Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Nóta mínithe
- Gaeilge
the hamlet of the —
Is é 1666 ‘Killeskeraghemore, Killeskeraghbegg, Grageneskerry and Bellingue or Bellnigue alias Fisherstowne’, sa chur síos ar na tailte i mainéar nua an Tiarna Arlington in ASE 84, an chéad tagairt dá bhfuil againn don ainm Béarla Fisherstown. Gach seans gur cumadh an uair sin é. Tá roinnt bréagaistriúcháin, leathaistriúcháin agus ainmneacha nuachumtha sa cháipéis céanna, iarrachtaí ar logainmneacha Béarla a leagan síos ar fud an mhainéir. Bhí cuid de na nua-ainmneacha seo níos buaine ná a chéile, m.sh. ‘Cultudery, alias Port-Arlington’ (#28604) os coinne leithéid ‘Ballicarroll … alias Carrolsby’ (#28480) nó ‘Derynefonsy … alias Hoopegrove’ (#28483).
Déanann Dowling amach gur thagair 1655 ‘Grangeskry’ DS do bf Belin amháin: ‘according to the Down Survey Map “Graigneskirry” [sic] occupied the position of the present townland of Belin’ (is léir go bhfuil sé seo bunaithe ar Fitzgerald ‘Graigneskirry [.i. an fhoirm in ionchoisne 1617] … appears on the Down Survey Map as being where the present Townland of Belin is situated’ JKAS IV 188) agus arís ‘An example of faulty research is to be found in the case of the townland of Fisherstown … It is clear from the Fiants and Inquisitions that Fisherstown covers the area formerly known as Coill an Iasgaire, the Fisherman’s Wood, and that Fisherstown is a part translation of the old name’ (JKAS XIII 103, 106). (1618 ‘Killeskeraghmore, Killeskeraghbeg’ an logainm stairiúil a ndéanann sé ‘Coill an Iasgaire’ as, ach féach an nóta faoi bf Coill na Cúirte (#28653).)
Ach is féidir a dhéanamh amach ar léarscáil an Down Survey (a bhfuil na teorainneacha an-chruinn sa bharúntacht seo) go bhfuil stráice den chuid thuaidh de ‘Lower Kilnecourte’, mar a bhí, chomh maith leis an gcuid láir de ‘Grangeskry’ san áireamh in bf Fisherstown an lae inniu. Tá bf Kilbrackan agus bf Belin an lae inniu suite sa chúinní thiar agus thoir thuaidh den ‘Grangeskry’ céanna. Féach go bhfuil tagairtí don dá bhaile fearainn eile sin le fáil i bhfad siar san fhianaise, m.sh. 1549 ‘Belyn’, 1564 ‘Kylbreckan’. Mar sin, cé gur cosúil go raibh an píosa talún breise sin ó dheas i gceist freisin is féidir glacadh leis an ionannú 1711 ‘Fisherstown alias Graigeneskerry’, mar is léir go gclúdaíonn bf Fisherstown an chuid sin de 1655 ‘Grangeskry’ DS nach bhfuil clúdaithe inniu ag bf Kilbrackan ná ag bf Belin.
Mar leis an ainm féin de, ní léir brí an cháilitheora. Cf. eiscire < eascaire “public notice, proclamation” b’fhéidir (cf. www.dil.ie s.n. esgaire, esngaire). Is cosúil gur bréagaistriúchán é an t-ainm nua Béarla in ASE 84, ar an tuiscint gur iascaire “fisherman” a bhí sa dara heilimint. Ní dóigh linn gur féidir glacadh le esk-/esc- leanúnach mar réadú ar iasc- /iəsg-/ na Gaeilge anseo. (Cf. bréagaistriúcháin eile san fhoinse céanna atá bunaithe, de réir gach cosúlachta, ar an leagan scríofa den ainm, m.sh. ‘Dereyenefonsy … alias Derrynefonsin … alias Hoopegrove’; ‘Killbreckans … alias Checquerton’; ‘Clonequin alias Queen’s-close’.) Níl aon dealramh leis an míniú ‘An English name for a village of fishermen dwelling near the Barrow about 60 years since [sc. 1754]’ Par. Stat. I 547 (1814). Cf. bf Gráig an Iascaire/Fishersgraigue (#27361) cois na Bearú i gCill Chainnigh, áfach.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1567 |
Granieshery
|
F Leathanach: 1179
|
1600 |
Gargeneskerry
Murtagh m'Teige Dempsie
|
F Leathanach: 6439
|
1600 |
Gragnekerrie
Garrald M'Edmunde
|
F Leathanach: 6439
|
1617 |
Graigneskirry
|
Inq. Lag. Leathanach: 6 J I
|
1655 |
Grangeskry
|
|
1660c |
Grageneskery
|
BSD (La) Leathanach: 118
|
1666 |
Fisherstowne, Bellingue or Bellnigue alias
Féach bf Belan
|
ASE Leathanach: 84
|
1666 |
Grageneskerry
|
ASE Leathanach: 84
|
1685 |
Grangeskry
|
|
1695 |
Grageenskeory
|
Inq. Lag. Leathanach: 4 G III
|
1695 |
Killeskeraghbeg al' Graigneskeory
|
Inq. Lag. Leathanach: 4 G III
|
1711 |
Fisherstown als Graigeneskerry
|
CGn. Leathanach: 4.40.704
|
1714 |
Graigneskery alias Fisherstowne
|
CGn. Imleabhar: 13, Leathanach: 114, Uimhir: 5355
|
1814 |
Fisherstown
|
Par. Stat. Foroinn: I, Leathanach: 518, 524, 545
|
1814 |
Lower Courtwood, including Fisherstown
|
Par. Stat. Imleabhar: I, Leathanach: 545
|
1837 |
Fisherstown House
|
Top. Dict. Imleabhar: II, Leathanach: 248
|
1838 |
Fisherstown
|
BS:AL Leathanach: La041,21
|
1838 |
Fisherstown
|
Vestry Bk.:AL Leathanach: La041,21
|
1838 |
Fisherstown
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La041,21
|
1838 |
Gráig na n-iasgairidhe, 'village of the fisherman,' 'Graiguenaskerry'
"The ancient name. See also pg. 6, no. 2." [Nóta OD]
|
OD:AL Leathanach: La041,21
|
1838 |
Fisherstown
|
OD:AL Leathanach: La041,21
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28654.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML