Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
toghroinn
baile fearainn
barúntacht
cnoc nó cnoic
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
toghroinn
baile fearainn
barúntacht
Nóta mínithe
- Gaeilge
the rock of Oisín
Oisín — ainm pearsantaTá an cnoc seo suite idir cn Carraig Fhinn (#1417882) lastoir agus cn Carraig Uilliam (#1417881) laistiar. Chuir Ó Donnabháin suntas sna cnoc-ainmneacha Gaeilge seo a fuair sé ó Laurence (Maoileachlainn) Ó Broin sa bhliain 1837 (LSO Uíbh Fhailí I 56–63) — bhí a fhios aige nach raibh siad ar eolas go háitiúil mar bhí seal maith caite aige i dTeach an Fhraoigh blianta beaga roimhe sin (Ó Muraíle, Léachtaí Cholm Cille XXVII; litir ón Donnabhánach chuig Reeves UCD IVRLA:7253). Ach féach mar sin féin go bhfuil na logainmneacha céanna le fáil ar léarscáil Cahill 1805 .i. ‘Carrig Liem’, ‘Carrig Usheen’, ‘Carriging’.
Díol spéise mar sin nach raibh aon chur amach ag an gCanónach Ó hAnluain ar an ainm seo Carraig Oisín in 1872: deir sé ‘The ancient name of this hill seems lost or unknown. At present it is called Lyons’ Hill, from a gentleman farmer’ (PRIA I series II 145, 146) agus abairt de bhreis ar an méid sin in 1907 ‘Not very long ago, it was called Carter’s Hill’ (Hist. Queen’s Co. I 254). Is deacair é seo a thuiscint is a rá go ndeir sé san áit chéanna gur mhinic a bhíodh sé ag seanchas leis an Donnabhánach faoi na háiteanna anseo timpeall. Féach leis nach raibh O’Hanlon ar an eolas faoin leagan Gaeilge a bhí ag an mBranach ar an uaimh ar Charraig Fhinn, Poll an Stóir (féach #1417882). B’fhéidir nach raibh teacht ag O’Hanlon ar Litreacha Uíbh Fhailí ina bhfuil an t-ábhar seo breactha.
Tagairtí stairiúla
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/1417883.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML