Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
corner, nook of (the) boundary?
Tá cur síos ar ghabháltas talún de chuid na bPiogóideach, plandóirí Sasanacha, le fáil in F 1386 (1569) agus go háirithe in CPR 112b–113b (1608) a thugann eolas maith ar theorainneacha na dtailte a bronnadh orthu i nDíseart Aonghais. Is féidir a dhéanamh amach gur bhain an logainm stairiúil 1563 ‘Colkey alias Colenechre’, 1605 ‘Coolekregh’, 1642 ‘Coolcree’, etc., le bf Hophall an lae inniu, mar a chuirtear in úil in 1735 ‘Coulerih alias Hophall’. Tugann tomhas na n-acraí in BSD le fios go mb’fhéidir go raibh bf Coolnacarrick san áireamh freisin ann.
Is cosúil gurbh ionann an 1563 ‘Colkey alias Colenechre’ seo a bhí i seilbh an Phiogóidigh agus an 1549 ‘Cowlkre’, 1551 ‘Cowlkrey’, 1569 ‘Cowlkhre’, srl., a bhain le gabháltas Wise (agus Cosby ina dhiaidh sin) i bhFearann Ó Leathlobhair díreach laistiar. Más ionann ní léir cad ina thaobh go luaitear é sa dá ghabháltas i bhfoinsí comhaimseartha.
Réiteodh cuid mhaith den fhianaise le Cúil Chré “corner, nook of clay, earth”. Ach is dócha gur féidir linn é a ionannú le 1282–83 ‘Culcrithy’ (Inq. PM 2 267) sa chur síos ar thailte mhainéar Dhún Másc, litriú a réiteodh le Cúil Críche “corner, nook of (the) boundary” (in CDI II 467, eagrán eile den téacs céanna, ní thugtar mar léamh anseo ach ‘O . . .’). Tá cuid den bhaile fearainn i dteorainn le barúntacht an tSráidbhaile agus níl sé rófhada ón teorainn idir Fearann Ó Leathlobhair agus Fearann an Phrióra laisteas (cf. cn Crois Uí Dhuibh/Croshy Duff (#1419165)). Féach bf Cúil na Carraige (#28488); cf. bf Ráth Críche (#28200).
Mionainmneacha ar an léarscáil:
Léirítear Toberacullen SO 6ʺ ar thaobh an chnoic ar theorainn theas an bhaile fearainn. Is ionann é seo is 1608 ‘Tubbergillereogh’ sa chur síos ar theorainn thailte an Phiogóidigh (CPR 113a). Tobar an Chuilinn “the well of the holly-tree” atá san ainm déanach, is cosúil, agus Tobar Giolla Riabhaigh “the well of Giolla Riabhach (ainm pearsanta)” atá sa seanainm. (Caolseans go bhfuil gaol idir an dá ainm, áfach, m.sh. gur forbairt é Toberacullen SO ar 1608 leg. ‘Tubbergillenagh’ < An Tobar Cuileannach, Tobar na gCuileannach (?).)Ainmneacha stairiúla:
I dtuaisceart an bhaile fearainn, i dteorainn le bf Doire (#28489), faighimid 1608 ‘Knockanroe’ < An Cnocán Rua “the red hillock” agus 1608 ‘Knockanetritoagh’ < Cnocán (Trí Tuath?) (“hillock of three districts”, b’fhéidir, sa chúinne thiar mar a mbuaileann trí pharóistí le chéile), leirgí thuaidh na talún airde seo. (Pléitear ‘a moor called Monecharin, extending to Knockanetritoagh’ faoi bf Doire (#28489).) Bheadh súil agat gur anseo freisin a bheadh ‘Carigııı ban’ (v.l. ‘van’) le fáil, ainm atá léirithe ar léarscáil 1563c lastuaidh de ‘croche dougā’ (cn Crois Uí Dhuibh/Croshy Duff (#1419165)). Ach chuaigh dínn a leithéid a aimsiú.Cf. bf Baile an Chnocáin (#28495) a thagraíonn do leirg thiar theas na talún airde seo i bpar. Chill Cholmáin Bháin, agus 1608 ‘Knockanemore’ < An Cnocán Mór “the big hillock” ar leirg theas cn Carraig Fhinn (#1417882).
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1282–83 |
Culcrithy
|
Inq. PM 2 Imleabhar: II, Leathanach: 267
|
1549 |
Cowlkre?
extent of ffarryn I llaillor
|
Carrigan MS Imleabhar: 46
|
1551 |
Cowlkrey?
"Henry Wise ... parcel of the lordship of Farryn y liallor, in Leix"
|
F Alt: 716
|
1557c |
Coulecrede?
|
P.R.O.L. Imleabhar: 62/1
|
1563 |
Colkey alias Colenechre
John Pygott of Dissert
|
F Alt: 496
|
1569 |
Cowlkhre?
Francis Cosbie
|
F Alt: 1376
|
1570 |
Cowlkhre?
Francis Cosbye
|
F Alt: 1624
|
1587 |
Colkey alias Colenechre
Rob Pyggotte
|
F Alt: 5047
|
1593 |
Cowlkhre?
Alex. Cosbie
|
F Alt: 5824
|
1605 |
Coolekregh
Wesley prióir Chill Dara
|
Inq. Lag. Alt: 1 J I
|
1607 |
Coolkey al' Cowlechreigh
Piggott
|
Inq. Lag. Alt: 1 J I
|
1608 |
Coolkey otherwise Coolecreighie
Piggott
|
CPR Leathanach: 113
|
1642 |
Colecree
|
|
1642 |
Culcrea
|
|
1659 |
Culecrihy
|
Cen. Leathanach: 497
|
1660c |
Cloghsrigh
Piggott
|
BSD (La) Leathanach: 97
|
1735 |
Coulerih als Hophall
|
CGn. Imleabhar: 84.35.57833
|
1740 |
Coulerih otherwise Hophall
|
CGn. Imleabhar: 102.39.69603
|
1805 |
Coolereagh
sic
|
|
1805 |
Hop Hill
|
|
1838 |
Hop Hall
|
BS:AL Leathanach: E019,1,10
|
1838 |
Hop Hill
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: E019,1,10
|
1838 |
Hop Hall
|
OC:AL Leathanach: E019,1,10
|
2006 |
hopˈhɑːl
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28491.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML