Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the town of the mountain
Forbairt chomónta foghraíochta í /tl/ > /kl/ atá le feiscint anseo, m.sh.1549 ‘Ballyntle’, 1601 ‘Ballicle’, 2006 /balinˈkleː/. Cf. bf Tuaim an tSleamháin (#28189). Siolla amháin atá san eilimint deiridh (1549 ‘-tle’, 1607 ‘-clea’, srl.) toisc go ndeachaigh -bh- caol idirghuthach ar ceal. Tá samplaí de seo le fáil ar fud an deiscirt, m.sh. 1622 ‘Ballintlea’ faoi bf Baile an tSléibhe/Ballinclea in oirdheisceart Bhaile Átha Cliath (#57113). Cf. bf Baile an tSléibhe (#28108) i gCuileannach.
Ainmneacha stairiúla:
Is é sliabh atá i gceist sa logainm, is dócha, an talamh ard i dtuaisceart an bhaile fearainn ar a dtugtar 1563c ‘Sleulou’ ar léarscáil Cotton (nach léir a cheartfhoirm Ghaeilge).Mionainmneacha ar an léarscáil:
- Ritheann an bóthar ó Cheatharlach aneas trí bhearna sa sliabh seo ar a dtugtar Windy Gap SO (< * Bearna na Gaoithe, cé nach eol dúinn aon tagairt don fhoirm Ghaeilge seo); cf. bf An Bealach Mór (#28224) “the big way, pass” díreach lastuaidh den bhearna chéanna.
- Níl aon chur síos san Fhardal Seandálaíochta ar Cobbler’s Castle SO, atá léirithe ar léarscáil Noble & Keenan mar ‘Carrickatude or the Cobler's Castle’ i 1752. Deir O’Hanlon gur tógadh an foirgneamh baoise seo ‘on the summit of a remarkable rock, called Carrigatuder … some time during the eighteenth century’ (Hist. Queen’s Co. I 184). Tá ainm Béarla an fhoirgnimh gaolmhar le hainm Gaeilge na carraige féin .i. Carrigatuder SO 6ʺ < Carraig an tSúdaire “the rock of the tanner, cobbler”.
Is cosúil gurb é Gearóid Ó Ceallaigh an t-ainm atá le feiscint in iontráil 1549/1551; cf. an logainm stairiúil Fearann Ó gCeallaigh faoi bharúntacht an tSráidbhaile (#129). Féach, áfach, go bhfuil paróiste seo Bhaile Adaim suite ar imeall thuaidh na seandúiche Uí Bhuí a raibh an sloinne Ó Caollaí luaite go mór leis.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1549 |
Ballenitle
|
|
1549 |
Ballyntle Gerrot I kalle
|
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 66
|
1551 |
Ballyntlegerrott Ikalle
|
F Leathanach: 698
|
1557c |
Ballyntle
|
P.R.O.L. Leathanach: 62/1
|
1578 |
Ballyentle
|
F Leathanach: 3359
|
1601 |
Balleclee
|
F Leathanach: 6578
|
1601 |
Ballicle
|
Inq. Lag. Leathanach: 8 El.
|
1601 |
Ballicle, Monebolly Rathaspick &
|
Inq. Lag. Leathanach: 8 El.
|
1607 |
Ballinclea
|
CPR Leathanach: 111
|
1607 |
Ballentle
|
CPR Leathanach: 116
|
1612 |
Ballentle
|
CPR Leathanach: 202
|
1622 |
Ballintle
|
Inq. Lag. Leathanach: 21 J I
|
1637 |
Ballentlea
|
Inq. Lag. Leathanach: 21 C I
|
1646 |
Ballintle al' Ballentle
|
Inq. Lag. Leathanach: 34 C I
|
1655 |
Ballinclea
|
|
1655 |
Ballintlea
|
|
1659 |
Ballintlea
|
Cen. Leathanach: 501
|
1660c |
Ballintlea
|
BSD (La) Leathanach: 108
|
1685 |
Ballintlea
|
|
1805 |
Ballintley
|
|
1838 |
Ballentley, Ballicle
|
Inq. Eliz. I:AL Leathanach: LA009,2
|
1838 |
Baile an tsléibh, 'town of the mountain'
|
OD:AL Leathanach: LA009,2
|
1838 |
Ballintlea
|
OD:AL Leathanach: LA009,2
|
1838 |
Ballinclea
|
BS:AL Leathanach: LA009,2
|
1838 |
Ballinclea
|
HCons PR:AL Leathanach: LA009,2
|
2006 |
balinˈkleː
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28119.aspxTuilleadh eolais faoin áit seo
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML