BRABHSÁIL
baile fearainn
Diméin Haywood
ginideach: Dhiméin Haywood
(Gaeilge)
Haywood Demesne
(Béarla)

Ainmneacha eile

Heywood
(Béarla)

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Fágtar Haywood gan aistriú; logainm Sasanach is ea é a chiallaíonn ‘coill imfhálaithe’. Bhí an sloinne a eascraíonn as an logainm céanna le fáil i measc na Sean-Ghall freisin: cf. bf Ballyhade (#25005) (CD 40).

    Ainmneacha stairiúla:
    Is cosúil ar na seanfhoinsí gur anseo a bhí an sruthán 1549 ‘Glaishcroghan’, 1561 ‘brook of Glasshicrohan’. De réir an Chorragánaigh thugadh muintir na háite lena linn idir Deesheen agus Gzheesheen ar an nglaise a ritheann tríd an mbaile fearainn seo aduaidh go dtí Baile na Coille (History and Antiquities of the Diocese of Ossory II 384). Tuairimíonn sé gurb ionann an sruthán seo agus 1546 ‘Glaishcroghan’, srl., agus gur fhoirm dhíspeagtha de críoch “boundary” is bunús leis an ainm. Ach níl an t-ionannú seo cinnte; cuir 1549 ‘Glaishcroghan’ i gcomparáid leis an logainm stairiúil 1150c ‘Cill Crochain i cocrich Laigsi & Ossairgi’ [‘Cill Crochain i gcoigrích Laoise agus Osraí’] i Leabhar Laighean (cf. bf Cill Chrónáin (#27772)).

    Pé ar domhan de, má tá an fhoirm Gzheesheen [< An Grísín (?) cf. abh An Ghrís (CD, CM)] cruinn ag an gCorragánach, díol spéise an fhuaim -zh- < r-caol le fáil i mionainm taobh amuigh d'Osraí — cé go bhfuil an baile fearainn seo díreach lastuaidh de theorainn na dúiche úd dar ndóigh.

Lárphointe

52.881, -7.30019domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1549
Glaishcroghan?
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 54
1561
Glasshicrohan?
The meres of Galleyn, Ownebege (a brook) [= Owenbeg River SO], Barneclohoryg, the brook of Glasshicrohan, Monekillekynon'
F Leathanach: 6786
1805
Heywood
Cahill (La)
1838
Haywood Demesne
BS:AL Leathanach: LA024,19
1838
Heywood
Cramer, J. T.:AL Leathanach: LA024,19
1838
Heywood
Cahill Co. Map:AL Leathanach: LA024,19
1838
Heywood
French, Rev.:AL Leathanach: LA024,19
1838
Haywood Demesne
Johnston, G.:AL Leathanach: LA024,19
1838
Haywood Demesne
Edge, J.:AL Leathanach: LA024,19
1838
Heywood
GJP:AL Leathanach: LA024,19
1838
Haywood Demesne
Bailey, C.:AL Leathanach: LA024,19
2006
ˈheːwəd diˈmeːn
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm