Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
fo-aonaid
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the wooded height of the district?
‘Talamh ard (coillteach), coill, ceann tíre’ an réimse bríonna atá leis an bhfocal ros. Dhealródh sé gur minicí an bhrí ‘talamh ard (coillteach)’ leis sa taobh seo tíre. Talamh ard droimneach atá sa bhaile fearainn seo. Cf. bf An Ros (#27887).
Tá an eilimint deiridh éiginnte. Tá dhá shraith le sonrú san fhianaise stairiúil, mar atá cáilitheoir tríshiollach 1655 ‘-nadoughy’, 1659 ‘-nadowhy’, 1660c ‘-nadowy’ agus cáilitheoir déshiollach 1655 ‘-ne Doagh’, 1685 ‘-nedough’, 1712 ‘-nedough’, 1838 ‘na dóach’ (pl:AL), 1838 ‘-nadough’ (foinsí san AL). Ach ní háirithe go mbréagnaíonn siad seo a chéile, mar is minic a chailltear siolla neamhaiceanta deiridh sa bhéarlú (féach Ó Crualaoich, Logainmneacha na hÉireann IV, Réamhrá). Réiteodh na dúiche leis an gcuid is mó den fhianaise.
Ach díol spéise gur casadh ar litriú bréag-Ghaeilge chun an fuaimniú áitiúil a chur i bhfriotal in 1838 ‘Rus na dóach’. Ní raibh aon Ghaeilge á labhairt sa bharúntacht seo aimsir na Suirbhéireachta agus i measc na bhfoirmeacha a scríobhadh i bpeann luaidhe in Ainmleabhar an pharóiste níl ach cúig cinn (as 142 bf) atá scríofa in ortagrafaíocht na Gaeilge. Mar sin, is féidir talamh slán a dhéanamh de gur mhair -ch leathan /x/ suaithinseach sa logainm áirithe seo. Más ea, agus más é an défhoghar /~əu/ atá á chur in iúl sna foirmeacha stairiúla luatha, d’fhéadfadh sé gur Ros na Dabhcha “the wooded height of the hollow” a bhí anseo ó cheart, mórán mar a mheas Ó Donnabháin (cf. bf Cluain Uamhnach (#28750)). Is inmheasta go bhforbródh * /ro̤snəˈdəuxə/ na Gaeilge go * /rusnəˈdoəx/ (1838 ‘Rus na dóach’) sa bhéarlú. Féach go bhfuil dhá log mhóra sa bhaile fearainn seo (www.osi.ie).
Cf. bf Cúil Dabhcha (#1414070) (DG), bf Cúil Dabhcha (#41078) (Mu); féach www.dil.ie s.v. dabach.
Suite le hais bf Ros na Críne (#28540).
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1655 |
Rosne Dough
|
|
1655 |
Rosnadoughy & Lowford
|
|
1659 |
Rosnadowhy
|
Cen. Leathanach: 496
|
1660c |
Rosnadowy & Lonford
|
BSD (La) Leathanach: 149
|
1685 |
Rosnedough
|
|
1712 |
Rosnedough
|
CGn. Imleabhar: 9.299.3678
|
1838 |
Rossnadough
|
BS:AL Leathanach: La047,43
|
1838 |
Rossnadough
|
Bar. Cons.:AL Leathanach: La047,43
|
1838 |
Rossnadough
|
Price, J.P.:AL Leathanach: La047,43
|
1838 |
Rosnadoughy
|
DS:AL Leathanach: La047,43
|
1838 |
Rossnadough
|
Despard:AL Leathanach: La047,43
|
1838 |
Ros na doibhche, 'wood of the cauldron or hollow'
|
OD:AL Leathanach: La047,43
|
1838 |
Rus na dóach
|
pl:AL Leathanach: La047,43
|
2004 |
rɑsnəˈduːk
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28541.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML