Ordlathas
contae
cathair
sráid
Sráidainmneacha, ainmneacha bóithre, ainmneacha foirgneamh, srl.
Is iad na húdaráis áitiúla atá freagrach as ceartfhoirmeacha Gaeilge agus Béarla na sráidainmneacha a sholáthar i ngach limistéar. Cuireann an Brainse Logainmneacha comhairle ar fáil do na húdaráis áitiúla ar iarratas. Féach Sráidainmneacha: Treoirlínte agus Sráidainmneacha: Treoirlínte (Achoimre 2022).
Is iondúil go mbíonn an sráidainm Gaeilge ag logainm.ie curtha ar fáil ag an údarás áitiúil cuí agus b’fhéidir go mbeadh sé fós le deimhniú.
Nóta mínithe
- Gaeilge
the mill of the ordure, excrement; the shit (worthless) mill
Díol spéise an logainm seo de bhunús Gaeilge a mhaireachtaint mar shráidainm i lár na cathrach. Mír choitianta dhímholta is ea an chaca “of the excrement” a thagann i gceist i roinnt logainmneacha. Sa Nua-Ghaeilge is ionann é, nach mór, agus na haidiachtaí crap, shit ‘gan aon mhaith’ sa Bhéarla (ghlaoití Séamas an Chaca a chaill Éire ar Shéamas II a chaill Cath na Bóinne, mar a luann Ó Donnabháin faoin logainm bf Táite an Chaca (#40116) i gCo. Mhuineacháin). Uaireanta bhraitheadh muintir na háite go raibh na logainmneacha seo mídheas, gur leasadar an t-ainm (cf. an logainm Béarla Leperstown a hathraíodh go Leopardstown): sampla cáiliúil is ea bf Cnoc an Chaca “the hill of the excrement” (#31782) i gContae Luimnigh, a d’aistrigh muintir na háite go Sugarhill le linn an athrú teangan go Béarla. Tá sampla againn sa Ghaeilge féin, leis: de réir gach dealraimh ba é Log an Chaca “the hollow of the excrement” bunfhoirm an logainm athmhínithe bf Log an Chatha “the hollow of the battle” (#45107) i gCo. Shligigh.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/1382463.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML