Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the town of Mac Giolla Chaoin
Mac Giolla Chaoin — sloinne nó ainm atharthaD’fhéadfaí 1607 ‘Ballikill kein roe’ < Baile Mhic Giolla Chaoin Rua a thuiscint mar “the town of red Mac Giolla Chaoin”, ina gcáilíonn an aidiacht rua an sloinne/an t-ainm athartha, nó neachtar acu “the red Baile Mhic Giolla Chaoin”, ina gcáilíonn rua an baile fearainn féin.
Féach freisin Mac Giolla Chaoin, Mac Giolla Chaoine Sloinnte Gaedheal is Gall 369.
Ainmneacha stairiúla:
- Ar léarscáil an Down Survey léirítear áit bheag 1655 ‘faranclinkin’ in iardheisceart bf An Cheapach Bheag (#28545) i dteorainn le bf Nutgrove (#28643), timpeall ciliméadar go leith siar ó dheas uaidh seo. Déantar tagairt don logainm céanna sin go minic i Láimhscríbhinní Uí Dhuinn, as Gaeilge uair amháin .i. 1608 ‘Fearan Clankein … fearann cloinne cinn’. Is léir gur buille faoi thuairim atá anseo (nó neachtar acu sciorradh pinn), mar níl aon dealramh le * Fearann Clainne Cinn mar ainm clainne. In aimsir an BSD bhí 244 acra in ‘Cappaghbegg’ agus gan ach 14 acra in ‘ffaranclinkin’ — ach de réir mar is féidir a dhéanamh amach as na deontaisí luatha bhí achar ní ba mhó i gceist leis an bhfearann-ainm seo tráth. D’fhéadfadh sé gurbh ionann é agus an chuid sin den bhaile fearainn mór bf Míleac (#28550) idir bf Nutgrove agus bf Baile Mhic Giolla Chaoin féin. D’fhéadfaí * Fearann Chlann Chaoin ( * Fearann Clainne Caoin) a mheas, b’fhéidir (ina seasann Clann Chaoin do ‘mhuintir dar sloinne Mac Giolla Chaoin’). Cf. freisin bf Gleann Caoin (#28409) i ndeisceart an pharóiste.
Níl sé as an áireamh ar fad gurb é an sloinne Mac Giolla Chaoin atá taobh thiar den sloinne béarlaithe Quinn sa bharúntacht seo (dornán teaghlach in TAB, Griff. Val. — a bhformhór (4) i gCill Bhanbháin) — is ar éigean gurb é is bunús le Kane/ Keane sa TAB. (Ach cf. an t-ainm athartha 1607 ‘Lishaghe mcQuinn’ < Laoiseach mac Cuinn ar an gCorrbhuaile, 1607 ‘Murtagh mcQuinn’ < Muircheartach mac Cuinn i gCluain Achaidh Chaoin; cf. 1601 ‘Conne mcRorie’ < Conn mac Ruairí ar an gCorrbhuaile.)
Is cosúil mar sin gur míléamh ar -k- atá san -f- sna foirmeacha 1607/8 ‘Farran Claufyn’ [leg. Clankyn], 1638 ‘Farrenclonfin’ [leg. -clonkin] in ionad é a bheith ina léiriú ar fhréamhchonsan * Fearann Chlann Mhic Fhinn “the land of the descendants of Mac Fhinn”, a bheadh an-neamhghnách mar struchtúr. (Ní mhaireann a leithéid mar shloinne sa cheantar ach oiread; ach cf. 1607 ‘Cuilivoholan, Dermott Reoghe mcFinn’ < Diarmaid Riabhach mac Fhinn “swarthy Diarmaid son of Fionn”.)
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1607 |
Ballikill kein roe
|
O Doyne Ms. Leathanach: 23
|
1622 |
Ballynlackyn alias Ballygillackan alias Ballinlaghin hamlet.
|
CPR Leathanach: 540
|
1660c |
Ballygilkeene, Reyriebegg & Clonnuffe
|
BSD (La) Leathanach: 127
|
1660c |
Ballysillkeene
|
|
1823 |
Ballygilheen
Ballygiliheen san innéacs
|
|
1838 |
Ballygillaheen
["no date"]
|
Map:AL Leathanach: La054,4
|
1838 |
Baile Giolla Chaoin, 'Gillachaein's town'
"Gile" [scriosta]
|
OD:AL Leathanach: La054,4
|
1838 |
Ballygillaheen
|
OD:AL Leathanach: La054,4
|
1838 |
Ballygillaheen
|
BS:AL Leathanach: La054,4
|
2005 |
baliˑgiləˈhiːn
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28630.aspxBéaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML