Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
fo-aonaid
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the town of the wisp, wispy person?
Tá an fhianaise an-ghann.
Measaimid gur réadú é 1720 ‘hopican’, 1747 ‘huppehawn’, srl., ar cháilitheoir dar túschonsan sh- /h-/. Réiteodh an chuid is mó den fhianaise leis an ainmfhocal coitianta sopachán “shakedown; nesting material” (féach FGB agus Ó Duinnín s.v.). D’fhéadfaí ainm dílis a chur san áireamh chomh maith, tharla go dtagraíodh an t-ainmfhocal coitianta úd do dhaoine freisin, m.sh. leasainm Sopachán “wispy, unkempt man” nó sloinne *Ó Sopacháin mar a mholann Ó Donnabháin (1838) — tá an dá ainm seo gan urrús, áfach, go bhfios dúinn.
Díol spéise an litriú 1720 ‘-cuppacan’ sa tagairt is luaithe dá dtagann anuas chugainn (cf. 1758). Thabharfadh sin le fios gurbh é c- /k-/ túschonsan radaiceach an cháilitheora agus gur réadú ar ch- /x-/ atá in 1720 ‘-hopican’, srl. Ach más ea ní heol dúinn aon fhocal *copachán i logainmneacha, ná ní dóigh linn gur meititéis ar an logainm Copanach (#5473, #27220, #3519, srl.) a bheadh ina leithéid.
Ó tá an áit seo suite ar leirg sléibhe, ní fhéadfaí a chur as an áireamh gur buaile “cattle-fold, summer pasture” a bhí sa chéad eilimint ó cheart.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1720 |
Ballyhopican
|
CGn. Leathanach: 28.271.17582
|
1720 |
Ballycuppacan
|
CGn. Leathanach: 28.271.17582
|
1747 |
Ballyhuppehawn
|
CGn. Leathanach: 127.375.87128
|
1758 |
Ballycuppaban
|
Kildare Wills Leathanach: 134
|
1758 |
Ballacuppahane
|
Kildare Wills Leathanach: 142
|
1805 |
Ballyhuppahane
|
|
1823 |
Ballyhapahane
Ballyhupahane san innéacs
|
|
1838 |
Ballyhuppahane
|
BS:AL Leathanach: La056,5
|
1838 |
Ballyhuppahane
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La056,5
|
1838 |
Ballyhuppane
[No date]
|
Map:AL Leathanach: La056,5
|
1838 |
Ballyhupahane
|
Drogheda Map 1812:AL Leathanach: La056,5
|
1838 |
Baile Ui Shopachain, 'O'Soppahan's town'
|
OD:AL Leathanach: La056,5
|
1838 |
Ballyhuppahane
|
OD:AL Leathanach: La056,5
|
2005 |
baliˑˈhopəhɑːn
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28638.aspxBéaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML