BRABHSÁIL
baile fearainn
An Gearrán Bán
ginideach: an Ghearráin Bháin
(Gaeilge)
Garranbaun
(Béarla)

Gluais

Béarla white; lea-ground, grassy

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the white horse?

    Mionainmneacha ar an léarscáil:
    Ar bharra an tsléibhe anseo léirítear Farbreague or Hardyman (SO 6ʺ), carn a sheas ar theorainn na barúntachta seo le hÉile Uí Chearúill .i. bar. Bhaile an Bhriotaigh (#203) (atá i gContae Uíbh Fhailí an lae inniu). Tá cur síos air seo agus ar chairn teorann eile ar an láthair seo san Fhardal Seandálaíochta (www.archaeology.ie). Ainm comónta go leor is ea (An) Fear Bréige/Bréagach “(the) false man”, a thugtar ar charraig nó spinc nó gné eile a bhfuil deilbh duine air: cf. (An) Fear Bréige (PL; TÁ); An Fear Bréagach (Ci; Lm); Na Fir Bhréagacha (Co); Cnoc an Fhir Bhréige (DG); Cloch an Fhir Bhréige (PL). Cf. leis sl An Buachaill Bréige (Lm).

    Is inmheasta gur thagair An Gearrán Bán don ghné céanna seo ar bharra an tsléibhe an chéad lá riamh. Cf. An Gearrán Bán/Garraunbaun Rock (CC), An Gearrán/Garronpoint (Ao), bf An Gearrán Bán (Ga).

    Ach b’fhéidir nár cheart An Garrán Bán “the white grove” a chur as an áireamh ar fad. An fuaimniú áitiúil a breacadh síos in 1838 ‘Gearán bán’, ní léir cé chomh dílis don Ghaeilge is a bhí sé. Ní raibh aon Ghaeilge á labhairt sa bharúntacht seo in aimsir na Suirbhéireachta agus i measc na bhfoirmeacha a scríobhadh i bpeann luaidhe san Ainmleabhar níl ach cúig cinn díobh atá scríofa in ortagrafaíocht na Gaeilge (as 142 bf). Féach leis caolú g-tosaigh sa bhéarlú in 1838 ‘Gearthan duff’ faoi bf An Garraí Dubh (#27991) i bparóiste Adhairce, áit a bhí i bhfad níos giorra don Ghaeilge an uair úd.

    Tá cur síos in Landscape of Slieve Bloom (lch.232) ar ‘a cascade seen … as a white splash … the White Horse’ in bf Goirtín na Mallach, tamall maith soir ón áit seo. Níl aon tuairisc ar a leithéid de ghné in áit ar bith ar feadh na sruthán sa bhaile fearainn seo.

Lárphointe

53.0097, -7.687domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1838
Gearán bán, 'white horse'
OD:AL Leathanach: La046,27
1838
Gearán bán
pl:AL Leathanach: La046,27
1838
Garranbaun
OD:AL Leathanach: La046,27
1838
Garronbawn
BS:AL Leathanach: La046,27
2004
garinbɑːn
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm