Téamaí faoi thrácht

Scagadh ar rogha téamaí coitianta i logainmneacha na hÉireann. Foilsítear na blúirí eolais seo go tráthrialta.

Leathanach 1 as 4 ar aghaidh

An sloinne Angla-Normannach Somers/Summers agus Ó Samhraidh, Ó Somacháin na Gaeilge
Baile Uí Shomacháin/Ballysumaghan “the town(land) of Ó Somacháin” (féach logainm.ie #
45061)

Dáta: 06/05/2024

Leanaimis ar aghaidh ón tseachtain seo caite ag féachaint ar ainmneacha bailte fearainn a thagraíonn don samhradh agus do chúrsaí gaolmhara, chomh maith le cúpla logainm eile a d’fhéadfadh dallamullóg a chur ar dhuine. Mar shampla, níorbh é séasúr an tsamhraidh a thug ainm do na bailte fearainn Summerstown (#54220) agus Summertown (#54238) i gContae Loch Garman, de réir dealraimh, ach ceann de dhá shloinne de chuid na Sean-Ghall, SomerySomer. Is é an chéad sloinne acu seo .i. Somery, is coitianta a bhí le fáil i measc na gcoilínithe sa Chontae Riabhach (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Townland names in Co. Wexford/Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman lch. 1613). Bunús Angla-Normannach atá le Summerstown eile i gContae na Mí (#39126) freisin, ceantar ina bhfuil fianaise mhaith ar an sloinne eile úd Somer. Mar bharr ar an meascán, is ann do dhá shloinne Ghaelacha, ar a laghad, a cumascadh leis an sloinne Béarla Somer(s) le linn an athraithe teanga, mar atá Ó Samhraidh (mar gheall ar an ainm pearsanta Samhradh a mhíthuiscint mar Brl. summer) agus Ó Somacháin (mar gheall ar an gcosúlacht i bhfoghraíocht an chéad siolla den dá ainm). (Thairis sin, rinneadh Somers ar uairibh de Mac Shamhráin, sloinne Gaelach atá bunaithe ar an ainm pearsanta Samhrán (< Samhradháin), atá féin ina fhoirm dhíspeagtha den ainm Samhradh. Ar ndóigh, is iondúil a bhéarlaíodh an sloinne sin mar McGovern, et var.) Tá go leor fianaise ar an gcéad sloinne Gaeilge úd Ó Samhraidh i dtuaisceart Chontae Loch Garman agus sna contaetha mórthimpeall, m.sh. ‘Fergenamyme O’Sawrae [Fearganainm Ó Samhraidh], Duffrie [.i. An Dufair, Contae Loch Garman]’ Fiants §6517 ón mbliain 1601, agus ‘Laghlin o Sorry [Lochlainn Ó Samhraidh]’ Teistíochtaí Chontae Chill Mhantáin (LS 811 fol.173r), ón mbliain 1643. Ach ní thagann an sloinne Ó Samhraidh anuas chugainn in ainm baile fearainn ar bith. Faoi a mar a luadh cheana i nóta eile, taispeánann an taighde is déanaí go bhfuil comhchoibhneas mór le sonrú idir na sloinnte Gaelacha a chaomhnaítear in ainmneacha bailte fearainn agus sloinnte na seanteaghlach gairmiúil. Go deimhin, níl aon fhianaise againn a thabharfadh le fios go raibh a leithéid de stádas riamh ag Muintir Shamhraidh. Os a choinne sin, is cinnte gur theaghlach gairmiúil ab ea Muintir Shomacháin i gContae Shligigh. Ní nach ionadh, mar sin, go bhfuil a sloinne siúd caomhnaithe sa logainm Baile Uí Shomacháin/Ballysumaghan “the town(land) of Ó Somacháin”, ainm baile fearainn agus paróiste dlí sa chontae céanna. Faoi mar a tharla i gcás a lán sloinnte Gaelacha nach é le linn an athraithe teanga, béarlaíodh Ó Somacháin trí neasfhoghraíocht i dtosach báire, mar Sumaghan, ach d’imir forbairt eile ina dhiaidh sin air, trí shaobhaistriúchán, a chuir a bhunús Gaelach as aithint ar fad — rinneadh Somers de. Féach go dtugann Luacháil Griffith tuairisc ar shloinnte na dtionóntaí i bparóiste Chill Oiridh, béal dorais le Baile Uí Shomacháin, i 1858, mar a bhfaighimid an dá leagan bhéarlaithe Sumahan agus Somers taobh lena chéile. Ach faoi aimsir Daonáireamh 1901, ní raibh le fáil san áit chéanna (.i. thart ar thoghroinn cheantair Bhaile an Tóchair Thoir) ach Somers.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

An Samhradh
Droim Samhraidh/Summerbank “the ridge of Summer” or “Samhradh’s ridge”
(féach logainm.ie #
38868)

Dáta: 29/04/2024

In Éirinn, is ionann tús na Bealtaine agus tús an tsamhraidh. Tá sé de phléisiúr againn dá réir leanúint ar aghaidh agus roinnt ainmneacha bailte fearainn a phlé a bhfuil an eilimint samhradh le fáil iontu. Ach mar is iondúil i gcúrsaí logainmneacha Gaeilge, ní mar a shíltear a bhítear. Chomh maith leis an ainmfhocal coitianta samhradh féin, b’ann do Samhradh mar sheanainm pearsanta. Ar ndóigh, aon uair a bhíonn an t-alt le sonrú i logainmneacha Gaeilge is féidir talamh slán a dhéanamh de, ar bhonn teangeolaíochta, gurbh é an t-ainmfhocal coitianta a bhíonn i gceist: cuir i gcás Macha an tSamhraidh/Maughantoorig “the cattle-fold of summer” (#23290) i gContae Chiarraí agus Móinín an tSamhraidh/Mullenataura “the (little) bog of summer” (#10279) i gContae Chorcaí. Is dócha freisin gurb é an séasúr atá faoi thagairt sna samplaí flúirseacha de Summerhill ar fud na tíre (féach logainm.ie). Is de bhunús an Bhéarla a bhformhór glan seo: mar shampla, athbhaisteadh de chuid an 17ú haois is ea Summerhill (#1416752), ainm sráidbhaile i ndeisceart Chontae na Mí — ba é ainm Gaeilge a bhí ar an áit roimhe sin Cnoc an Línsigh “the hill of An Línseach (< Brl. Lynch)”. Ach ní hionann bunús don sampla eile den logainm Summerhill (#37641) i dtuaisceart an chontae chéanna, gar don Obair, ar aistriúchán cuíosach cruinn é ar logainm Gaeilge .i. Droim Samhraidh. Ó tharla nach bhfuil an t-alt le sonrú sa bhunainm sin, féach go bhféadfaí idir “(the) ridge of summer” agus “the ridge of Samhradh [ainm pearsanta]” a thuiscint as. Is ann do Droim Samhraidh eile i dtuaisceart na Mí freisin, laisteas den Seanchaisleán, ach rinneadh aistriúchán ábhairín níos scaoilte air sin, go dtí Summerbank (#38868). Tagann fianaise Ghaeilge ar an Droim Samhraidh deiridh seo anuas chugainn ó 830AD, mar a bhfaighimid tagairt do chléireach darbh ainm Morónóg, agus a fhéile á ceiliúradh 22 Iúil. Níl fágtha den láithreach eaglasta a bhunaigh sé ar an mbaile fearainn seo ach fothracha, áfach, agus tá Morónóg féin imithe le fada as cuimhne na ndaoine.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Lá Bealtaine
Baile Maoilbhealtaine/Maytown “the town(land) of Maoilbhealtaine” (féach logainm.ie #
12121)

Dáta: 22/04/2024

Chonaiceamar cheana gur ghlac Lá Fhéile Bhríde áit Iombolg (< SG Imbolc), an seanainm ar fhéile mhór an earraigh, le linn tréimhse na Luath-Chríostaíochta. Ach murab ionann is Iombolg, tá an t-ainm dúchasach ar fhéile an tsamhraidh .i. Bealtaine (< SG Beltaine), in úsáid anuas go dtí an lá atá inniu ann, gan amhras, agus é ag tagairt don mhí ar fad de ghnáth (eDIL s.v. Bel(l)taine). Tá an focal le fáil freisin i ndornán ainmneacha bailte fearainn, amhail Lios Bealtaine/Lisbalting “the ring-fort of May” (#48350) i gContae Thiobraid Árann; An Bhealtaine/Beltany i gContaetha Dhún na nGall (#16481) agus Thír Eoghain (#63248); Sliabh na Bealtaine/Beltany Mountain (#14425) i gContae Dhún na Gall; agus Tamhnaigh Bhealtaine/Tamnaghvelton “the grassy upland of May” (#1417840) i gContae Ard Mhacha, an baile fearainn inar bunaíodh an baile muilinn Laurelvale (#136051) sa 19ú haois. Tá tagairt níos indírí don Bhealtaine le fáil sa logainm Baile Maoilbhealtaine “the town(land) of Maoilbhealtaine” (#12121) i gContae Chorcaí. Ainm pearsanta an-neamhchomónta ab ea Maoilbhealtaine, a bhí ar aon mhúnla le Maolphádraig “servant of Pádraig” < maol + Pádraig (eDIL s.v. 3 Máel), srl. Bhí a leithéid de dhéantús ainmneacha pearsanta, atá pléite againn i nóta eile cheana, thar a bheith coitianta tráth dá raibh ach is cosúil go raibh an nós tite i léig faoi na meánaoiseanna déanacha. Ba é maol + ainm naoimh an struchtúr ba chomónta, ach cruthaíodh leasainmneacha ar an múnla céanna freisin, ar nós Maolanfa “servant of (the) storm” < anfa, a thug an sloinne Ó Maolanfa/Ó Maolanfaidh dúinn — béarlaithe mar Melamfy. Is den chatagóir seo don ainm pearsanta Maoilbhealtaine “servant of Bealtaine” freisin. Béarlaíodh Baile Maoilbhealtaine mar Maytown, ainm nach bhfuil ach ina leathaistriúchán — ní bheadh a fhios ag duine gur sheanainm pearsanta Gaelach a bhí sa cháilitheoir an chéad lá. Tá dhá bhaile fearainn eile in Éirinn darb ainm Béarla Maytown, ceann acu i gContae Loch Garman agus ceann eile i gContae Ard Mhacha. Ní léir aon bhaint a bheith ag ceachtar acu seo leis an mBealtaine, áfach, mí ná féile. Logainm de bhunús Béarla é an sampla de Maytown (#54165) i gContae Loch Garman a d’fhéadfadh a theacht ó Brl. mead “meadow” + town; tá sanas Maytown Chontae Ard Mhacha níos doiléire fós (féach an fhianaise stairiúil agus an nóta tráchtaireachta ag PlacenamesNI.org). Le haghaidh plé cuimsitheach uileghabhálach ar an bhfocal Bealtaine i logainmneacha féach Kay Muhr, ‘Bealtaine in Irish and Scottish Place-names’, The Journal of Scottish Name Studies 10.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Séasúr na laonna - Coill Dá Lao/Culdaly “wood of (the) two calves” (féach logainm.ie #45533)

Dáta: 15/04/2024

Agus séasúr na laonna faoi lánseol faoin tuath, díol spéise féachaint ar an mórchuid ainmneacha bailte fearainn úd ina bhfuil gamhainlao le fáil. Is ann don iliomad logainmneacha a thagraíonn do bha i gcoitinne — flúirse a léiríonn an áit lárnach a bhí ag an mbó i saol na nGael, ar ndóigh — agus cé nach bhfuil na laonna luaite go sonrach ach i gcéatadán beag díobh seo, tá na tagairtí fós chomh hiomadúil sin nach bhféadfaí liosta iomlán a sholáthar anseo. Orthusan tá Buaile na Lao/Ballinalea “the boley, cattle-fold of the calves” (#55476) i gContae Chill Mhantáin; Móin na Lao/Móin na Lao “the bog(land) of the calves” (#53313) i gContae Loch Garman; Corr na Lao/Cornalee “the round hill of the calves” (#42521) i gContae Ros Comáin; Gort na Lao/Gortnalee i gContaetha Laoise (#28695) agus Fhear Manach (#60537); Lios na Lao “the ringfort of the calves”, a béarlaíodh mar Lisnalea i gContaetha an Chabháin agus Chill Chainnigh agus mar Lisnalee i gContae Mhuineacháin (féach logainm.ie); Cluain Lao “pasture of (the) calves”, a béarlaíodh mar Clonlea i gContae an Chláir, Clonleigh i gContae Dhún na nGall, Cloonlee i gContaetha na Gaillimhe, Ros Comáin agus Mhaigh Eo, Clonlee i gContae Uíbh Fhailí agus Clonalea i gContae Thiobraid Árann (féach logainm.ie); agus Droim an Lao/Drumalee “the ridge of the calf” (#4602) i gContae an Chabháin. Féach freisin go dtugtar le tuiscint sa logainm Coill an Lao/Killaloo “the wood of the calf” (#58830) i gContae Dhoire nach i gcónaí a thagadh feirmeoireacht na mba salach ar chothú na gcoillte, murab ionann is go leor nósanna dianfheirmeoireachta beostoic sa lá atá inniu ann. (Ar phointe teanga, tabharfar faoi deara an fhoirm den ghinideach iolra atá le fáil sna logainmneacha seo go léir, mar atá gin. iol. na lao in ionad tréaniolra an lae inniu .i. gin. iol. na laonna (féach eDIL s.v. lóeg); ní heol dúinn aon ainm baile fearainn (gan nua-aistriúcháin ar nós DeerparkPáirc na bhFianna a chur san áireamh) ina bhfuil ginideach tréaniolra in -(e)anna le fáil.) Ba dhóigh leat ar an gcéad fhéachaint ar Culdaly, logainm béarlaithe i gContae Shligigh, go gcuireann sé an sloinne Ó Dálaigh iúl, ach ní mar a shíltear a bhítear. Is amhlaidh a thiteann béim an ghuta ar an siolla deiridh den logainm, agus is éard atá ann ná béarlú ar Coill Dá Lao “wood of (the) two calves” (#45533). Logainm Gaeilge eile, más ea, a thagraíonn do bheithígh a bheith ar féarach in áit choillteach. Díol suntais go dtagann taifead fuaime anuas chugainn ón mbliain 1930 ina ndeireann cainteoir dúchais ó cheantar Choill Dá Lao amhrán a liostaíonn buanna an bhaile fearainn seo. (Tá an taifead ar fáil ar Thionscadal Gréasáin Cheirníní Doegen faoin teideal ‘Coill Dá Laogh’.) Is é is mó is spéis dúinne, i gcomhthéacs an nóta seo idir chamáin, an líne molta ‘Tá caoirigh bhána ann is díol eallaigh…!

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

(Mí)aistriúcháin Log an Chatha/Lugacaha “the hollow of the battle” (féach logainm.ie #45107)

Dáta: 08/04/2024

Is mór an tionchar a bhí ag stair na hÉireann mar thír choilínithe, chomh maith leis an athrú teanga ó Ghaeilge go Béarla, ar logainmneacha na tíre. Leis na cianta tá logainmneacha Gaeilge — iad siúd nach ndearnadh aistriúchán nó ionadú orthu an chéad lá — á mbrú isteach go tuatach i gcóras foghraíochta coimhthíoch an Bhéarla, an teanga a raibh forlámhas aici ó thaobh riaracháin de. Fágann seo a lán bailte fearainn a bhféadfadh a n-ainmneacha béarlaithe a bheith ina réaduithe truaillithe ar níos mó ná an t-aon bhunlogainm Gaeilge amháin. Cuir i gcás an litriú oifigiúil Ballinahorna, ainm béarlaithe a d’fhéadfadh a bheith díorthaithe ó Baile na hEorna “the town(land) of the barley”, Buaile na hEorna “the boley, cattle-fold of the barley” nó fiú amháin Bealach na hEorna “the pass of the barley”. Dá bhrí sin is uile, bíonn ar an mBrainse Logainmneacha ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán taighde cuimsitheach a dhéanamh ar gach ainm baile fearainn sula ndéanann an Coiste Logainmneacha anailís orthu. Is é an Coiste Logainmneacha a thugann comhairle don Aire maidir le leagan dlíthiúil Gaeilge de gach logainm a dhearbhú faoi Chuid 5 de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. De na slite éagsúla inar féidir logainmneacha a ghalldú, is é is coitianta ar fad an logainm a bhéarlú trí neasfhoghraíocht, is é sin, aithris a dhéanamh ar an mbunfhoghraíocht Ghaeilge le foghraíocht an Bhéarla. Mar shampla, i gContae Loch Garman tugadh Buaile na hEorna “the boley, cattle-fold of the barley” (#52773) isteach sa Bhéarla mar Ballinahorna. Ina leithéid seo de bhéarlú, fanann eilimintí áirithe den bhunlogainm Gaeilge soiléir go leor uaireanta (m.sh. -nahorna < na heorna), ach is minic a chuirtear as riocht iad de bharr gnéithe éagsúla den truailliú teangeolaíochta. Tarlaíonn cuid na forbairtí seo go nádúrtha de bharr an t-ainm a bheith in úsáid ag Béarlóirí thar na céadta bliain, mar shampla, eilimintí neamhchoitianta á meascadh le heilimintí coitianta (sa chás seo, Balli- ag seasamh do buaile na Gaeilge, nuair is gnách dó seasamh don eilimint chomónta baile “town(land)”), agus é seo go léir anuas ar an easpa cruinnis ó thaobh cáilíocht consan de, srl., nach féidir a sheachaint nuair a dhéantar iarracht logainm Gaeilge a fhuaimniú de réir foghraíocht an Bhéarla an chéad lá. I gcás cuid bheag de na logainmneacha Gaeilge a ndearnadh béarlú mar seo orthu i dtosach báire, thit na foirmeacha béarlaithe as úsáid gur cuireadh ainm úrnua Béarla ina n-áit. Cuir i gcás Ramstown, lasmuigh de Ghuaire i gContae Loch Garman, a tháinig chun solais go luath san 18ú haois mar ainm nua ar Tomready, an leagan béarlaithe a bhí déanta cheana den bhunlogainm Gaeilge Tom Roide “hillock of (the) bog-mire” (#53045). Catagóir mhór eile is ea logainmneacha a aistríodh go Béarla, amhail Baile an tSrutháin “the town(land) of the stream” (#44671) i gContae Shligigh, a ndearnadh Streamstown de. Tarraingeofar aird ar thuilleadh fochatagóirí inspéise i nótaí eile amach anseo. Fochatagóir amháin a d’fhéadfaí a lua anseo is ea an grúpa logainmneacha úd ina ndearnadh eilimintí áirithe a leasú beagán san aistriúchán, de bharr na deismíneachta de réir gach dealraimh. Mar shampla, Magairlí an Deamhain “the devil’s testicles” is ainm do shliabh i gContae na Gaillimhe (#1166434) ach tugadh Devilsmother air sin sa Bhéarla; Magairlí Muice “testicles of (the) pig” is ainm do charraigeacha áirithe i gContae Chiarraí (#1394803) ach tugadh Pigs Rocks mar ainm Béarla orthu. (Níor mhiste a lua gur tharla a leithéid in Albain, freisin: féach go ndearnadh Devil’s Point de Bod an Deamhain “the devil’s penis”, ainm sléibhe sa Mhonadh Ruadh/Cairngorms.) I gcás** Cnoc an Chaca** “the hill of excrement”, ainm Gaeilge ar bhaile fearainn i gContae Luimnigh (#31782), is é an focal cac atá ann, gan amhras, ach é in úsáid mar a bheadh cáilitheoir dímholta .i. ‘an cnoc gan mhaith’. Mura mbeadh cur amach agat ar Bhéarla na hÉireann, áfach, b’ait leat go ndearnadh tiontú sofhriotalach air sin mar Sugarhill! É sin ráite, ní sa Bhéarla amháin a bhí an claonadh seo chun ceartaiseachta le brath, cé go mbíonn sé fíordheacair samplaí cinnte a aithint sa Ghaeilge. Tá logainm le fáil i gContae Shligigh, áfach, inar féidir an fhorbairt ó Log an Chaca “the hollow of excrement” (#45107) go Log an Chatha “the hollow of the battle” a rianú sa Ghaeilge féin. Is cosúil gur cheap comharsain chúisiúla an cheantair gur chaoine an cath ná an cac! (Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Tír Amadán/Tiromedan “land of (the) fools” (féach logainm.ie #41133)

Dáta: 01/04/2024

Ní fios go cinnte cad as a dtáinig an traidisiún ceap magaidh a dhéanamh de dhaoine ar an gcéad lá de mhí Aibreáin. Ar aon chuma, dhealródh sé nach raibh aon easpa amaideachta in Éirinn fadó ach oiread le haon áit eile — rud a d’fhág go bhfaightear tagairtí don amadán, ceann de na téarmaí Gaeilge ar dhuine gan chéill (féach eDIL s.v. ammatán), fiú amháin in ainmneacha bailte fearainn. Féach Ard Amadán/Ardamadane “height of (the) fools” (#9258) i gContae Chorcaí, Lios Amadáin/Lisomadaun “ring-fort of (the) fool” (#30066) i gContae Liatroma, agus Tír Amadán/Tiromedan “land of (the) fools” (#41133) i gContae Mhuineacháin. Faightear an focal céanna i mionlogainmneacha freisin (.i. ainmneacha a thagraíonn do ghnéithe nach aonaid riaracháin iad), m.sh. Eas an Amadáin/Asnanomedan “the waterfall of the fool” (#1395279) agus Sruthán Allt an Amadáin/Altanamadan Stream “the stream of the cliff of the fool” (#1395230) i gContae Dhún na nGall. Díol spéise conas mar a aistríodh mionainmneacha áirithe go Béarla, m.sh.** Loch an Amadáin** “the lake of the fool” (#1397495) i gContae na Gaillimhe, a ndearna Beggarman’s Lough de, agus Steipeanna an Amadáin Mhóir “the steps of the big fool” (#1394447) i gContae Chiarraí, a béarlaíodh mar Giants Steps — ainm a thaitneoidh le lucht an tsnagcheoil. Ní móide go roghnófar aon cheann acu seo mar ainm ar fhorbairt tithíochta áitiúil inniu ná amárach. ‘Fear amaideach’ an ghnáthbhrí leis an bhfocal amadán, ar ndóigh, ach ar mhaithe le cothrom na Féinne ba cheart a lua nach leis na fir amháin a bhain tréith na hamaideachta in Éirinn anallód. Is ann d’fhocal eile sa Ghaeilge a chuireann baois nó leibideacht in iúl ach is gnách a chur i leith na mban amháin, mar atá óinseach (féach eDIL s.v. óinsech). Ní thagann an focal seo i gceist mar eilimint in ainm baile fearainn ar bith, ach ní hionann sin is a rá go raibh óinseacha riamh níos teirce in Éirinn ná a macasamhla d’amadáin fhireanna. Tagann samplaí anuas chugainn sna mionlogainmneacha, m.sh. Carraig na nÓinseach/Carrignanonshagh “the rock of the foolish women” (#49787) i bPort Láirge agus Leac na nÓinseach/Lackannoanshagh “the flagstone of the foolish women” (#1398247) i gContae na Gaillimhe. Ní léir arbh é an focal céanna é, ó cheart, a tugadh mar ainm ar an abhainn An Óinseach/Owenshagh (#116521) i gContae Chiarraí, ach is cinnte gur mar sin a tuigeadh an logainm do Ghaeilgeoirí deireanacha na háite.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

An Cháisc Cnoc na Cásca/Knocknacaska “the hill of Easter” (féach logainm.ie #24263)

Dáta: 25/03/2024

Níl ach an t-aon sampla deimhnitheach amháin den Nollaig mar eilimint in ainmneacha bailte fearainn, mar atá Buaile na Nollag/Boleynanollag “the boley, cattle-fold of Christmas” (#21027) i gContae na Gaillimhe. Tá tagairtí d’fhéile na Cásca, ámh, i bhfad níos coitianta. Ar aon dul le Buaile na Nollag/Boleynanollag tá samplaí den logainm Buaile na Cásca “the boley, cattle-fold of Easter” agus é béarlaithe mar Boolanacausk (#7433) i gContae an Chláir agus leathaistrithe mar Easterfield (#20989) i gContae na Gaillimhe. Is é is dóichí ná gur thagair a leithéid seo de logainm d’áit a mbeadh an talamh ullamh do na ba a chur ar féarach ann (.i. ar buailteachas) timpeall na Cásca gach bliain. Díol spéise, áfach, gur talamh ard atá faoi thagairt i bhformhór na n-ainmneacha bailte fearainn eile ina bhfuil an Cháisc le fáil mar eilimint, m.sh. Cnoc na Cásca/Knocknacaska “the hill of Easter” (#24263) i gContae Chiarraí; Cornacask/Corr na Cásca “the round hill of Easter” (#20472) i gContae na Gaillimhe, a bhfuil idir bhéarlú agus leathaistriúchán ina ainm oifigiúil Béarla fada Easterfield or Cornacask; Droim Cásca/Drumcask “the ridge of Easter” (#4026) i gContae an Chabháin; agus Mullach na Cásca/Mullanacask “the summit of Easter” (#40582) i gContae Mhuineacháin. Is dócha go dtagraíonn na logainmneacha seo don nós a bhí ag na Gaeil tionól a ghairm ar bharr cnoic. Go deimhin, sin é an bhrí a thugtar le fios sa mhíniú seo a leanas a scríobh Seán Ó Donnabháin in Ainmleabhar Paróiste na Suirbhéireachta Ordanáis faoin logainm Cnoc na Cásca, Contae Chiarraí, thuasluaite: ‘hill of Easter (meetings here)’. Faoin logainm Mullach na Cásca i gContae Mhuineacháin, freisin, scríobh an Donnabhánach ‘some ceremonies here Easter Sunday’. Níl sé chomh soiléir céanna, ámh, cén bhrí atá le fáscadh as an logainm Coill na Cásca/Kilnacask “the wood of Easter” (#48861) i gContae Thiobraid Árann. (Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Amú san aistriúchán. Gort na nIúr/Gortnanure “the field of the yew-trees” (féach logainm.ie #43296)

Dáta: 18/03/2024

De dheasca a luaithe is atá an Cháisc i mbliana, is ag deireadh an tríú seachtain den mhí seo .i. Dé Domhnaigh 24 Márta, a thiteann Domhnach na Pailme. Cuireann sé sin an scríbhneoir seo ag cuimhneamh ar chomhfhreagras a fuarthas sa Bhrainse Logainmneacha blianta fada ó shin maidir le háit darb ainm Béarla Palmfield, gar do Bhealach an Doirín i gContae Ros Comáin. Níl an logainm seo le fáil ar léarscáil ar bith agus ní raibh aon rath ar an taighde a rinneadh i bhfoinsí eile ar feadh i bhfad. Tháinig sé chun solais i ndeireadh na dála gur tiontú áitiúil de chuid dheireadh an 19ú haois é Palmfield ar logainm Gaeilge, Gort na nIúr “the field of the yew-trees”, atá féin caomhnaithe i bhfoirm bhéarlaithe mar Gortnanure (#43296) ar theorainn Ros Comáin le Maigh Eo. Is beag nach raibh an áit imithe amú san aistriúchán! Ar an gcéad fhéachaint, ba dhóigh le duine gur aisteach an tiontú Béarla é Palmfield ar Gort na nIúr. Ach is amhlaidh is fada atá iúr “yew(-tree)” na Gaeilge ag freagairt do palm an Bhéarla i gcomhthéacs na Críostaíochta in Éirinn, agus é mar ionadaí logánta don chrann bíobalta i leithéid Domhnach an Iúir “Sunday of the yew”, ainm Gaeilge eile ar Dhomhnach na Pailme. Go deimhin beidh craobhacha iúir á n-iompar ag a lán daoine ar an Domhnach beag seo mar chomhartha ar an bpailm, faoi mar atá déanta in Éirinn leis na cianta. Agus an méid sin ar eolas, is sothuigthe stuama an t-aistriúchán é Palmfield ar Gort na nIúr! Tá níos mó ná 100 ainm bailte fearainn ina bhfuil iúr “yew-tree”, nó eilimint atá díorthaithe uaidh, le fáil, rud a thaispeánann cé chomh raidhsiúil is a bhí an crann áirithe sin in Éirinn tráth dá raibh. Thairis sin, díol spéise go bhfuil cuid mhaith samplaí againn de Coill an Iúir — logainm a d’fhéadfadh “the wood of the [one particular, remarkable] yew-tree” a chur in iúl, nó “the wood of yew, i.e. yew-wood” chomh maith céanna — i gContaetha Laoise, an Longfoirt, Loch Garman agus an Iarmhí (féach logainm.ie). Tá a leithéid de thalamh coille thar a bheith neamhchomónta in Éirinn anois. Focal eile ar an iúr ab ea eo; féach mar shampla Maigh Eo/Mayo “plain of (the) yew-tree” (#1820). Tá an eilimint chéanna le fáil sa logainm coitianta Eochaill “yew-wood”, a béarlaíodh mar Oghil i gContaetha na Gaillimhe (#18690), Chill Dara (#25212), an Longfoirt (#33239), Shligigh (#44916) agus Chill Mhantáin (#55449); mar Oghill i gContaetha Liatroma (#30069) agus Mhuineacháin (#39569); mar Foughill i gContae Ard Mhacha (#56808) (foirm a thaispeánann f- proistéiteach, ar nós foscail Chúige Uladh ar oscail “open”); agus béarlaíodh é mar Youghal, in ainm áit an-mhór le rá i gContae Chorcaí (#13715), agus áit eile i gContae Thiobraid Árann nach bhfuil chomh cáiliúil céanna (#46368). Ba é Eochaill an bunainm Gaeilge a bhí ar Moynehall (#5281), Contae an Chabháin, freisin. Is dócha gur thagair na logainmneacha seo do choillte nó d’fhoraiseacha lán de chrainn iúir ó cheart. Dá bhrí sin, díol spéise gur ainm de struchtúr ársa é Eochaill, mar dlúth-chomhshuíomh ainmfhocal+ainmfhocal (< eo + coill); ní raibh a leithéid de dhlúth-chomhshuíomh an-bhisiúil ón 9ú haois i leith. D’fhéadfaí a bheith dóchasach, agus léann na pailineolaíochta ag dul ó neart go neart, go mbeadh anailís chuimsitheach againn don tír ar fad a léireodh na tréimhsí is dóchúla a mbeadh na spéicis crainn atá luaite i logainmneacha mar seo ag fás ar an láthair. Tharla an fhianaise fhada fhairsing ar fhoraoiseacha iúir in Éirinn anallód, b’fhéidir gur mithid dúinn an t-iúr — nó an ‘eo’ — a chur ar a bhonn arís mar chrann lárnach de chuid an tírdhreacha.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Lá Fhéile Phádraig, Giolla Phádraig, Maolphádraig agus an t-ainm pearsanta Pádraig féin Baile Phádraig/Ballypatrick “the (town)land of Pádraig/Patrick” (féach logainm.ie #26454)

Dáta: 11/03/2024

Agus sinn ag druidim le 17 Márta agus ceiliúradh Lá Fhéile Phádraig, ní miste cuimhneamh nach mbíodh Pádraig féin in úsáid mar ainm pearsanta in Éirinn, ach amháin i measc bunadh na nAngla-Normannach, go dtí le déanaí. Thugamar faoi deara sa nóta ar Naomh Bríd nár dhual do na Gaeil ainmneacha naomh a ghlacadh chucu féin mar ainmneacha baiste. Ba é nós a bhí acu na míreanna maol “devotee, servant (lit. tonsure)” nó giolla “servant” a chur leis an mbunainm chun deabhóid agus dílseacht don naomh a léiriú, m.sh. Maolbhríde, Giolla Bhríde agus Giolla Phádraig. Tá ainmneacha pearsanta den déantús seo le fáil i logainmneacha freisin, amhail an dá shampla seo a leanas ó Chontae Shligigh: Ráth Mhaolphádraig/Rathmulpatrick “the ring-fort of Maolphádraig” (#45291) agus Ceathrú Mhic Giolla Phádraig/Carrowgilpatrick “the quarter of the son of Giolla Phádraig” (#44954). (Mar le brí an logainm deiridh de, ar ndóigh tá Mac Giolla Phádraig le fáil mar shloinne freisin, ach ní bheifí ag súil leis sin i gcomhthéacs logainmneacha Shligigh.) Ar an láimh eile, i gcás logainmneacha ar léir go bhfuil bunús eaglasta leo, ar nós Cill Bhríde/Kilbride “the church of Bríd”, Cill Phádraig/Kilpatrick “the church of Pádraig” agus Tobar Pádraig/Toberpatrick “the well of Pádraig” atá coitianta go leor, is féidir talamh slán a dhéanamh de gur ag tagairt don naomh féin atá an t-ainm pearsanta a cháilíonn an logainm. Ach tá an scéal beagáinín níos casta i gcás ainm Gaeilge naomhphátrún na hÉireann .i. Pádraig. I bhfad tar éis teacht an naoimh sin féin go hÉirinn sa 5ú haois, thug na hAngla-Normannaigh an t-ainm Patrick leo isteach athuair, ach mar ainm pearsanta tuata. Cé go raibh sé an-choitianta mar ainm baiste i measc na Sean-Ghall (.i. na hAngla-Normannaigh ghaelaithe), níor ghlac na Gaeil chucu féin riamh é. Dá bhrí sin, nuair a thagaimid ar an ainm pearsanta Pádraig i logainm Gaeilge nach de bhunús eaglasta é, is réasúnta a mheas gur dhuine de shliocht na Sean-Ghall an t-eapainm .i. an té as ar ainmníodh an áit. Ná cuireadh sé aon iontas orainn, más ea, go bhfuil na logainmneacha seo a leanas le fáil i gceantair a ndearna na hAngla-Normannaigh dianchoilíneacht iontu, go ndearnadh athghaelú orthu ansin: Baile Phádraig/Ballypatrick “the town(land) of Pádraig” i gContaetha Chill Chainnigh (#26454) agus Thiobraid Árann (trí shampla); Buaile Phádraig “the boley, cattle-fold of Pádraig” atá béarlaithe mar Boolypatrick i gContae Chorcaí (#9263) agus Belpatrick i gContae Lú (#33531); Baile Mhic Phádraig/Careysville “the town(land) of the son of Pádraig” (#10073) agus Dún Mhic Phádraig/Downmacpatrick “the fort of the son of Pádraig” (#10908) i gContae Chorcaí. Dá bhrí sin is uile, in ainneoin nár thógtha ar dhuine glacadh leis go bhfuil bunús simplí Gaelach le Baile Phádraig/Ballypatrick “the town(land) of Pádraig”, cuir i gcás, is amhlaidh a chuireann a leithéid de logainm in iúl dúinn ní hamháin go raibh lonnaíocht Angla-Normannach i gceist an chéad lá, ach go ndearna athghaelú ar an gceantar ina dhiaidh sin freisin. (Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Baill choirp, an bolg agus Naomh Eolang:

Dáta: 04/03/2024

Is minic a bhuailtear le hainmneacha ball coirp mar théarmaí ar ghnéithe aiceanta i logainmneacha na hÉireann. Faightear An Cloigeann agus é ag tagairt do phointí tíre agus An tÉadan ag tagairt d’aillte nó do thaobhanna géara cnoc; tá An tSrúibh (= srubh) le fáil mar ainm ar ghoib talún agus An tUcht mar ainm ar ghnéithe atá cosúil le brollach mná. Tá sampla suntasach den téarma deireanach sin le fáil san áit ar a dtugtar Baile Uchta/Ballyhought “town(land) of, at (the) breast(-like hill)” idir Baile Uí Chonnmhaí agus baile Loch Garman (#52301). Faigheann an áit sin ainm ó dhá chnocán ar imeall an bhaile fearainn teorantaigh, Meathánach. Tá na cnocáin seo le feiscint taobh thoir den R741 tamaillín ó dheas ón Unyoke Inn, agus is léir sa radharc ón mbóthar sin a chosúla is atá siad le cíocha (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman, lch. 343). Tá tagairtí do bhaill coirp ró-iomadúil in ainmneacha bailte fearainn na hÉireann chun iad a phlé go cuimsitheach anseo, áfach. (Scríobh Art Ó Maolfabhail, iar-Phríomhoifigeach Logainmneacha, dhá alt ar an ábhar seo san iris Ainm 1 (1986), 2 (1987).) Ar na samplaí is coitianta agus is mó a bhfuil cur amach ag daoine orthu, is dócha, tá béal sa chiall ‘oscailt’ nó ‘bealach isteach’, agus é le fáil go minic in éineacht leis an eilimint áth “ford”, m.sh. Béal an Átha/Ballina “the mouth of (i.e., approach to) the ford” (#9935). Sampla coitianta eile is ea lorga “shin” sa chiall ‘droim fada íseal’ nó ‘stráice talún’, mar atá le fáil sa logainm Baile na Lorgan “the town(land) of the long low ridge, strip of land” i gContae Mhuineacháin (#1167095). (Faigheann an baile sin a ainm Béarla Castleblayney ó phlandálaí darbh ainm Edward Blayney, ar ar bronnadh tailte a gabhadh ó na Gaeil anseo i dtús an 17ú haois.) Ní nach ionadh, tá lorga an-choitianta mar eilimint i logainmneacha Chontaetha Mhuineacháin agus an Chabháin, ceantar mór na ndroimníní. Castar leis an tuiseal tabharthach reoite lorgain go minic freisin, mar shampla in ainm an bhaile úd i gContae Ard Mhacha, An Lorgain/Lurgan (#1166423) (féach freisin placenamesni.org s.n. Lurgan). Nuair a úsáidtear ainm baill coirp i logainm bíonn an bhrí thopagrafaíochta soiléir go hiondúil — cuir i gcás droim ‘cnoc fada’, ceann ‘pointe tíre’ — ach ní bhíonn i gcónaí. Mar shampla, tá réimse fada bríonna le bolg, focal atá coitianta go leor i logainmneacha: féach FGB s.v. bolg, mar a bhfuil sé mínithe mar “bag”, “bellows”, “bulge”, “broad part”, “middle”, srl. Bheadh sé réasúnta a ghlacadh leis go dtagraíonn bolg do ghobadh maol cruinn éigin sa tírdhreach — ach tá míniú topagrafaíochta eile le fáil i seanfhoinsí Gaeilge, mar atá “chasm; gap, cleft” (eDIL s.v. 1 bolg). (Seans, áfach, gur ghluaiseoirí déanacha a cheap an bhrí dheiridh sin.) Agus anuas orthu seo go léir is ann don seanainm treabhchais Boilg (eDIL s.v. Bolg), nach dtagraíonn do ghné aiceanta ar bith. Fágann sin nach féidir deimhin a dhéanamh de gurb iad na trí chnoc os cionn 70m ar airde mórthimpeall ar an sráidbhaile a thug ainm do Cluain Bolg/Clonbulloge i gContae Uíbh Fhailí (féach logainm.ie #41652), cuir i gcás, faoi mar a bheadh “pasture of, at (the) bumps”, toisc go mbeadh ciall le “pasture of, at (the) gaps” agus “the pasture of the Boilg (ainm treabhchais)” chomh maith. Ar an dóigh chéanna, d’fhéadfaí Achadh Bolg/Aghabulloge (nó Aghabullogue) i gContae Chorcaí a mhíniú mar “field of (the) bumps” nó “the field of the Boilg”. Ó tharla an talamh cnocach mórthimpeall ar an sráidbhaile, is é an chéad mhíniú is dóichí. Ba é Eolang éarlamh na seanláithreach eaglasta anseo, agus a ainm fite fuaite leis an áit, mar atá le feiscint in Féilire Óengusso, féilire naomh de chuid an 9ú haois:

Eolang, cáid, cáin áge, Achidh Bó [recte Bolg], búaid lére

“Eolang, a beauteous pillar, of Aghabulloge, triumph of piety”

(The Martyrology of Oengus the Culdee, lch. 192; féach freisin Foclóir Stairiúil Áitainmneacha na Gaeilge, Fascúl I (Ainmneacha in A-))

Bhí an gaol seo idir Eolaing agus Achadh Bolg thar a bheith tábhachtach i bpolaitíocht na heaglaise i dtús a ré in Éirinn. Cuireadh amach an-chuid litríochta chun béim a leagan ar an ngaol sin agus, freisin, ar an gcaidreamh a bhí ag Eolang le Fionnbharr (féach Pádraig Ó Riain, ‘To be Named is to Exist: The instructive case of Achadh Bolg’ in P. O’Flanagan & C. Buttimer (eag.), Cork – History and Society (Dublin, 1993), lgh. 45‒61; féach freisin Pádraig Ó Riain, A Dictionary of Irish Saints (Dublin, 2012), lch. 297). Ní raibh Eolang srianta d’Achadh Bolg, áfach, ná do Chontae Chorcaí féin: is cosúil gurbh é a thug ainm do Tuaim Eolaing/Timolin “the hillock of Eolang” (féach logainm.ie #41176) i gContae Uíbh Fhailí agus Cam Eolaing/Camolin “(river-)bend of Eolang” (féach logainm.ie #53095) i gContae Loch Garman freisin (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman, lch. 604). Go deimhin, dhealródh sé go raibh an domhan siúlta ag Eolang Achadh Bolg — de réir an naomhsheanchais chuaigh sé ar oilithreacht go dtí an Róimh i dteannta le Fionnbharr Chorcaí agus Maodhóg Fhearna:

Dochuaidh Bairri iarsin do Roimh, do ghabail gradh nespuicc ar áen ocus Eolang, ocus Maedhócc Ferna

“Bairre went after that to Rome, to take the grade of bishop together with Eolang, and Maodhóg of Ferns”

(Bethada Náem nÉrenn I, lch. 17)

Leathanach 1 as 4 ar aghaidh