Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
Brí éiginnte.
Ainm a théann i gcosúlacht leis seo ná Cluain idir Dha Lá i gCo. an Chláir. Seo roinnt samplaí Gaeilge den ainm sin: Cluain idir Dha La (bliain 1614, 1618), ... da Ládh (1621), ... Da Ladh (1621), ... dhá Lá (1650, 1654). Tá an chluain úd suite le hais inbhear na Sionainne, idir dhá chrompán / shruthán; bíonn láib ann nuair a thránn an taoide. Measaimid gurb iad an dá chrompán 'an dá lá'. Diol suime go bhfuil Baile an Lá (CC) le hais na Bearú, mar a dtuileann agus mar a dtránn sí. Ba dhóigh linn go bhfaigheadh an focal Sean-Ghaeilge lad (DIL), 'sediment' a bheith i gceist. Is mar ladh a litrítear é sa Nua-Ghaeilge Chlasaiceach (ginideach *ladha?). Raghadh an consan -dh- ar ceal agus thitfeadh an dá ghuta ina chéile.
Pádraig Ó Cearbhaill
Lárphointe
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/27600.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML