Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the wood of the pasture?
‘Talamh ard (coillteach), coill, ceann tíre’ an réimse bríonna atá leis an bhfocal ros. Dhealródh sé gur minicí an bhrí ‘talamh ard (coillteach)’ leis sa taobh seo tíre, ach talamh íseal atá sa chuid is mó den dá bhaile fearainn seo, cé go bhfuil ardán beag ar theorainn iarthuaisceart bf Ros na Cluana Lasmuigh le bf Cluain Eochaille (#28532), mar a bhfuil lios (www.archaeology.ie). Cf. bf An Ros (#27887).
Mar leis an dara heilimint de, tá cuma thruaillithe ar 1624 ‘Rosnaclowatre’ (leg. ‘Rosnaclonwatre’ < Ros na Cluana Uachtarach, b’fhéidir?) agus ar 1636 ‘Rossnyclanty’. Ach féach go dtagann 1655 ‘Rosneclony’, 1659 ‘Rosnaclony’ agus 1667 ‘Rossneclony’ leis an bhfuaimniú áitiúil 2004 /rɑsnəˈkloːnə/; tá na trí tagairtí seo le fáil i bhfoinsí a bhíonn neamhspleách ar a chéile de ghnáth. Measaimid gur foirm ghinideach den fhocal cluain “pasture” atá sa cháilitheoir. Is minic an eilimint seo le fáil i gceantair phortaigh (cf. bf Cluain Eochaille (#28532), bf Cluain Coille (#28531), bf Cluain Uamhnach (#28750) siar uaidh seo; féach Ó Cearbhaill, Logainmneacha na hÉireann III).
Is é seo an t-aon sampla amháin den idirdhealú Béarla Inside/Outside i measc ainmneacha riaracháin na hÉireann. Cf. an fhoirmle choitianta Within/Without (m.sh. bf An Fhianait Lasmuigh/Laistigh (#24637) (Ci), bar Na Déise laistigh/lasmuigh den Drom (#251) (PL)).
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1624 |
Rosnaclowatre & Mongaghbegg
|
CPR Leathanach: 586
|
1636 |
Rossnyclanty & Mongaghbegg
|
Inq. Lag. Leathanach: 20 C I
|
1655 |
Ros & Mo
|
|
1655 |
Rosneclony
|
|
1659 |
Rosnaclony
|
Cen. Leathanach: 496
|
1660c |
Mongaghbegg and Rosnaclony
|
BSD (La) Leathanach: 149
|
1667 |
Rossneclony and Monaghbegg
|
ASE Leathanach: 124
|
1685 |
Rosnaclony
|
|
1817 |
Rossneclany
|
CGn. Imleabhar: 712, Leathanach: 129, Leathanach: 487265
|
1838 |
Rossnaclonagh outside
|
BS:AL Leathanach: La047,40
|
1838 |
Rossnaclonagh outside
|
Price, J.P.:AL Leathanach: La047,40
|
1838 |
Rosnacloney
|
Despard:AL Leathanach: La047,40
|
1838 |
Rossnecloney
|
Bar. Cons.:AL Leathanach: La047,40
|
2004 |
rosnəkloːnə
|
|
2004 |
rɑsnəkloːnə
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28539.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML