Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the bend, curve
Tá bunús an logainm seo éiginnte.
Is ar léarscail Cahill atá an tagairt is sine dá dtagann anuas chugainn le fáil .i. 1805 ‘The Cones’, ainm atá greanta ar bharra cnoic san áit a mbeifí ag súil le sl Bán Riabhach Conga (Baunreaghcong SO) (#28354) .i. an mullach ar imeall theas an bhaile fearainn seo Cones SO. Ach féach an leagan uatha 1821 ‘Cowen’ i Leabhar na nDeachúna.
Éiríonn an Bhearú sa talamh ard thiar. Is é cúrsa cam na habhann a thugann orainn a mheas gur béarlú ar cuan “curve” atá in ainm an bhaile fearainn, mar a mholann an Donnabhánach (cf. FGB s.v. cuan; cf. Ó Crualaoich, Logainmneacha na hÉireann IV (LG) s.nn. Coonoge agus Tincone). Cf. bf An Cuan Beag (#28845) i Sliabh Mairge, atá suite le hais chamas abhann. [D'fhéadfadh cuair i leirg an tsléibhe a bheith i gceist freisin.]
Is cosúil gur sa Bhéarla a tháinig an fhoirm iolra chun solais. Sa lá atá inniu ann, tuigtear The Cones faoi mar a bheadh sé ag tagairt do na mullaigh os cionn an bhaile fearainn seo laisteas (m.sh. O’Hanlon, ‘The lofty line of summits called the Cones extends along the southern boundary [of Rearymore Parish]’ Hist. Queen’s Co. I 306; cf. The Cones marcáilte mar ainm sléibhe, siar ón mbaile fearainn, ar léarscáil Shraith Eolais 54). Ní féidir a chur as an áireamh gur logainm Béarla a bhí ann an chéad lá (cf. an mionainm The Cut SO, a tugadh ar an mbóthar aduaidh trí na sléibhte tamaillín ón áit seo), ach is annamh a leithéid sa cheantar seo. Ná ní heol dúinn aon sampla eile de cone mar ainm cnoic in Éirinn. Ar an láimh eile, féach an béarlú crg Carraig an Chuain > Cone Rock (#1399327), oil Oileán an Chuain > Cone Island (#1399325) i nGaeltacht Mhaigh Eo.
Mionainmneacha ar an léarscáil:
Léirítear Glen Barrow SO san áit a n-éiríonn an abhainn. Gleann Bearú “the glen of (An) B(h)earú” ab ainm don chuid seo den ghleann mar a bhfuil foinse na habhann úd, chomh maith le bf Gleann Bearú (#28544) féin, gan dabht.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1823 |
Cowen and Glanbarrow
|
|
1823 |
Glandbarrow and Cowen
innéacs
|
|
1838 |
Cones
|
BS:AL Leathanach: La054,11
|
1838 |
The Cones
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La054,11
|
1838 |
Na cuain, 'the bends or windings'
|
OD:AL Leathanach: La054,11
|
1838 |
Cones
|
OD:AL Leathanach: La054,11
|
1838 |
[Cones]
"The sources of the Barrow are in the southern part of the townland."
|
Desc. Rem.:AL Leathanach: La054,11
|
1997 |
koːn ˈgap
|
Áit. Uimhir : T895a2, Cainteoir: J & M Connolly
|
1997 |
koːn
|
Áit. Uimhir : T895a1, Cainteoir: C. McEvoy
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28341.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML