BRABHSÁIL
baile fearainn
Baile Mhaí
ginideach: Bhaile Mhaí
(Gaeilge)
Rush Hall
(Béarla)

Gluais

Béarla townland, town, homestead

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    town of (the) plain?

    Mheas Seosamh Laoide agus Ó Corragáin gur ghiorrú é Baile Mhaí ar sheanainm fada Baile Mhaí Móire “the town of Maigh Mhór [(the) big plain]” agus gurb in an chúis go raibh séimhiú ar thúschonsan an cháilitheora (féach ‘Baile Mhuighe Móire’, Post-sheanchas; 1905 ‘Baile-Mhaighe-Mhóir … Irish speakers in Co. Kilkenny call it Bollia-wee’, History and Antiquities of the Diocese of Ossory II 181). Ach féach nach bhfuil na foirmeacha stairiúla seo in -more le fáil ach i gcáipéisí 1655–1666. Thairis sin, tá sé le tuiscint as na foirmeacha 1666 ‘Ballymoymore’, ‘Ballymoybegg’ in Acts of Settlement and Explanation, gurb amhlaidh gur foranna den bhunainm 1566 ‘Ballewoyve’, 1582 ‘Ballimoy’, atá á chur in iúl le mór agus beag anseo.

    D’fhéadfaí Baile an Mhaí a chur san áireamh mar mhíniú ar an séimhiú seo. Mar is dual d’fhocal a bhí neodrach sa tSean-Ghaeilge (www.dil.ie s.v. mag) tá meascán de magh (fir.) agus magh (bain.) (is coitianta sa logthuiseal maigh) le fáil i logainmneacha, cé gur comónta i bhfad an leagan baininscneach de. Is sa tuaisceart is mó a fhaightear magh (fir.), m.sh. bbf An Magh (Ca; Do; Li; ; ; Mu), ach féach sa deisceart samplaí ar nós bf Magh Glas (#24714) (Ci), bf Bun an Mhaí (#32388) (Lm), bf Áth an Mhaí (#46779) (), bf Cluain an Mhaí (#6191) (Cl). Tá cuma bhaininscneach ar an bhfocal in oirdheisceart Chontae Laoise sa logainm bf Maigh Fhada (#27979) (La 25, 31).

    Tá talamh íseal leibhéalta ag síneadh siar 5km ón mbaile fearainn seo ar gach taobh den Fheoir.

    Téann an t-ainm Béarla siar go dtí lár an 17ú haois nuair a phós Iarla Mhaighean Rátha bean dar sloinne Rush (cf. History and Antiquities of the Diocese of Ossory II 183).

Lárphointe

52.9598, -7.53012domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1566
Ballewoyve
F Leathanach: 897
1582
Ballimoy
F Leathanach: 3928
1591
Ballywoyve
Shane Englishe, Donell Groome McCostogyn
F Leathanach: 5555
1601
Ballevoy
Dermot m'Donell
F Leathanach: 6551
1601
Sengarry
Onora nyne Teige
F Leathanach: 6551
1601
Shangarry
Donogh O Phillan
F Leathanach: 6551
1607
Ballewoy
CPR Leathanach: 111
1655
Ballimoge
DS
1655
Ballymoymore Garrankiell
DS Par. (Reeves)
1655
Garrankiell & c, Ballymoymore
DS Par. (Reeves)
1655
Ballymoye Garrankiell Clartane & Shrangarry
DS (Terr.)
1659
Ballemoy
Cen. Leathanach: 496
1660c
Ballymoymore
BSD (La) Leathanach: 146
1660c
Clartan & Shrangarry
BSD (La) Leathanach: 146
1660c
Garankeill
BSD (La) Leathanach: 146
1666
Ballymoybegg
ASE Leathanach: 76
1666
Ballymoymore
ASE Leathanach: 76
1666
Clarane
ASE Leathanach: 76
1666
Garronkeile
ASE Leathanach: 76
1666
Shangary
ASE Leathanach: 76
1685
Ballimoge
Hib. Del.
1718
Rushall alias Ballymoy
CGn. Imleabhar: 27, Leathanach: 183, Uimhir: 11738
1838
Rush Hall
BS:AL Leathanach: La047,45
1838
Rush Hall
OD:AL Leathanach: La047,45
1905
Bollia-wee
In 16th and 17th century documents, Rushall appears as Ballymoy or Ballyvoy and Ballymoymore, i.e. Baile-Mhaighe-Mhóir ... Irish speakes in Co. Kilkenny call it Bollia-wee
Carrigan Imleabhar: II, Imleabhar: 181

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm