Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
fo-aonaid
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the hermitage
< Díseart Aonghais (#1433)Tá cur síos in www.archaeology.ie ar an láthair eaglasta i ndeisceart an bhaile fearainn seo, a bhí luaite le hAonghas Céile Dé. Féach ainm an pharóiste (#1433).
I lár an bhaile fearainn tá fothracha chaisleán an Phiogóidigh (cf. 1563c ‘C.pigot’ ar shean-léarscáil Cotton), ainmnithe ón bplandóir Sasanach a fuair tailte anseo (cf. inter alia F (Eilíse) 496, CPR 112b). Tá cuntas ag Ó Mealláin ar conas mar ar gabhadh an baile seo i Meán Fómhair na bliana 1646: ‘don Disiort’ an fhoirm den logainm atá aige agus ‘ar in bPicéadach’, ‘in Picéadach’ an leagan Gaeilge a bhí aige ar an sloinne (Ollscoil Chorcaí LS 3 41, 42 ar www.isos.ie).Mionainmneacha:
- I ndeisceart an bhaile fearainn tá cnoc beag aolcharraige darb ainm Carrigmael SO (c. 200m) < An Charraig Mhaol (?) “the bare rock” (‘Karstified limestone bedrock at surface’ ar na cnoic seo go léir www.epa.ie; féach faoi bf Cúil na Carraige (#28488)).
- Ní léir bunús an mhionainm Comorogue SO atá léirithe ar an talamh íseal ag bun na gcnoc in oirdheisceart an bhaile fearainn — Com na Ruag “the hill-recess, hollow of the routs”, b’fhéidir, nó An Chomaróg “the small confluence”?
- Bhailigh Liam Price an mionainm ‘Kyle na Grauawn or Groun’ anseo. D’aithin an Príseach é seo mar thruailliú nó atuiscint ar an logainm stairiúil 1549 ‘Kylnebrone’ Carrigan MS, 1551 ‘Kilnebron’ F, 1557 ‘Kyllebroue’, 1607 ‘Keilnebrone’ Inq. Lag., 1608 ‘Kilnebrone’ CPR 113 < Coill/Cill na Brón “the wood, the church of the quern(-stone)” (?) (féach 1608 ‘Coolkey [.i. oirthear bf Hophall (#28491)] and Kilnebrone’). Cf. an mionainm Kylenabrone i nGleann an Smóil, Co. Bhaile Átha Cliath (#1410944). D'fhéadfaí cill “church; graveyard” a chur san áireamh sa chéad eilimint ós sa chuid thiar theas seo den bhaile fearainn atá seanreilig agus seanteampall an pharóiste.
- Tá Moanavaw Bog SO (#1419171) ar imeall thiar thuaidh an bhaile fearainn.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1541 |
Disert
Neyll O'Lyallorde of
|
F Leathanach: 171
|
1549 |
Disirt
Extent of ffarryn llaillor
|
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 69
|
1551 |
Dysert
|
F Leathanach: 695
|
1557c |
Deserte
|
P.R.O.L. Leathanach: 62/1
|
1563 |
Dissert
|
F Leathanach: 496
|
1563 |
Dyssert alias Diserte
|
F Leathanach: 496
|
1563c |
Disert
|
|
1564c |
diserte
|
|
1567 |
Dysarte-eneys
|
Inq. Lag. Leathanach: 1 Eliz.
|
1570 |
Dysert
|
F Leathanach: 1585
|
1573 |
the Desert
John Barnese
|
F Leathanach: 2345
|
1578 |
Disart
John Barneis, gent
|
F Leathanach: 3235
|
1578 |
Deisert, the
John Barneis, gent
|
F Leathanach: 3453
|
1586 |
Dizarte
Robert, son and heir of John Piggotte
|
F Leathanach: 4921
|
1587 |
Deserte alias Dyserte
Rob Pyggotte
|
F Leathanach: 5047
|
1603 |
Disertenis
|
CPR Leathanach: 8
|
1603 |
the Dysert
|
F Leathanach: 6783
|
1607 |
Desert al' Disert
|
Inq. Lag. Leathanach: 1 J I
|
1607 |
Disert
|
Inq. Lag. Leathanach: 1 J I
|
1607 |
the Disarte
|
Inq. Lag. Leathanach: 1 J I
|
1608 |
Desert otherwise Dysart
|
CPR Leathanach: 112
|
1659 |
The Lordship of Dissert
|
Cen. Leathanach: 497
|
1660c |
Dysert
|
BSD (La) Leathanach: 97
|
1805 |
Dysert
|
|
1838 |
Dysart
|
BS:AL Leathanach: E019,1,9
|
1838 |
Dysert
|
HCSV:AL Leathanach: E019,1,9
|
1838 |
Dysert
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: E019,1,9
|
1838 |
Dysarte-eneys
|
Inq. Eliz. I:AL Leathanach: E019,1,9
|
1838 |
Desert alias Disert
|
Inq. J I:AL Leathanach: E019,1,9
|
1838 |
Díseart, 'a wilderness'
|
OD:AL Leathanach: E019,1,9
|
1838 |
[Dysart]
"…the ruins of Pigot's Castle."
|
Desc. Rem.:AL Leathanach: E019,1,9
|
2004 |
ˈdəisərt
|
|
2006 |
ˈdəisərt
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28490.aspxTuilleadh eolais faoin áit seo
Béaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML