Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
hut of (the) heap of stones?
Tá bunús an logainm seo éiginnte. Réitíonn an fhoirm mholta Ghaeilge seo leis an bhfoirm a bhreac na sapair san Ainmleabhar, 1838 ‘Bughorn’, de réir mar a thuig Ó Donnabháin an litriú .i. Bu-ghorn agus -gh- ag freagairt don fhoghar /x/. Níl aon tuairisc ar charn a bheith anseo san Fhardal Seandálaíochta, áfach (www.archaeology.ie).
D’fhéadfaí bunús eile a chur san áireamh. Féach fuaimniú 2004 /bəˈgɑːn/ agus tabhair faoi deara gur portach atá sa talamh anseo (www.epa.ie; cf. an mionainm Moanathoo SO thíos). B’fhéidir nach bhfuil sa litriú 1838 ‘Bughorn’ ach iarracht ar bogán “soft ground; little bog” a scríobh, faoi mar a bheadh Bug-horn de réir fhuaimniú Bhéarla thuaisceart Shasana.
Mionainmneacha eile ar an léarscáil:
- Moanathoo SO < Móin (an tSamhaidh?) “the bog(land) (of the sorrel??)” i ndeisceart an bhaile fearainn. Tá an dara heilimint éiginnte ach bheifí ag súil le an tsamhaidh > /əˈtuː/ i gcanúint na háite.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28517.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML