Ordlathas
contae
barúntacht
baile
fo-aonaid
Nóta mínithe
- Gaeilge
the town of the wood
Deir Ó Corragáin ‘Irish speakers in Co. Kilkenny sometimes call Ballinakill, Beoll-aw-na-killa [Béal Átha na Coille], and sometimes Bollia-na-killa [Baile na Coille]. The former … is the more correct form of the name’ (History and Antiquities of the Diocese of Ossory II 394). Ní léir cén t-údarás atá aige an chéad fhoirm a mholadh mar seo; ní réitíonn a dtagann anuas chugainn d’fhianaise stairiúil le béal átha in aon chor. Bhí áth anseo gan amhras (féach History of the Queen’s County I 231–2). Cf. bf Baile Amhlaoibh (#28019).
Mar leis an dara heilimint de, ní féidir na coille “of the wood” a aithint thar na cille “of the church” i bhfoirmeacha béarlaithe. Níl aon dabht ná go raibh an áit seo coillteach, ach féach freisin go bhfuil sé lámh leis an láthair eaglasta ársa bf Cill Chrónáin (#27772). Tugaimid aitheantas anseo don litriú Gaeilge 1646 ‘B. na Coilleadh’ ag Ó Mealláin. (Fianaise indíreach ar son coill b’fhéidir, is ea an nóta eolais a scríobh Laurence (Maoleachlainn) Ó Broin ar a chóip féin de Chín Lae Uí Mhealláin, sa mhéid is nach ndéanann sé aon leasú ar an litriú; cf. Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis II 265.)
Maidir leis an ainm 1549 ‘Clecowrick’, et var., féach bf Cill Chrónáin (#27772).
Lárphointe
Airíonna
Tagairtí stairiúla
1838 |
Ballinakill
|
Bailey, C.:AL Leathanach (AL): LA024,4
|
1838 |
Ballinakill
|
OC:AL Leathanach: LA024,4
|
1838 |
Ballynakill
|
OD:AL Leathanach (AL): LA024,4
|
1838 |
Ballanekilly
|
Ecc. Annals:AL Leathanach: LA024,4
|
1838 |
Balinakill
|
Edge, J.:AL Leathanach: LA024,4
|
1838 |
Ballinakill
|
Johnston, G.:AL Leathanach (AL): LA024,4
|
1838 |
Ballinakill
|
French, Rev.:AL Leathanach: LA024,4
|
1838 |
Ballinakill
|
HCSV:AL Leathanach: LA024,4
|
1838 |
Ballynakill
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach (AL): LA024,4
|
1838 |
Ballinakill
|
Cramer, J. T.:AL Leathanach (AL): LA024,4
|
1838 |
Ballinakill
|
Bar. Cons.:AL Leathanach: LA024,4
|
1838 |
Ballinakill
|
BS:AL Leathanach: LA024,4
|
2006 |
balnəˈkil
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/1413971.aspxTuilleadh eolais faoin áit seo
Béaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML