce anseo i 1837. Is cinnte gurb é an focal atá le fáil san eilimint deiridh de Lios na Drise/Lisnadrisha “the ring-fort of the briar” (logainm.ie #19957) i gContae na Gaillimhe. Faighimid malairt foirme in -s leathan i roinnt ainmneacha bailte fearainn chomh maith, amhail Ard Dreas/Ardrass “height of (the) briars” (logainm.ie #25298) i gContae Chill Dara; Cill Dreasa/Kiltrassy “church of (the) briar” (logainm.ie #26301) i gContae Chill Chainnigh; Cill Dreas/Kildress “church of (the) briars” (logainm.ie #64346; freisin placenamesni.org) i gContae Thír Eoghain; Cúil Dreas/Cooldross “corner, recess of (the) briars” (logainm.ie #55546) i gContae Chill Mhantáin; agus Gort na Dreasa/Gortnadrass “the field of the briar” (logainm.ie #45594) i gContae Shligigh. (Tabhair faoi deara nach bhfuil an t-alt le fáil ach sa sampla deireanach seo amháin, rud a d’fhéadfadh aois mhór a thabhairt le fios do na samplaí eile.) Tá forbairt ar an bhfocal seo dreas le fáil mar Dreastarnach/Dresternagh (logainm.ie #4911) i gContae an Chabháin — foirm eile de dreasarnach “briary place” (féach FGB https://www.teanglann.ie/ga/fgb/dreasarnach) atá ansin. Forbairt ábhairín difriúil ar an bhfocal céanna, agus an bhrí chéanna leis, a fhaightear i gContae Liatroma, mar atá Dreastarnán, béarlaithe mar Dristernaun (logainm.ie #29207) agus Dristernan (#29230). Tá an focal céanna le fáil in s-caol sa logainm Dristearnán/Dristernan “briary place” (logainm.ie #15212) i gContae Dhún na nGall.

Go deimhin níl aon teorainn leis na foircinn a ceanglaíodh den phréamhfhocal dris seo i logainmneacha thar na cianta. Ó thaobh an leagain driseog de, bíonn idir fheidhm dhíspeagtha (‘X beag’) agus fheidhm áitreabhach/chnuasach (‘áit lán de X’) le -óg/-eog i logainmneacha: d’fhéadfadh driseog tor nó toir ar leith a chur in iúl, amhail Baile na nDriseog “the town(land) of the briars” (logainm.ie #52228) i gContae Loch Garman, nó áit lán de thoir chomh maith céanna, amhail Driseog “place abounding in briars”, atá béarlaithe mar Drisoge i gContae Cheatharlach (logainm.ie #3144); Drissoge i gContae na Mí (logainm.ie #39163); agus Drishoge i gContaetha Bhaile Átha Cliath (logainm.ie #16741; #57137), Liatroma (logainm.ie #29229) agus Thiobraid Árann (logainm.ie #48318).

Tá leagan cnuasach eile den phréamhfhocal le fáil sa logainm Cnoc Drisleach/Knockdrislagh “hill of (the) briars” (logainm.ie #11837) i gContae Chorcaí (féach FGB s.v. drisleach). Agus tá freámhaí eile an-chosúil leis sin le fáil sna logainmneacha Drisneach/Dresnagh “briary (place)” (logainm.ie #16588) i gContae Dhún na nGall agus Buaile na nDrisneach “the cattle-fold, summer pasture of the briary places” (logainm.ie #41951) i gContae Uíbh Fhailí — cé gur dheacair é sin a léamh ar an mbéarlú truaillithe Bohernagrisna! Aidiacht, freisin, le fáil sa logainm An Chorr Dhriseach “the briary round hill” (logainm.ie #34164) i gContae Mhaigh Eo. Forbairt ar an aidiacht dheiridh seo a thug Driseachán “briary place”, atá béarlaithe mar Drishaghaun i gContaetha na Gaillimhe (logainm.ie #20692), Mhaigh Eo (logainm.ie #35225), agus Ros Comáin (logainm.ie #42966). An Driseachán, leis an alt, a socraíodh mar ainm oifigiúil ar an ionad daonra darb ainm leathaistrithe Béarla Brierfield (logainm.ie #1413455) i gContae na Gaillimhe. Ar na fréamhaithe eile tá Driseán/Drishane “place of briars” i gContaetha an Chláir (logainm.ie #6900) agus Thiobraid Árainn (logainm.ie #48934); tá trí shampla leis an alt le fáil i gContae Chorcaí .i. An Driseán/Drishane (logainm.ie #566; #13045; #13437).

Tá cúpla logainm le lua anseo ina bhfuil caora nó torthaí eile le fáil sna leaganacha Béarla seachas an dris atá sa bhunainm Gaeilge. Drishoge or Strawberryhill a tugadh sa Bhéarla ar Driseog (logainm.ie #41203) i gContae Uíbh Fhailí, agus tugadh Cherryfield or Drishagan ar Driseachán “briary place” (logainm.ie #44012) i gContae Ros Comáin. Dealraíonn sé gur trí sheans a tharla a leithéid ach níl an taighde córasach curtha i gcrích ar an dara hainm agus is fíor go mbíonn leathaistriúcháin an-spéisiúla le fáil sa taobh sin tíre freisin.

Mar fhocal scoir, agus sinn ag plé míniú na logainmneacha seo, m.sh. Lios na Drise i gContae na Gaillimhe nó Baile na nDriseog i Loch Garman, cuimhnímis go bhfuil brí eile leis an bhfocal dris agus le driseog, mar atá ‘duine cantalach’, faoi mar a úsáidtear an focal briar féin sa Bhéarla i gContae an Chláir agus in áiteanna eile inniu. D’fhéadfaí a mhaíomh, más ea, gur cheart Lios na Drise a aistriú mar “the ring-fort of the cantankerous person”. Dhealródh sé gurbh é an t-ainm pearsanta Drisín (cf. ‘Drisin mac Arga a quo Hui Drisin’ ag D. Ó Corráin ‘The families of Corcomroe’ in North Munster Antiquarian Journal 17 (1975): 26) atá sa logainm eile a luamar thuas, Baile Dhrisín/Ballydrisheen (logainm.ie #23712) i gContae Chiarraí — mhíneodh sé sin an séimhiú ar an D- atá soiléir san fhianaise stairiúil. Tá brí eile ag an ainmfhocal drisín (drisheen) i mBéarla na hÉireann inniu, gan dabht, mar atá an phutóg dhubh úd a luaitear le Contae Chorcaí. Ó thaobh na sanasaíochta de, tá baint aige sin leis an mbrí a thugtar sna foclóirí faoin bhfocal driseachán — ach táimid measartha cinnte nach é atá i gceist le driseachán i logainmneacha!

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí