Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile
fo-aonaid
Ainmneacha eile
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
An Chathair / Caher
the stone ring-fortLuaitear an logainm Dún Iascaig i dtéacs Gaeilge a cumadh sa naoú haois meastar. Ginideach an ainmfhocail iascach is ea an dara focal. Cnuasainm atá ann agus ‘éisc’ is brí leis. (Tabhair faoi deara go bhfuil caisleán meánaoiseach na Cathrach suite cois taobh na Siúire.) Faightear dornán eile tagairtí do Dún Iascaigh (et var.) sa Ghaeilge, ar nós Dún Iasgaigh (1450), Dún Iasccaigh (1581), Dún Iasc agus Dún Iascaigh. I saothar Shéathrúin Céitinn, arbh as an taobh sin tíre dó, atá an dá sholaoid dheiridh. Dealraíonn se gur tógadh cathair (‘fort’) le hais, nó ar láthair, seandúin. Nuair a luaitear an chathair go sonrach, is foirm fhada den logainm is comónta sna téacsanna luatha, idir Ghaeilge agus Laidin, m.sh. Cathair Duine Iascaig (1100c), Cathair Duine hIascaigh (1100c.), Ratherdunesk (leg. K-) (1260), Katherdunesk (1300), Catherdunesqe (1302-6), Cathyrdonyesk (1309), Kahirdunaheascy, Kahyrdunaheascy, Kahirdiynaheascy (1475). Go deimhin, tá foirm fhada an logainm le fáil go rialta ón bhfianaise is sine anuas go dti iontráil an Ainmleabhair, bliain 1840. Seo cuid dá bhfuil againne ón séú haois déag amach, Cathair Duine hIascighe (1516), Chathrach Dúna hIascaigh (ginideach) (1550c.), Cathair Dúna hIasc (1570c.), Cathair Dúine hIasccaigh (1599), Cathair Dhúna hIasc (1760c), Caithir Dhún Íasg (1829), Cathair Dhun Iasca (1840).
Tá fianaise ann leis, go dtugtaí An Chathair ar an áit, beag beann ar Dún Iascaigh. Is i gcáipéisí Laidine atá na samplaí is luaithe den fhoirm ghairid, Cathir (1302-6), le Cather (1305) m.sh. Seo i mo dhiaidh dornán samplaí as téacsanna Gaeilge den fhoirm ghairid, na Cathrach (ginideach) (1550), An Chathair (1570c), ‘ris an gCathair’ (1570c), na Cathrach (ginideach) (1627, filíocht Shéathrúin Céitinn), ‘on gCathair’ (1827, Cinnlae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin). Tá nóta i gceann de Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis, atá comhaimseartha leis na hAinmleabhair (1840), a léiríonn go raibh an fhoirm ghairid in úsáid an tráth úd: ‘The name of this Parish is pronounced in Irish Cathair...The ancient name was Cathair Dhuna Íasca’. Tá an chuma air go bhfuil an ráiteas sin fíor. An fhoirm ghairid amháin a bailíodh ó na cainteoirí deireanacha a raibh Gaeilge óhindhúchas acu in iardheisceart Cho Thiobraid, timpeall 1963. Ba é an dála céanna é i Sliabh gCua, i gCo. Phort Láirge laisteas, triocha bliain roimhe sin. I gcnuasach béaloidis ón cheantar sin a cuireadh i gcló in Béaloideas (1936), is iad na leaganacha a fhaightear ná ‘go dtí an Chathair’, ‘ón Chathair’. Is don fhoirm fhada amháin a thug Seosamh Laoide aitheantas sa dha eagrán dá shaothar Post-Seanchas, Cathair Dúin Iascaigh (1905) agus Cathair Dhúin Iasgaigh (1922). Go deimhin chuir an Laoideach roimhe leaganacha fada logainmneacha a úsáid in ionad na leaganacha gearra.
(P. Ó Cearbhaill)
Lárphointe
Airíonna
Tagairtí stairiúla
850c |
Dún Iascaig
Bruiden Átha hÍ
|
Béal. Imleabhar: 54-5, Leathanach: 7
|
1100c |
Cathair Duine Iascaig, Cathraigh Duine Iascaigh (var. lec.: iascaid, ... iascad Lec. 237 Va 29-30,33; caithir ... iascad, catraig ... iascad BB 376 a 34-35, 38-39)
|
Rennes Dind. Leathanach: 443
|
1100c |
dun iascaig (bunaithe ar dind.)
|
YBL Leathanach: 212 a 11-12
|
1200c |
cathair Duine hIascaigh
|
CAnmann Leathanach: 308
|
1260 |
Ratherdunesk
|
Pont. Hib. Leathanach: II.300
|
1300 |
Katherdunesk
|
CJR Leathanach: 346
|
1302-6 |
Catherdunesqe
|
Pap. Tax. Leathanach: 307
|
1302-6 |
Cathir
|
Pap. Tax. Leathanach: 306
|
1305 |
le Cather
|
CJR Leathanach: 20
|
1308-9 |
Carigisdoese
|
RBO Leathanach: 146
|
1308-9 |
Cathyrdoueske
|
COD Leathanach: I.164
|
1309 |
Cathyrodonysk
|
RPat. Cl. Leathanach: 11
|
1310 |
Catherdunesk
|
RPat. Cl. Leathanach: 15
|
1358 |
Cathir
|
COD Leathanach: II.38
|
1358 |
Cathyrdoueske
|
COD Leathanach: II.42
|
1359 |
Cathirdowiske
|
COD Leathanach: II.31
|
1375 |
Catherdonneske
|
RPat. Cl. Leathanach: 93
|
1389 |
Cathir
|
COD Leathanach: II.134
|
1407 |
Cathyrduueske
|
COD Leathanach: II.280
|
1408c |
Cahirdowneske
|
COD Leathanach: IV.177
|
1421 |
Cathyr
|
CPL Leathanach: VII.165
|
1433 |
Cathyrdoueske
|
COD Leathanach: III.100
|
1449-64 |
I nDún Iasgaigh
|
Marcher Lords Leathanach: 92,I.926
|
1472 |
Cathyr
|
COD Leathanach: III.211
|
1472 |
Cathhyr
|
CPL Imleabhar: XIII, Leathanach: 324
|
1475 |
Kahirdunaheascy, Kahyrdunaheascy, Kahirdiynaheascy
|
CPL Imleabhar: XIII, Leathanach: 407
|
1476 |
Cayrdunhesch
|
CPL Imleabhar: XIII, Leathanach: 509
|
1484 |
Cathar
|
CPL Leathanach: XIV.245
|
1487 |
Cathyr
|
CPL Leathanach: XV.102
|
1488 |
Chatherghoneske
|
CPL Leathanach: XV.148
|
1488/9 |
Kayr
|
CPL Leathanach: XIV.245
|
1494 |
Kahirduneas
|
Ann. Lis. Leathanach: 41
|
1500c |
Care
|
COD Leathanach: IV.344
|
1508 |
Cahir, Charhir
|
COD Leathanach: III.332
|
1516 |
cathair duine-hiascighe
|
AU I Leathanach: III.522
|
1530 |
Cahirdouheske
|
COD Leathanach: IV.136
|
1540 |
Cahyr
|
F Leathanach: 110, 124
|
1541 |
Cahir, Cahir-doneiske
|
F Leathanach: 165
|
1541 |
Care Deneske, Care
|
Ir. Mon. Poss. Leathanach: 331
|
1542 |
Chaier alias Cahirdowneyske
|
F Leathanach: 338
|
1542 |
Cahyr alias Cahirdowneyske
|
COD Leathanach: IV.237
|
1542 |
the Cahir
|
COD Leathanach: IV.212
|
1545 |
Caire
|
COD Leathanach: IV.281
|
1547 |
Cahir
|
COD Leathanach: V.1
|
1548 |
Cahir
|
COD Leathanach: V.3
|
1548 |
Cahir
|
F Leathanach: 187
|
1548 |
Kahir
|
F Leathanach: 188
|
1548 |
Kaher
|
F Leathanach: 203
|
1550c |
Chathrach Dúna hIascaigh (gin.)
|
Sen. Buitlér. Leathanach: 166
|
1550c |
na Cathrach
|
Sen. Buitlér. Leathanach: 162167
|
1557 |
Kahyr
|
F Leathanach: 158
|
1559 |
chathrach Dúine Iasccaigh
|
ARÉ Leathanach: V.1570
|
1561 |
Cahir alias Caredeneske, Care
|
F Leathanach: 391
|
1566 |
Cahier Downhiesk, Cahier
|
F Leathanach: 938
|
1570c |
Cathoir Dúna hIasg (:riasg)
|
Butler Poems Leathanach: 246
|
1570c |
Cathair Dúna hIasc
|
Butler Poems Leathanach: 963
|
1570c |
brugh na Cathrach
|
Butler Poems Leathanach: 561
|
1570c |
an Chathuir
|
Butler Poems Leathanach: 919954956
|
1570c |
an Chathair
|
Butler Poems Leathanach: 923950986
|
1570c |
ris an cCathair
|
Butler Poems Leathanach: 980
|
1570c |
ráth Dúna hIasguigh
|
Butler Poems Leathanach: 928
|
1570c |
Fionnbhruagh ... Dúin an Iasguigh
|
Butler Poems Leathanach: 970
|
1571 |
Cahir alias Cardneske
|
F Leathanach: 1761
|
1576 |
Cahir
|
F Leathanach: 2812
|
1578 |
Cahir alias Cardneske, Care
|
F Leathanach: 3377
|
1581 |
Dún Iasccaigh
|
ARÉ Leathanach: V.1758
|
1583 |
Chaier alias Chaierdowneyske
|
F Leathanach: 4141
|
1583 |
Cairdoneske, Caier
|
F Leathanach: 4168
|
1585-6 |
Cahirdoneask
|
F Leathanach: 4836
|
1587 |
the Abbey of Cahir
|
COD Leathanach: VI.35
|
1588 |
Cahir
|
Inq. Leathanach: I.196, Magrath Vis
|
1589 |
Cahir
|
Inq. Leathanach: I.118
|
1592-3 |
Cahir
|
DSPMcGrath Leathanach: 153
|
1596 |
cathrach dúin iasccaigh
|
ARÉ Leathanach: VI.1996
|
1598 |
Caer
|
Descr. Ir. Leathanach: 215228
|
1598 |
cathrach dhúini iascaigh
|
ARÉ Leathanach: VI.2082
|
1599 |
chathair dúine hiasccaigh
|
ARÉ Leathanach: VI.2114
|
1605 |
Cahir otherwise Cahirdowneske
|
CPR Leathanach: XII.24.53a
|
1607 |
Cahir
|
RVis. (Lis.) Leathanach: 303
|
1607 |
Caher
|
RVis. (Lis.) Leathanach: 323
|
1607 |
Cahir
|
CPR Leathanach: 109a
|
1610 |
Cahere
|
CPR Leathanach: LXVIII.22.174b
|
1615 |
Cahir
|
RVis. (Lis.) Leathanach: 291
|
1615 |
Cahir als Caher-downeskin
|
Inq. Leathanach: I.302
|
1616 |
Cahir
|
CPR Leathanach: 303a
|
1619 |
Cahire
|
CPR Leathanach: XXIII.56.454a
|
1626 |
Dún Iasc
|
Céitinn Leathanach: I.442
|
1627 |
na Cathrach (gin)
|
Céitinn Leathanach: II.15081575
|
1627 |
Dún Iasc
|
Céitinn Leathanach: I.1520
|
1635c |
Dún Iasgaigh
|
FFÉ Leathanach: I.120
|
1635c |
Dún Iasc
|
FFÉ Leathanach: III.262
|
1642 |
Dún Iascaigh
|
Céitinn Leathanach: I.1100
|
1650c |
na Cathrach
|
LM Leathanach: 156291
|
1654 |
Cahyr
|
CS I Leathanach: I.260,349,350
|
1654 |
Cahir
|
CS II Leathanach: II.408
|
1655 |
Cahir
|
|
1659 |
Cahyr
|
Cen. Leathanach: 311
|
1660c |
Cahir
|
BSD Leathanach: 145-148
|
1662 |
Cahir alias Cardunesk
|
Inq. Leathanach: III.325
|
1665-6 |
Cahyr
|
HMR (TÁ) Leathanach: 26
|
1666-7 |
Cahir
|
HMR (TÁ) Leathanach: 85
|
1760c |
Cathair Dhúna hIasc
|
Barántas Leathanach: 105
|
1775 |
Cahier
|
T&S Leathanach: 114
|
1827 |
on cCathair
|
Cinnlae Amhl. Leathanach: I.18
|
1829 |
Caithir Dhún Íasg
|
RIA Leathanach: 23 0 75 (Cat.3557)
|
1840 |
Cahir
|
|
1840 |
cathair dhun iasca
|
|
1840 |
Cathair Dhún iascadh, Cathair 'fortress'
|
|
1840 |
'The name of this Parish is pronounced in Irish Cathair...'
|
LSO (TÁ) Leathanach: 362/130, Nóta: T.O'C., LSO II
|
1936c |
go dtí an Chathair, ó'n Chathair
|
Béal. Leathanach: VI.178
|
1963-4 |
nˈxahirˈ
|
Dinnseanchas Leathanach: I.34
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/1165655.aspxBéaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML