Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
old grey place?
Tá an fhoirm Ghaeilge seo éiginnte.
Is cosúil gurb í an aidiacht Bhéarla old atá sa chéad mhír agus nach réadú ar eilimint de chuid an logainm Ghaeilge atá ann (cf. bf Seandaróg (#28859)). Tá an t-aicmitheoir féin doiléir, áfach. Tugann an fhianaise stairiúil /liəx/ in iúl tríd síos: féach 1655 ‘-leagh’, 1659 ‘-[l]eaghe’, 1838 ‘-Liagh’ agus go háirithe an dá fhoirm viva voce san Ainmleabhar, 1838 ‘Liach’, 1838 ‘Leeagh’. Forbairt rialta air sin atá in 2006 /-ˈliː/, /-ˈleː/.
Is ann do liath mar aicmitheoir i ndornán logainmneacha sa chiall “grey place” (cf. www.dil.ie s.v. liath II (c)): díobh seo is é par Liath Mhancháin (#2034) in iarthar Chontae Uíbh Fhailí an sampla is mó le rá (‘Liath Manchain’ ag na Ceithre Mháistrí faoin mbliain 645AD). Cf. bf Srath na Liath (#28103) i gClár Maí Locha; cf. freisin an nóta faoi leagan fada bf An Inse (#28208) i Ráth Easpaig. Féach freisin an fuaimniú áitiúil 1991 /liək/, /liːç/ faoi bf Liath (< Liath Mór Mochaomhóg) (#47322) i dTiobraid Árann (pléite ag Ó Cearbhaill in Logainmneacha na hÉireann II 152). Is mór idir seo agus an fhianaise faoi bf Leagh (#28857) i gCill Uisean, 6km soir uaidh seo, agus ó tharla gur mheas an Donnabhánach gurbh ionann bunús don dá logainm níor mhiste an dara ceann a phlé anseo freisin.
Taispeánann an fhianaise stairiúil faoi bf Leagh (#28857), par. Chill Uisean, réadú soiléir ar leamhach “place of elm-trees” sa 16ú agus sa 17ú haois, e.g. 1563 ‘Laawghe’, 1563 ‘Leaugh’, 1619 ‘Luagh’ < ~/lʹəux/ na Gaeilge. Nuair a tháinig an litriú ‘Leagh’ chun solais ag deireadh an 17ú haois, mar sin, is léir nach /liəx/ a bhí á chur in iúl an chéad lá ach foghrú ar nós ~/ljɑx/, forbairt ar fhoirmeacha béarlaithe an 16ú is an 17ú haois (cf. 1655 ‘Leogh’ roimhe sin). Ní mór idir sin agus fuaimniú an lae inniu 2006 /lok/. Tabhair faoi deara nár chuir an Donnabhánach sampla ar bith den fhoghraíocht áitiúil san áireamh nuair a shocraigh sé an litriú oifigiúil Leagh i 1838 — bhí sé den tuairim gurbh é liath “grey place” an bunainm Gaeilge (bhí fuaim -ch /x/ le -th leathan deiridh sa chanúint).
In Osraí faighimid an litriú Gaeilge 1838 ‘liúch/leamhach’ leis an míniú ‘‘-lieugh’ is the best spelling to represent this sound’ faoi bf Ráth na Leamhach (#28770) i Ráth Domhnaigh. I dtuaisceart an chontae faighimid na foirmeacha stairiúla 1550 ‘the Leawaghe’, 1607 ‘Lawaghe’, 1660 ‘Laughe’ faoi bf An Leamhach/Quarrymount (#28352).
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1655 |
Oldleagh
|
|
1659 |
Oulteaghe
|
Cen. Leathanach: 500
|
1660c |
Old Leagh
|
BSD (La) Leathanach: 82
|
1666 |
Oldleagh
|
ASE Leathanach: 69
|
1838 |
Old Leagh
|
HCSV:AL Leathanach: LA032,38
|
1838 |
Leagh
|
Griffith Map:AL Leathanach: LA032,38
|
1838 |
Liach
|
pron.:AL Leathanach: LA032,38
|
1838 |
Leeagh
|
pl:AL Leathanach: LA032,38
|
1838 |
Old Liagh
|
Bar. Cons.:AL Leathanach: LA032,38
|
1838 |
Old Leagh
|
BS:AL Leathanach: LA032,38
|
1838 |
Old Lea
|
DS:AL Leathanach: LA032,38
|
1838 |
Old Leigh
|
Old Map:AL Leathanach: LA032,38
|
1838 |
Liath, 'grey land'
|
OD:AL Leathanach: LA032,38
|
1838 |
Old Leagh
|
OD:AL Leathanach: LA032,38
|
2006 |
oːldˈliː
|
|
2006 |
oːˈleː
|
|
2006 |
oːˈliː
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28821.aspxTuilleadh eolais faoin áit seo
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML