Nóta mínithe
- Gaeilge
town of (the) palisade
Cuireadh críoch le lámhscríbhinn leighis anseo sa bhliain 1594: ‘FINIS anni domini .1594. an seachtmadh la do mi Iúin. A mBaile hi Dhiomusaigh .i. a mBaile Briotáis mo log sccribhinn. Agus ó Risdeard mhac Muircheartaigh [.i. Risteard mac Muircheartaigh Ó Conchubhair] fuarus an leabhar as ar sgriobhus, co ccuidhtigh Dia lais é. Misi Eoghan Ua Beitheacain do sgrioph’ (Leabharlann Náisiúnta G 414 lch.473; cf. ‘o Eoghan O mBeitheachain’ lch.493). Tá an tagairt seo pléite ag Nic Dhonnchadha san alt aici ‘The Medical School of Aghmacart’ in Ossory, Laois and Leinster 2 (cf. #1413). Luann sí 1600 ‘Owen O Beaghan, of the Bracklo … chirurgeon’ F 6439, 1602 ‘Owen O Beaghain, of Bracklain … yeoman’ F 6666 (.i. bf An Bhreac-chluain (#28601) in aice Chaisleán Lé). Anuas orthu seo féach go raibh an fo-bhaile Pollach an Bhaile Nua, atá díreach lastuaidh de Bhaile Briotáis, i seilbh ‘Owen O’Beghan’ i 1617 (pléite faoi bf Ráth Mhaoilis (#28293) thíos).
Is féidir glacadh le Baile Uí Dhíomasaigh “the town of Ó Díomasaigh” mar ainm fileata ar phríomhbhaile seo thiarna Chlann Mhaoilíora. Tá cur síos maith san Fhardal Seandálaíochta (www.archaeology.ie) ar iarsmaí Sheanbhaile Briotáis in iarthar an bhaile fearainn agus ar na fadhbanna a bhaineann le suíomh sheanchaisleán Uí Dhíomasaigh a bheachtú. Tá an baile nua féin suite in bf An Tulachán (#28294) lastoir.
Lárphointe
Nasc buan
https://www.logainm.ie/1373491.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML