Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the wooded height of the decay, withering?
‘Talamh ard (coillteach), coill, ceann tíre’ an réimse bríonna atá leis an bhfocal ros. Dhealródh sé gur minicí an bhrí ‘talamh ard (coillteach)’ leis sa taobh seo tíre, mar atá sa bhaile fearainn seo. Cf. bf An Ros (#27887).
Réiteodh 1566 ‘Rossecreyne’ agus 1601 ‘Roskryny’ le Ros an Chríonaigh “the wood of the brushwood”; cf. bbf An Críonach (Ca), bbf An Críonach (Li), bf Críonach (Lo). D’fhéadfadh sé mar sin go ndearnadh atuiscint ar an logainm i rith an 17ú haois. Cf. bf Cúil na Críne (PL) (#50047) < crín “anything old or withered” (FGB).
Is minic críon “withered, decayed”, agus focail atá díorthaithe uaidh, le fáil i dteannta focal a thagraíonn do choillte: e.g. bbf An Choill Chríon (CC; Ci; Mu), bf An Choillidh Chríon (Mu), bf Coillte Críona (Sl), bbf Críonchoill (AM; CC; Mu; UF), bf Doirín an Chríonaigh (Co), bf An Garrán Críon (Ga).
Suite le hais bf Ros na Dúiche (#28541).
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1566 |
Rossecreyne
|
F Leathanach: 897
|
1601 |
Roskryny
Dermot roe M'Kenyn
|
F Leathanach: 6551
|
1606 |
Rosserny
|
CPR Leathanach: 88
|
1655 |
Rosnecreny
|
|
1655 |
Rosnoneny
|
|
1655 |
Rosnacriny
|
|
1659 |
Rossnacryng
|
Cen. Leathanach: 496
|
1660c |
Rosnacriny
|
BSD (La) Leathanach: 150
|
1685 |
Rosnecreny
|
|
1838 |
Rasnacreena
|
BS:AL Leathanach: La047,38
|
1838 |
Rosnacriny
|
DS Ref.:AL Leathanach: La047,38
|
1838 |
Rosnacreena
|
Despard:AL Leathanach: La047,38
|
1838 |
Ros na cree ne, Ros na críona
|
pl:AL Leathanach: La047,38
|
1838 |
Rossnacreena
|
OD (corr.):AL Leathanach: La047,38
|
1838 |
Rosneneny
|
DS Map:AL Leathanach: La047,38
|
1838 |
Ros na críne, 'wood of the withered sticks'
|
OD:AL Leathanach: La047,38
|
2004 |
rɑsnəˈkriːniˑ
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28540.aspxBéaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML