Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ainmneacha eile
Nóta mínithe
- Gaeilge
Ní léir brí.
Tagann leathnú suntasach ar an mBearú ag an bpointe seo agus measaimid gur dócha gur comhfhocal é seo < béal + linn “mouth-pool”. (Cf. béillic < béal + leac i mionainmneacha i gCiarraí (#1419825, #1394211), agus i logainmneacha stairiúla in FSÁG II leis an míniú “rock cavern”.) Más ea, díol spéise -nn caol deiridh na Gaeilge réadaithe mar -ng(ue) in iontrálacha 1654, 1666. Níl aon fhianaise ar a leithéid i logainmneacha bharúntacht Thigh na hInse laistiar (m.sh. bf An Rinn (#28644) i Ros Fhionnghlaise). Seans go bhfuil tionchar an logainm Shasanaigh Billing le brath orthu seo mar sin (féach Reaney, Billing, Billings, Billins; cf. 1295 ‘Henry de Belynges’ CJR I 30).
Tá an áit seo clúdaithe sa chuid thoir de 1655 ‘Grangeskry’ ar léarscáil an Down Survey. Níl aon dealramh le háiteamh Dowling in JKAS XIII 103, 106 gur don bhaile fearainn beag seo amháin a thagraíodh an t-ainm eile úd, áfach (cf. bf Fisherstown (#28654)).
Is é Belin an litriú ar SO 1ú eagrán 6ʺ agus sin é atá in Innéacs na mBailte Fearainn freisin (aguisín le Daonáireamh 1851); is é Belan atá ar na léarscáileanna SO ina dhiaidh sin.
Ní dócha gurb ionann is an áit inar briseadh ‘cath Bithland’ CGH 317a22 (féach FSÁG II Biothlann(a).).
Mionainmneacha ar an léarscáil:
- Pollaun SO < An Pollán (?) “the little pool”.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1549 |
Belyn, Newbridg de
(Extent of Clynmalyre)
|
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 100
|
1553 |
Bealyne, the bridge of
'in O'Dempsye's country'
|
CPCR Imleabhar: I, Leathanach: 302
|
1654-6 |
Beling
|
CS X Leathanach: 20
|
1666 |
Bellingue or Bellnigue alias Fisherstowne
Féach bf Fisherstown
|
ASE Leathanach: 84
|
1695 |
Ballingare
(A mistake for Bellingue of ASE, from which this list of 1695 is copied.)
|
Inq. Lag. Leathanach: 4 G III
|
1783 |
Belin
|
|
1812 |
Belan
|
Leet Imleabhar: I, Leathanach: 93
|
1814 |
Belinlodge
|
Par. Stat. Imleabhar: I, Iontráil: 524
|
1838 |
Bellinn
|
BS:AL Leathanach: La041,11
|
1838 |
Belin
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La041,11
|
1838 |
Bithlann, 'Bih's house or enclose, or' Beithlann, 'birch house or enlosure'
|
OD:AL Leathanach: La041,11
|
1838 |
Boyle-lin
|
pl:AL Leathanach: La041,11
|
1838 |
Belin
|
OD:AL Leathanach: La041,11
|
2005 |
ˈbeːlin
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28650.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML