Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ainmneacha eile
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
Ní miste an litriú Béarla a phlé ar dtús. Ní féidir a rá gur 'cirte' Tinriland ná an litriú a húsáidtear go áitiúil, Tinryland--tar éis an tsaoil níl i gceachtar díobh ach leaganacha traslitrithe de logainm a tháinig ón nGaeilge. Ar a shon sin, Tinriland atá i gcló ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis ón gcéad leath den naoú haois déag i leith, rud a chiallaionn go bhfuil stádas oifigiúil ag an leagan sin. I dtaca le leagan Gaeilge an logainm de, tháinig an leagan Tigh an Raoireann chun cinn sa bhliain 1839 de réir dealraimh. I gceann d'Ainmleabhair Pharóiste na Suirbhéireachta Ordanáis, scríobh Sean Ó Donnabháin, nó duine dá chúntóirí, an méid seo faoi bhunús an logainm , 'locally pronounced as if it were written Teine Ruithleain, "the fire of the wheel". The correct Irish form of the name is Tigh an Raoireann.' Ghlac P. W. Joyce le leagan an Donnabhánaigh sa tsraith leabhar a scríobh sé faoi logainmneacha dar teideal Irish Names of Places. Níl cruthúnas dá laghad ann gur tugadh Tigh an Raoireann ar an áit seo riamh áfach. Nil ann ach tuairimíocht. Cé gurb ann don logainm seanda Raoire, níl aon cheangal idir é agus an áit seo. Tá samplaí den logainm atá faoi chaibidil ar fáil i gcaipéisí Stait ón 16ú haois i leith, mar a bhfaightear leaganacha (i gculaith an Bhéarla) ar nós, Tyrurebane (-leg. lane) (1571), Teghanrelan (1612), Teghenrylane, Teghanrelan srl. Is é ár dtuairim, ach an fhianaise a bhreithniú ina hiomláine, go gcuireann an fhianaise Tigh an Réileáin in úil. Chuireamar logainmneacha eile a bhí cosúil leis an ainm seo san áireamh chomh maith, ar nós Ryland / Réileán (Co. Loch Garman), Rylane / Réileán (Co. Chorcaí), Rylanes / Na Réileáin (Co. Luimnigh).
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1571 |
Tyrurebane
|
Carew Mss. Leathanach: 635, 90
|
1572 |
Teghenrylane
|
F Leathanach: 2103
|
1578 |
Tenrillane
|
F Leathanach: 3497
|
1595 |
B Henry
|
|
1612 |
Teghanrelan
|
CPR Leathanach: 225
|
1626 |
Tinrilan
|
Inq. Lag. Leathanach: 10 C I
|
1626 |
Tinrylane
|
Inq. Lag. Leathanach: 10 C I
|
1636 |
Tinryllane
|
Inq. Lag. Leathanach: 59 C I
|
1655 |
Tinriland
|
|
1659 |
Timlyland
|
Cen. Leathanach: 353
|
1660c |
Tiniriland
|
BSD (Ce) Leathanach: 84
|
1685 |
Tinriland
|
|
1839 |
Tinriland
|
DS:AL Leathanach: Ce 53, 13
|
1839 |
Tinrilin, Rinryllane
|
Inq. C I:AL Leathanach: Ce 53, 13
|
1839 |
Tuinne Ruíthleáin, 'the fire of the wheel, locally pronounced and explained, as if it were Teine Roithleain'
|
OC:AL Leathanach: Ce 53, 13
|
1839 |
Tuinne Roithleán (ee os cionn oi)
|
pl:AL Leathanach: Ce 53, 13
|
1839 |
Tinryland
|
Rec. Name:AL Leathanach (AL): Ce 53, 13
|
1839 |
Tinriland
|
St George, Rev. R.:AL Leathanach: Ce 53, 13
|
1839 |
Tinriland
|
TAB:AL Leathanach: Ce 53, 13
|
1839 |
Tinriland
|
Vallancey Surv.:AL Leathanach: Ce 53, 13
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/3340.aspxBéaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML