Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
Is iad seo a leanas na tagairtí neamhspleácha:
1302 ‘Yoyngiston’ CJR
1518 ‘Yongiston’, ‘Yongeston’ Kild. Rent.
1540 ‘Yongston’ Crown Surv.
1544 ‘Yongeston’ F
1550 ‘Balleyonge’ = 1551 ‘Balleyong’ = 1566 ‘Ballyonge’ = 1597 ‘Balliough’ F = 1612 ‘Balliough’ CPR
1554 ‘Yongeston’ F
1609 ‘Balleyonge’ CPR (iontráil dar dáta 1621 ach ag tagairt do ‘deed dated 20 May 7th’)
1654 ‘Youngstowne’ CS
1659 ‘Youngs towne’ Cen.Tá an pátrún ceannann céanna le braistint i gcás bf Baile an Chrócaigh (#25226) agus bf Baile an Sprotaigh (#24916) sa cheantar seo freisin .i. an logainm Gaeilge le sonrú sna gníomhais ghallda chéanna seo (1550, 1551, 1566, 1597, 1612) ach gan é le fáil in aon áit eile roimhe sin nó ina dhiaidh.
Is beag an seans go raibh leithéid *Baile (an t)Siún(aigh) (< le Jeune) ar an áit seo sa Ghaeilge riamh. Ba dheacair é a réiteach le 1550 ‘Balleyonge’, agus ba dheacair a áiteamh ach an oiread go ndéanfaí dearmhad ar sheanleagan mar sin gur cumadh aistriúchán nua Youngstown > Baile *Young c. 1500 nuair a bhí an Ghaeilge ag fáil an lámh in uachtar. Measaimid dá bharr sin gurb amhlaidh gur réadú cuíosach cruinn ar an logainm Gaeilge atá i 1550 ‘Balleyonge’.
Féach mar sin 1314 ‘Thomas le Yonge’ [Baile Thancaird, CD 38] CJR III 325 agus samplaí eile sa Pháil ar nós 1308 ‘John Yonge’ [BÁC] CJR III 30, 1314 ‘Wy… le Yong’ [TÁ] CJR III 320. Samplaí iadsan ar cinnte nach aistriúchán é ‘young’ ar an mbuafhocal juvenis, jeune, srl., sa bhuntéacs (murab ionann is 1295 ‘Andr. the young’ [CC] CJR I 8, 1299 ‘Will. the young, John the young’ [Lú] CJR I 277, 1314 ‘Simon Young (juvenis)’ CJR III 325 san fhoinse céanna).
Measaimid gur dóichí go gcuireann 1550 ‘Balleyonge’, 1609 ‘Balleyonge’ (le y- /j-/ sa cháilitheoir) leithéid *Baile Ghiong(a) < *Baile an Ghiongaigh */ˌbɑl′ɪˈjoŋ(g)ə/ in iúl. Thuairimeoimis *An Giongach < *(de) G(h)ionga < le Yonge < ȝung an Mheán-Bhéarla. Is é sin le rá, gaelú ar leagan Angla-Normannach de shloinne atá bunaithe ar aidiacht Mheán-Bhéarla, díreach ar aon dul le de Bláca < le Blake < blac MBrl., de Faoite < le Whyte < hwīt MBrl., de Hóra < le Hore < hār MBrl. — murab ionann is de Brún < le Brun, de Paor < le Poer agus de Siún < le Jeune féin atá bunaithe ar aidiachtaí Normannaise. Is cosúil mar sin go bhfuil dul amú ar de Bhulbh an sloinne seo (le) Yonge a cheangal le de Siún < le Jeune scun scan (SGG).
Bheadh cuma neamhghnách ar *(de) G(h)ionga mar leagan gaelaithe de (le) Yonge go cinnte. Ach sin é go díreach an réadú a mbeifí ag súil leis ar ȝung MBrl., ar mhúnla Gíomán (sloinne), gíománach (ainmfhocal) (1542 ‘giomanach’ ALC) < Yeoman < ȝoman MBrl. (cf. 1551 ‘Graigyeman’ COD (#48458) TÁ 49, 1618 ‘Ballingimanigemore’ CPR (#10994) Co 112).
(Féach ‘Youngach’ mar a bheadh gnáthshloinne gaelaithe */joŋ(g)əx/ sa téacs seo a scríobhadh in Oirialla in 1714 ‘…mac Sheóirse Táth do chréachtghoin mílte. … Bráthair gach Táth dá bhfeabhas sa chrích é, / bráthair na mBlácach ’n am cath’ nach gclaonadh, / bráthair na mBealógach ó Dhubhlíce, / bráthair na bhFléamannach éachtach ríthiúil, / bráthair gan gó Mhic Mhathamhna shaoir é, / bráthair na Youngach gan mhearú ina ngníomha … … is Mailí Young an ríoghan aobha’ i gcló sa Clogher Record (1968) 621. Cf. freisin 1836 ‘Yores … Na Yoraigh … Padraic Yore (Patrick Yore)’ LSO (Lú) 172 agus ‘Na Bhárdaigh … An Bhárdach … Mac a’Bhaird’ ibid. 85.)
Bhí an Ghaeilge ábalta ar an bhfoghar seo y- /j/ a láimhseáil gan dabht ach ceist cháiréiseach is ea conas is fearr é a thaispeáint sa litriú oifigiúil den logainm seo idir chamáin. Measaimid gur fearr *Baile an Ghiongaigh/*Baile Ghionga. Chomh maith le gíománach < yeoman thuas, cf. samplaí eile de g-caol < y- /j-/ tosaigh ar nós giosta < yeast, geolta < yawl, giúmar < humour (/ˈjuːmər/).
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1302 |
Yoyngiston
|
CJR Leathanach: I, 371
|
1518 |
Yongeston
|
Kildare Rent. Leathanach: 233
|
1518 |
Yongiston
|
Kildare Rent. Leathanach: 240
|
1540-1541 |
Yongston
|
Crown Surv. Leathanach: 155
|
1540 |
Yongston
|
|
1544 |
Yongeston
|
F Leathanach: 445 Hen
|
1550 |
Balleyonge
|
F Leathanach: 601 Ed
|
1551 |
Balleyong
|
F Leathanach: 806 Ed
|
1554 |
Yongeston
|
F Leathanach: 34 P&M
|
1566 |
Ballyonge
|
F Leathanach: 976
|
1597 |
Balliough
|
F Leathanach: 6115
|
1609 |
Balleyonge and Ardnegross
"By deed dated 20 May 7th [.i. 1609]" an iontráil seo faoin dáta "21 June 19th [.i. 1621]"
|
CPR Leathanach: 504
|
1612 |
Ballioughold
Ballioughold, Graunge [leg. Balliogh, old Graunge]
|
CPR Leathanach: 237
|
1654 |
Youngstowne
|
CS VIII Leathanach: 94
|
1655 |
Yongstowne
|
|
1659 |
Youngs towne
|
Cen. Leathanach: 403
|
1660c |
Whitestowne
|
BSD (CD) Leathanach: 59
|
1660c |
Youngstowne
|
BSD (CD) Leathanach: 59
|
1663 |
Young'stowne
|
Inq. Lag. Leathanach: 6 C II
|
1668 |
Youngstowne, Ardnecrosse & Y.
|
ASE Leathanach: 186
|
1685 |
Youngtowne
|
|
1727-1838 |
Youngstown
|
Longfield: Baronies (CD) 21 F. 35 Leathanach: 21F35(63)
|
1752 |
Youngstown
|
|
1762 |
Youngstown
|
Fontstown Manor Leathanach: 21F12 (1)
|
1778 |
Youngstown
|
T&S Leathanach: 136
|
1783 |
Youngstown
|
|
1806 |
Youngstown
|
Off. West Maps Leathanach: 21F36 (94)
|
1812 |
Young's-town
|
Leet II Leathanach: 263
|
1819 |
Youngstown
|
CGn. Leathanach: 746.308.507843
|
1827 |
Youngstown
|
|
1837 |
Youngstown
|
BS:AL Leathanach: 1,32
|
1837 |
Youngstown
|
Taylor Co. Map 1783:AL Leathanach: 1,32
|
1837 |
Youngstown
|
Noble & Keenan Co. Map:AL Leathanach: 1,32
|
1837 |
Youngstown
|
Stat. Survey (CD):AL Leathanach: 1,32
|
1837 |
Youngstowne
|
DS:AL Leathanach: 1,32
|
1837 |
Young'stowne
|
Inq. C II:AL Leathanach: 1,32
|
1837 |
Youngstown
|
OD:AL Leathanach: 1,32
|
2009-2010 |
ˈjoŋzˌtoun
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/25255.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML