Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Nóta mínithe
- Gaeilge
river-meadow of (the) corner, nook
Baile fearainn mór é seo atá suite taobh thuaidh den Bhearú sa lá atá inniu ann. Féach Coote in 1814 ‘Controversy Land … owing to a controversy that happened between some of the then owners of the then Lordship of Lea … and one of the ancestors of the Marquis of Drogheda about the right of property to the land (namely Ullard and Inchicooly)’ Stat. Surv. I 547. Cf. 1783 ‘Old Course of the Barrow’ Taylor agus 1907c Old Course of the River Barrow SO 25″ ar an teorainn thiar thuaidh.
Mionainmneacha ar an léarscáil:
- Bella Bridge SO 6″, Baylough Br. SO 25″ < Béal Átha (?) “the ford-mouth”, os comhair bf Coolnafeeragh i gContae Chill Dara.
- Scorraus Br. SO 6″, Scaravagh Br. SO 25″ < Scarbhach (??) “shingly (ford)” in iarthuaisceart an bhaile fearainn i dteorainn le bf Doire Liath i gCill Dara (cf. bf Scarbhach (#66618) (Dn). Ní bheifí ag súil le béarlú -bh- láir mar -v- sa chuid seo den tír, áfach — d’fhéadfaí * Scarbháth < scarbh + áth a thuairimiú dá bharr sin. Cf. bf Scarroon i dTigh na hInse.
Bhailigh Liam Price roinnt mionainmneacha anseo nach bhfuil ar an léarscáil SO, mar atá:
3. Coolyeenan < Cúil Fhíonáin (?) “the corner, nook of Fíonán”.
4. Galnagrag < Gabhal na Gráige (?).
5. The Gowlyauns < An Gabhlán “the little (river-)fork”.
6. The Pulliaghs < An Pollach “the place of holes”.
Díol spéise réadú -l- leathan na Gaeilge mar -ly-/-li- /lj/ sa bhéarlú sa dá mhionainm dheireanacha seo (5, 6). Cf. gabhlóg /goulʹoːg/, lán an mhála /lɑːn ə vɑːlʹə/ ag Ó Conchubhair, ‘Focail Ghaedhilge ó Dharmhagh Ua nDuach’ (.i. bf Darú (#27957)) in Éigse V 273.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1575 |
Inchecowill
Ex. Inq. 192 (Eliz. I)
|
JKAS Imleabhar: IV, Leathanach: 339
|
1660c |
Insicolly, Lea &
|
BSD (La) Leathanach: 119
|
1695 |
Inchincooly
|
Inq. Lag. Leathanach: 4 G III
|
1735 |
Inchicooly
|
CGn. Imleabhar: 81.186.56750
|
1783 |
Inchacooly
|
|
1814 |
Inchicooly
|
Par. Stat. Leathanach: 515, 516, 547, Imleabhar: I
|
1838 |
Inchycooly
|
BS:AL Leathanach: La041,26
|
1838 |
Inchacooly
|
H.C. Bog Rep. 1810:AL Leathanach: La041,26
|
1838 |
Inchacooly
|
Evans Map 1782:AL Leathanach: La041,26
|
1838 |
Inchicooly
|
Vestry Bk.:AL Leathanach: La041,26
|
1838 |
Inchincooly
|
Inq. G III:AL Leathanach: La041,26
|
1838 |
Inse an chúile, 'holm of the corner, or angle'
|
OD:AL Leathanach: La041,26
|
1838 |
Inchacooly
|
OD:AL Leathanach: La041,26
|
2005 |
intʃəˈkuːliˑ
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28501.aspxTuilleadh eolais faoin áit seo
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML