Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Nóta mínithe
- Gaeilge
the town of Aidín
Aidín — ainm pearsanta (< Addin na nAngla-Normannach)Má tá ainm Gaeilge an bhaile fearainn gaolmhar leis an seanainm Béarla a thugtar mar alias air is deacair próiseas gaelaithe (nó béarlaithe) a mhíniú go sásúil.
Molann Dowling ‘Baile Ghéadain, Gaydon’s Land’ go cáiréiseach (JKAS XIII 99). Cf. 1306 ‘Robert Geydon’ a bhí ina ghiúróir ar chás i gCill Dara a phléigh riachtanais an gharda ríoga i gceantar ‘Slefblame’ [.i. Sliabh Bladhma] agus i measc ‘the Irish of Offalia’. Ach bheifí ag súil le *Gáidiún, *Géadún, *Gaighdiún mar ghaelú ar Gaydon < Gaidon na Sean-Fhraincise: cf. 1560c ‘Baile Ghaidhdiún’ sa Leabhar Branach le haghaidh 1540 ‘Gaydonston’, 1549 ‘Gaydoneston’, bf Guidenstown (#25802) i gCill Dara agus féach go mbíonn -ún sa leagan gaelaithe de shloinnte Sean-Fhraincise mar seo, m.sh. Condún < Canton. Fiú má chuirimid i gcás go dtitfeadh an g-tosaigh i léig go hiomlán sa bhéarlú, rud nach mbeifí ag súil leis, féach nach bhfuil aon rian de ghuta fada ná de dhéfhoghar sa chéad siolla ná de -ú- fada sa dara siolla den logainm Gaeilge.
De réir na fianaise mar a thagann anuas chugainn ní féidir an dá ainm a réiteach le chéile go sásúil. Ó réitíonn an chuid is mó de na foirmeacha le logainmneacha eile ina bhfuil an t-ainm pearsanta Aidín le fáil, m.sh. bf Baile Aidín (#10040), bf Garraí Aidín (#9489) i gCorcaigh, bf Bealach Aidín (#45845) i dTiobraid Árann, sin é an cáilitheoir a mholaimid anseo (féach freisin Ó Crualaoich, Logainmneacha na hÉireann IV (LG) s.nn. Ballyeden, Cloheden, Garryvadden (par. Castle Ellis)).
Ainmneacha stairiúla:
Is ionann an Church (in ruins) SO, Grave Yard SO anseo agus an logainm stairiúil 1518 ‘Kylmalahyn 40 acres’ Kildare Rental (cuid de ‘Clankeroll’), 1540c ‘Kylmalaghyn’ Crown Survey, 1575 ‘Killmalahine’ JKAS IV 399, 1617 ‘Kilemalaghine’ Inq. Lag. 6 Jac. I, 1629–44 ‘capella de Killmolahyne’ Dinnseanchas II 31 < Cill Mhaolaithín (?) “the church of Maolaithín (ainm pearsanta)” (mar a mholann Dowling in JKAS XIII 99). Cf. 1160c ‘m. Mael-aithgeain m. Beraich m. Baccain’ i nginealach mhuintir Laoighse laisteas (‘De Genealogia Loíchse Cúile & Réta’ CGH 127a34) agus féach samplaí eile de Maolaithín (< Maol Aithghin) i measc na Laighneach in Leabhar Mór na nGenealach.Áit bheag ab ea ‘Kilemalaghine’ idir bf Graigavern agus bf Ballyteigeduff (féach 1617 ‘a quarter plowland … between … Ballibrittas [a raibh bf Graigavern san áireamh san ionchoisne áirithe seo] and … Balliteighduff’ Inq. Lag. 6 Jac. I (sa leagan fada den ionchoise atá i gcló ag Fitzgerald in JKAS IV), is é sin le rá an chuid thiar thuaidh den bhaile fearainn mar a bhfuil fothracha an teampaill (mar a bhfuil Ballyadding Upper SO). Féach go bhfuil idir ‘Gaidonston alias Balliadine’ agus ‘Killmalahine’ le fáil in ionchoisne 1575 ach ní thugann Fitzgerald aon chomhthéacs (‘the Manor and Lordship of Lea contained the following townlands…’ JKAS IV 339).
In ionchoisne 1617 ba chuid de ghabháltas Eoghain mhic Aodha Uí Dhíomasaigh é ‘Kilemalaghine, a quarter plowland’, ach é i seilbh Roger Palmer (leagan Fitzgerald); níos déanaí sa cháipéis chéanna déanann bean Iarla Chill Dara éileamh ar ‘Ballyodin al’ Boydonstowne’ (clóite), ‘Ballyadin al’ Boydonstowne’ (Fitzgerald) mar chuid de ghabháltas Mhainéar Lé. D’fhéadfadh sé gur nascadh ‘Kilemalaghine … quarter plowland’ le ‘Ballyadin’ nó gur slogadh isteach ann é; ar aon chuma d’úsáidtí an dara hainm sa chóras gallda feasta — féach 1655 ‘Ballyadings’ (cf. Ballyadding Upper, ~ Lower SO) ar léarscail an Down Survey agus léaráid de theampall sa chuid thiar de. Ní dóigh linn go bhfuil aon bhaint teangeolaíochta idir ‘[Kile]malaghine’ agus ‘[Bally]adin’ ach an oiread.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1518 |
Gaydonsland
"Gaydonsland: Gaydonston 20 acres, Clonyn Call 20 acres, Pollagh Balnoy 20 acres, Orchardiston 20 acres."
|
Kildare Rent. Leathanach: 288
|
1518 |
Gaydonston 20 acres
|
Kildare Rent. Leathanach: 288
|
1540c |
villata de Gaydonston 20 acre
|
|
1575 |
Gaidonston alias Balliadine
Ex. Inq. 192 Eliz. I (BÁC)
|
JKAS Imleabhar: IV, Leathanach: 339
|
1575 |
Balliodin, alias Boydonston?
|
JKAS Imleabhar: IV, Leathanach: 339
|
1617 |
Ballyodin al' Boydonstowne?
var. lec. 'Ballyadin' (Fitzgerald)
|
Inq. Lag. Leathanach: 6 J I
|
1655 |
Balliadings
|
|
1659 |
Balleaden, Ballyfubbole &
féach Bellegrove SO
|
Cen. Leathanach: 503
|
1660c |
Ballyadings
|
BSD (La) Leathanach: 118
|
1666 |
Ballyaddins or ing alias Ballyaden alias Eastfield
|
ASE Leathanach: 84
|
1685 |
Balliading
|
|
1695 |
Ballyadin
|
Inq. Lag. Leathanach: 4 G III
|
1695 |
Ballyading al' Ballyadin
|
Inq. Lag. Leathanach: 4 G III
|
1711 |
Ballyadding
|
CGn. Leathanach: 4.40.704
|
1805 |
Ballyadding
|
|
1838 |
Baile Adainn, 'Adding's town'
|
OD:AL Leathanach: La041,4
|
1838 |
Ballyadding
|
OD:AL Leathanach: La041,4
|
1838 |
[Ballyadding]
"…the ruins of a church…"
|
Desc. Rem.:AL Leathanach: La041,4
|
1838 |
Ballyadding
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La041,4
|
1838 |
Ballyadding
|
HCons PR:AL Leathanach: La041,4
|
1838 |
Ballyodin al' Boydonstowne
|
Inq. J I:AL Leathanach: La041,4
|
1838 |
Ballyading al' Ballyadin
|
Inq. G III:AL Leathanach: La041,4
|
1838 |
Ballyadings
[Copy of DS 1758]
|
DS:AL Leathanach: La041,4
|
1838 |
Ballyadding
|
BS:AL Leathanach: La041,4
|
1838 |
Ballyaddin
|
Johnston Map 1826:AL Leathanach: La041,4
|
1838 |
Ballyadding
|
S&V:AL Leathanach: La041,4
|
1838 |
Ballyadden
|
Vestry Bk.:AL Leathanach: La041,4
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28479.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML