Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
fo-aonaid
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
Cúil Bhaile Uí Ógáin
the corner, nook of Baile Uí Ógáin?Tá samplaí den sloinne Hogan i bparóiste Mhainistir Laoise in Griffith’s Valuation. Is cosúil gur cúil “corner, nook” atá sa chéad eilimint ach níl cúl “back( hill)” le cur as an áireamh ach oiread; tá an áit seo suite taobh theas de chnoc 136m; cf. bf An Cúlbhaile (#27990) in Achadh Bhó. (Cf. freisin, b’fhéidir, an mionainm Coolasnathawn SO taobh thiar den chnoc céanna 136m sa bhaile fearainn teorannach bf Ceapach Laichnín nó Cluain Ard (#27918).) D’fhéadfadh sé gur don Baile Uí Ógáin “the town of Ó hÓgáin” céanna seo a thagraíonn na mionainmneacha Clashawolla SO 6ʺ, Clashawalla SO 25ʺ < Clais an Bhaile (?) “the trench of the town” agus Shanavolla SO < An Seanbhaile (?) “the old town” lastoir. Tabhair faoi deara an guta cúnta sa dara hainm díobh seo (cf. bf An Seanbharr (#28340).)
Cuid scartha de pharóiste Mhainistir Laoise é seo. Is minic a fhágtar smut de pharóiste amháin laistigh de pharóiste eile de bharr tranglam stairiúil riaracháin éigin san eaglais (e.g. bf Cill Rois (#27763)). Níl aon tagairt sna foinsí do theampall a bheith anseo, áfach, ná níl aon iarsma dá leithéid le fáil sa bhaile fearainn (www.archaeology.ie). Ní leor d’fhianaise í an fhoirm mhalartach áitiúil 1838 ‘Kyle-’.
Bostún — logainm aistrithe ó Shasana. Féach sampla eile in Uí Fhairchealláin (#27923).
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1838 |
Boston or Coolballyogan
|
Bell, W.:AL Leathanach: F001,1,13
|
1838 |
Boston or Coolballyogan
|
BS:AL Leathanach: F001,1,13
|
1838 |
Boston or Coolballyogan
|
Butler, J.:AL Leathanach: F001,1,13
|
1838 |
Boston or Coolballyogan
|
Edge, J.:AL Leathanach: F001,1,13
|
1838 |
Boston or Coolballyogan school lands
|
Rec. Name:AL Leathanach: F001,1,13
|
1838 |
Boston or Coolballyogan
|
Swan, E. L.:AL Leathanach: F001,1,13
|
1838 |
Boston or Coolballyogan
|
OC:AL Leathanach: F001,1,13
|
1838y |
Cúl bhaile Uí Ogáin, 'O'Hogan's back town'
"'Boston' is a fancy name."
|
OD:AL Leathanach: F001,1,13
|
1838 |
Cúl-bhaile Uí Ógáin, 'O'Hogan's back-town'
|
OD:AL Leathanach: LA014,2
|
1838 |
Boston or Coolballyogan
|
OD:AL Leathanach: LA014,2
|
1838 |
Boston or Coolballyogan
|
BS:AL Leathanach: LA014,2
|
1838 |
Boston or Coolballyogan
|
Coote Map:AL Leathanach: LA014,2
|
1838 |
Boston or Kyleballyogan
|
Inhabs.:AL Leathanach: LA014,2
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/27917.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML