Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
fo-aonaid
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the shallow ford
Is féidir talamh slán a dhéanamh de gurb ionann an áit seo agus 1638 ‘Scappenscarrye’, 1641 ‘Cappanskarry’, 1642 ‘Cappineskerry’ < Ceapach na Scairbhe “the tillage-plot of the shallow ford”. (Taispeánann Nicholls in LS Uí Dhuinn 160 gur de mhuintir Chonratha na ceathrún seo an Seán mac Liam a bhí gníomhach in éirí amach 1641.) Tharla an forás céanna ó 1750 ‘Aughanaskerry’, 1808 ‘Aughnascarry’, 1836 ‘Aughneskerry otherwise Ochnosscarry’ go dtí Scarry in ainm Béarla an bhaile fearainn bf Áth na Scairbhe (#41406) ní fada ó bhaile i gContae Uíbh Fhailí. Cf., leis, an meascán idir skerr- agus scarr- san ainm úd.
Gabhann áth agus droichead thar abh Abhainn Easa (#116477) ar theorainn theas an bhaile fearainn mhóir seo (SO 25″). Ritheann abh An Mhurghlaise (#1418878) trí lár an bhaile fearainn aniar agus téann áth thairis sin freisin. D’fhéadfaí scairbh “shingly-bottomed shallow; shallow ford” a shamhlú lena leithéid de ghné. Tagann an eilimint chéanna i gceist sa chéad eilimint d’ainm an bhaile fearainn bf Scairbh Thamhan (#28415), áit eile cois abhann a bhfuil cúpla áth ann.
D’fhéadfaí Ceapach na Sceire a chur san áireamh freisin. Oileán íseal creagach san fharraige is brí le sceir i logainmneacha de ghnáth, ach sa logainm bf Achadh na Sceire (#5466) sa Chabhán, baile fearainn intíre, is cosúil go dtagraíonn sé d’áth: cf. ‘Foot Stick’ trasna an tsrutháin ar a theorainn thiar theas (SO 25″). Cf. leis bf Dromskerry (#3779) i ndeisceart an Chabháin agus bf Owenskerry (#60848) i bhFear Manach, bailte fearainn eile a bhfuil áthanna le fáil, agus b Áth na Sceire (#1416547) i gCill Mhantáin.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1638 |
Scappenscarrye
|
O Doyne Ms. Leathanach: 160
|
1641 |
Capp[.]skerragh
|
Dep. 1641 Leathanach: 146r
|
1641 |
Cappanskarry
|
Dep. 1641 Leathanach: 151r
|
1642 |
Cappenskerraghe
|
Dep. 1641 Leathanach: 117r (UF)
|
1642 |
Cappinskerraghe
|
Dep. 1641 Leathanach: 190r
|
1642 |
Cappeskerry
|
Dep. 1641 Leathanach: 193v (UF)
|
1642 |
Cappeskerry
|
Dep. 1641 Leathanach: 232r
|
1642 |
Cappineskerry
|
Dep. 1641 Leathanach: 170r
|
1642 |
Cappenskerry
|
Dep. 1641 Leathanach: 275r
|
1643 |
Cappenskarry
|
Dep. 1641 Leathanach: 341r
|
1660c |
Cappanscurra & Clonkilly
[cf. Clonkilly House, bf An Cheapach Ard (#28342) lastuaidh]
|
|
1758 |
Skerry, Rosenallis
|
CGn. Imleabhar: 190, Leathanach: 305, Uimhir: 126936
|
1790 |
Skerries
|
CGn. Imleabhar: 423, Leathanach: 188, Uimhir: 275705
|
1819 |
Cappanaskerry
"Derrylamogue & Cappanaskerry—...Little district of the rocks"
|
Par. Stat. Imleabhar: III, Leathanach: 331
|
1823 |
Skerry
|
|
1838 |
Skerry
|
BS:AL Leathanach: La056,29
|
1838 |
Skerry
[No date]
|
Croasdal Map 1735:AL Leathanach: La056,29
|
1838 |
Skerry
|
Drogheda Map 1812:AL Leathanach: La056,29
|
1838 |
Sgairbh, 'a shallow ford'
|
OD:AL Leathanach: La056,29
|
1838 |
Skerry
|
OD:AL Leathanach: La056,29
|
2005 |
ˈskeriˑ
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28647.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML