BRABHSÁIL
ionad daonra
Dál Uí Chathasaigh
ginideach: Dhál Uí Chathasaigh
ainm deimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Dallyhaysy
(Béarla)

Ainmneacha eile

Delahasey
ainm áitiúil (Cad é seo?)
(Béarla)

Gluais

Ó, Uí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Logainm nach aonad riaracháin é Dallyhaysy atá le feiceáil ar an gcéad eagrán de léarscáil Co. Bhaile Átha Cliath a rinne an tSuirbhéireacht Ordanáis sa bhliain 1837 – ar leathanach léarscáile 4 ar scála sé horlaí sa mhíle atá sé. Tá an áit úd le hais Bhaile Brigín, i mbaile fearainn an Bhaile Nua, paróiste dlí Bhaile Scadán, barúntacht Bhaile an Ridire Thoir. Sular foilsíodh léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis, bhí an logainm litrithe ar an tslí chéanna ar léarscáil William Duncan de Co. Bhaile Átha Cliath a foilsíodh sa bhliain 1821. Ba é a scríobh Seán Ó Donnabháin faoi Dallyhaysy in Ainmleabhar Paróiste na Suirbhéireachta Ordanáis (paróiste Bhaile Brigín): ‘I do not know what sort of a name this is’. De réir na dtaifead atá scrúdaithe ag an mBrainse Logainmneacha, níl a leithéid de logainm i gcáipéisí Stáit ón séú agus ón seachtú haois déag, rud a thaispeánfadh nach raibh tábhacht leis an áit an tráth úd.

    Is éard atá sa chuid deireanach de Dallyhaysy, de réir dealraimh, ná foirm Bhéarlaithe de Uí Chathasaigh, ginideach an tsloinne Ó Cathasaigh. Tá nóta mar a leanas a bhaineann le hábhar in Sloinnte Gaedheal is Gall leis an Athair Pádraig de Bhulbh faoi cheann de na teaghlaigh a raibh an sloinne úd orthu: ‘The name of a family in ancient Meath [dúiche Brega > Breá le bheith beacht], who were lords of Saithne, in the north of the present Co. Dublin, until dispossessed by Sir Hugh de Lacy soon after the Anglo-Norman invasion’. Tá foinsí eile ag teacht le cuntas an Bhulbhaigh. Luaitear bás ‘Iomhar Ua Cathasaigh, tighearna na Saithne’ in Annála Rioghachta Éireann cuir i gcás, faoin mbliain 1179. ‘Ríg Saitne’ a tugadh ar an bhfear céanna i ngníomhas Gaeilge ón mbliain 1161 atá caomhnaithe i Leabhar Cheanannais.

    Léiríonn gníomhas Laidine a rinneadh timpeall na bliana 1185 idir Ardeaspag Bhaile Átha Cliath agus prióir Llanthony in Gloucester, i dtaobh chearta eaglasta ‘Terra Ockadesi / Okadesi’ (.i. fearann Uí Chathasaigh), gur i mbarúntachtaí Bhaile Ruairí (> B. an Ridire) i dtuaisceart Co. Bhaile Átha Cliath a bhí dúiche Saithne atá faoi chaibidil. Cuid d’fhearann Uí Chathasaigh ba ea Baile Scadán réamhluaite mar shampla, ar ar tugadh ‘villa Radulfi Passelewe’ sa ghníomhas (féach Calendar of Archbisop Alen’s Register 14-15 agus Crede Mihi 57-8).

    Dealraíonn sé gur coinníodh cuimhne sa logainm Dallyhaysy ar chlann nó ar threabhchas Uí Chathasaigh, ríthe Shaithne go dtí an dara haois déag. Mheas Patrick Archer i leabhar dar teideal Fair Fingall, a foilsíodh i 1975 tar éis a bháis, gurbh éard a bhí sa chéad chuid den logainm ná an focal Gaeilge Dál (a chiallaíonn treibh nó clann). Tá dealramh leis an tuairim sin. Ar a shon sin, de bhrí gur féidir a chruthú go bhfuil bunús seanda lena lán de na pobail a raibh dál orthu (ar nós Dál Riada) – murab ionann is an logainm faoi chaibidil, nach bhfuil ar taifead i gcáipéisí luatha – ní mór amhras a chur sa díorthú seo atá molta i gcomhair Dallyhaysy. Is fiú baile fearainn Dalabrún atá suite i mbarúntacht Bhaile an Ridire Thoir a chur san áireamh chomh maith. Dallabrowne a scríobhadh sa séú haois déag agus is inmheasta gur foirm é den sloinne Angla-Normannach le Brun, cibé brí bheacht a bhí ag tosach an ainm.

  • English

    Dallyhaysy is a non-administrative placename which was included in the first edition of the Ordnance Survey map of Co. Dublin to the scale of six inches to one mile, sheet 4 (surveyed in 1837). It is adjacent to Balbriggan, in the townland of Newtown, civil parish of Balscaddan, barony of Balrothery East. Prior to the Ordnance Survey map, the name appeared in exactly the same manner on William Duncan’s map of Co. Dublin (published in 1821). John O’Donovan commented as follows on Dallyhaysy in the Ordnance Survey Namebook (parish of Balscaddan): ‘I do not know what sort of a name this is’. According to the records examined by the Placenames Branch, such a name is not found in sixteenth and seventeenth century State documents, which would indicate that it wasn’t of significance at that time.

    The final part of Dallyhaysy is in all probability an anglicised form of Uí Chathasaigh, genitive of the surname Ó Cathasaigh. The following relevant note is taken from Rev. Patrick Woulfe’s Sloinnte Gaedheal is Gall regarding one of the families that bore the surname: ‘The name of a family in ancient Meath [in Brega to be more precise], who were lords of Saithne, in the north of the present Co. Dublin, until dispossessed by Sir Hugh de Lacy soon after the Anglo-Norman invasion’. Other sources support the veracity of Woulfe’s account. The death of Iomhar Ua Cathasaigh, tighearna na Saithne (‘lord of the Saithne’) in 1179 is noted in the Annals of the Kingdom of Ireland by the Four Masters for instance. The same individual was referred to as ‘ríg Saitne’ in an Irish charter dated 1161 which was written in the Book of Kells.

    An extant deed in Latin, dated about 1185, between the Archbishop of Dublin and the prior of Llanthony, Gloucester, concerning the ecclesiastical rights of ‘Terra Ockadesi / Okadesi’ (.i.e. the land of Ó Cathasaigh), demonstrates that the territory in question – Saithne – was located in the baronies of Balrothery, in north Co. Dublin. The land of Ó Cathasaigh included the aforementioned Balscaddan for instance, which was named in the deed as ‘villa Radulfi Passelewe’ (see Calendar of Archbisop Alen’s Register 14-15 and Crede Mihi 57-8).

    Therefore the memory of the Ó Cathasaigh family or sept, who were kings of Saithne until the twelfth century, seems to be preserved in the placename Dallyhaysy. Patrick Archer, in a book entitled Fair Fingall, which was published posthumously in 1975, suggested that the first part of the placename corresponded to the Irish word Dál (meaning ‘tribe or sept’). This seems to be a reasonable conjecture. However, as many tribal names containing dál are demonstrably of early formation (such as Dál Riada) – unlike the present name which is not found in early documentation – the suggested derivation of Dallyhaysy remains uncertain. It is also worth considering the townland called Dellabrown which is located in the barony of Balrothery East. It is recorded as Dallabrowne in the sixteenth century—it may be a reflex of the Anglo-Norman surname le Brun, whatever the precise meaning of the intial part may have been.

Lárphointe

53.601, -6.22683domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilte

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm