Nóta mínithe
- Gaeilge
church of (the) thorn?
Seo ceann de na logainmneacha is sine fianaise sa chontae: féach 722 ‘Cilli delgi’ (gin.). Sampla maith atá anseo, mar sin, ar cill á fhuaimniú le défhoghar sa taobh seo tíre (in ainneoin thuairimiú an Chorragánaigh (1905)). Cf. foirmeacha béarlaithe 1838 in ‘Kyle-’ agus an nóta eolais faoin leagan Gaeilge áitiúil in 1838 ‘cill … ‘i’ as ‘i’ … in English’ (agus an litriú foghrúil Gaeilge 1838 ‘Ceill deilg’ in Ainmleabhar na bParóistí) .i. an défhoghar /~əi/, mar atá san ainm sa lá atá inniu ann (cf. bf Cill Mhaolphóil (#28041)). Díol spéise na foirmeacha ina seasann an dara heilimint gan aicmitheoir, e.g. 1303 ‘Delgy’, 1566 ‘Delge’. Is cosúil go ndearnadh an cáilitheoir seo a atuiscint faoi mar gur logainm ann féin é .i. Deilge “(place of) thorns” (cf. bf Deilge (Co 1) (#10732); bf Deilge Bán (#28030)).
Lárphointe
Nasc buan
https://www.logainm.ie/1373538.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML