Ordlathas
contae
ionad daonra
fo-aonaid
Nóta mínithe
- Gaeilge
town of —
Níltear cinnte i dtaobh bhunbhrí an dara heilimint Munna. Is é tuairim a nochtaigh Seán Ó Donnabháin, scoláire Gaeilge agus Ceiltise mór le rá a bhí ag obair sa tSuirbhéireacht Ordanáis sa tréimhse 1824–1841 ná ‘This is a family name’ — ní heol dúinn, áfach, cén sloinne é féin.
Mheas Risteárd Ó Foghludha, scoláire eile ar na logainmneacha sa chéad leath den fhichiú haois gurbh é Bealach Munna (‘the way of Munna’, ainm naoimh) a bhí sa treis ach is léir nach Bealach atá sa chéad mhír de réir na fianaise stairiúla, ach Baile [cuid den fhianaise seo le feiscint sa taifead scanaithe]. Ar éigean a gheofaí Baile agus ainm naoimh mar cháilitheoir aige.
Tá caolsheans ann go mb’fhéidir gur ainm pearsanta teibí ón Lochlainnis a bhí i gceist, ach níltear ábalta ar an tuairim seo a dheimhniú go cinnte.
Lárphointe
Nasc buan
https://www.logainm.ie/1165461.aspxTuilleadh eolais faoin áit seo
Béaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML